Lárionad cultúrtha le forbairt i nGaeltacht Chonamara 

Tá an drámadóir Darach Mac Con Iomaire ceaptha mar stiúrthóir cruthaitheach CUAN chun an t-ionad a chur i mbun oibre arís

Lárionad cultúrtha le forbairt i nGaeltacht Chonamara 

Tá lárionad cultúrtha agus comhlacht léiriúcháin á bhforbairt ar an láthair mar a bhfuil stiúideo Cuan ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

CUAN an t-ainm a bheas ar an lárionad ealaíon nua, a sheolfar i mí an Mhárta 2021.

Tá €200,000 geallta ag Údarás na Gaeltachta d’athchóiriú an fhoirgnimh atá suite taobh thiar den cheardlann ceardaíochta ar an Spidéal.

Ceapadh Darach Mac Con Iomaire, scríbhneoir agus léiritheoir, mar stiúrthóir cruthaitheach CUAN i mí an Mhárta chun an t-ionad a chur ar a chosa.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Darach Mac Con Iomaire, go raibh sé ag iarraidh daoine a tharraingt chuig an ionad ealaíon úr agus “go leor imeachtaí” a reáchtáil ann.

“Beidh gigeanna rac, traid agus ócáidí eile á reáchtáil sa lárionad nua agus beidh spás ann chomh maith do léirithe teilifíse agus ceoil.”

Dúirt stiúrthóir cruthaitheach CUAN go raibh “infheistíocht mhór” déanta ag an fhidléir aitheanta Charlie Lennon, duine d’úinéirí stiúideo Cuan, sa lárionad cultúrtha nua agus “súil aige go n-éireoidh go maith leis”.

Darach Mac Con Iomaire. Pic: Seán Ó Mainnín

Mar chuid den obair forbartha beidh “athchóiriú suntasach” á dhéanamh ar an fhoirgneamh agus píosa nua á chur leis.

Cé nach mbeidh an obair athchóirithe críochnaithe go dtí an bhliain seo chugainn, tá tionscnaimh éagsúla ar bun ag lucht CUAN i mbliana, ina measc FÍS, cúrsa do dhéagóirí sna healaíona dúchasacha a reáchtáladh ar líne le gairid.

Tá albam nua á thaifeadadh ag Charlie Lennon faoi láthair, a bheas á chur amach ar lipéad CUAN agus tá scannán á léiriú ag an chomhlacht léiriúcháin CUAN faoi dheartháir Charlie, Ben Lennon, ceoltóir agus bailitheoir ceoil aitheanta a fuair bás i mí Aibreán na bliana seo.

Tá coimisiún bronnta ag lucht CUAN chomh maith ar Johnny Óg Connolly chun píosa ceoil a chumadh faoina athair Johnny Connolly, Rí an Mhileoidin’, a bhásaigh ag deireadh na bliana seo caite. Táthar ag súil an píosa nua ceoil le Johnny Óg Connolly a sheoladh ag ceolchoirm seolta an lárionaid chultúrtha nua mí an Mhárta 2021.

Fág freagra ar 'Lárionad cultúrtha le forbairt i nGaeltacht Chonamara '

  • Féilim O’hAoláin

    Tá sé tharr am go an bhfuil a leithéid á fhorbairt sa gceantar! Iontach ar fad!

  • mairead ni nuadhain

    Aontaím go hiomlán le Féilim ansin. Comhghairdeas Cuan agus Darach Mac Con Iomaire!

  • Sorcha Ní Chéide

    Cuireann sé seo ríméad mór orm!! Comhghairdeas ó chroí le Darach Mac Con Iomaire ina ról nua!