Lár páirce Chiarraí, gaiscígh 2020 i dtrioblóid agus mná na Gaillimhe agus Chill Chainnigh le chéile arís

Is i lár na páirce atá an cheist is mó ag Ciarraí Níl a fhios againn mórán níos mó faoi fhoireann Chiarraí ná mar a bhí ar eolas againn roimh thús na sraithe. Tá cuid de na tosaithe is fearr sa tír acu go fóill agus léirigh an 13-69 a d’aimsigh an fhoireann i gceithre […]

Lár páirce Chiarraí, gaiscígh 2020 i dtrioblóid agus mná na Gaillimhe agus Chill Chainnigh le chéile arís

Is i lár na páirce atá an cheist is mó ag Ciarraí

Níl a fhios againn mórán níos mó faoi fhoireann Chiarraí ná mar a bhí ar eolas againn roimh thús na sraithe.

Tá cuid de na tosaithe is fearr sa tír acu go fóill agus léirigh an 13-69 a d’aimsigh an fhoireann i gceithre chluiche é sin go paiteanta. Bíodh is go bhfuil an chosaint ag dul i bhfeabhas freisin, léirigh na ceithre chúl a scóráil Áth Cliath ina n-aghaidh go bhfuil obair fós le déanamh ag Ciarraí ar an ngné sin den imirt.

Ach seans gurb é an t-ábhar spéise is mó atá ann i mbliana, ná cé a imreoidh i lár na páirce d’fhoireann na Ríochta. Measadh ar feadh i bhfad gurb iad David Moran agus Jack Barry an bheirt is fearr ach ní chuirfeadh sé iontas rómhór ar aon duine mura mbeadh ceachtar den bheirt acu ar an bpáirc ó thús nuair a chuirfidh Ciarraí tús leis an gcraobh faoi cheann coicíse.

Tugadh seans do Dhiarmuid O’Connor dul i gcion ar lucht bainistíochta na Ríochta i rith na sraithe agus is cinnte gur thapaigh sé an deis. Níor thosaigh sé an chéad chluiche in aghaidh na Gaillimhe ach thug O’Connor taispeántais mhaithe uaidh in aghaidh Thír Eoghain, Ros Comáin agus, níos tábhachtaí, in aghaidh Átha Cliath. Tá fear óg Thrá Lí breá láidir agus breá aclaí, tá cumas scórála ann agus ní bhíonn aon eagla air dul ar ruathair chun cinn.

Tá an chuma ar an scéal fiú gurb é O’Connor an chéad rogha d’áit i lár páirce gur idir Moran, Barry agus Adrian Spillane atá sé d’áit taobh leis. D’fhéadfadh Conchúrach eile, Joe O’Connor, a bheith san iomaíocht freisin roimh dheireadh an tsamhraidh. Rinne an t-ógánach ó Aibhistín de Staic go maith nuair a tugadh isteach é le cúpla cluiche anuas.

Corn Tailteann i ndán do sheaimpíní Uladh agus na Mumhan

Imreoidh seaimpíní Uladh agus na Mumhan i Roinn 4 den tSraith Náisiúnta Peile an bhliain seo chugainn agus ísliú céime faighte ag an gCabhán agus Tiobraid Árann an deireadh seachtaine seo.

Tháinig Cill Mhantáin aniar aduaidh ar an gCabhán san Uaimh Dé Sathairn, 3-11 in aghaidh 0-18, a bhuíochas go háirithe do Sheánie Furlong a fuair dhá chúl sa dara leath. Inné, bhí bua cumasach ag an Longfort ar Thiobraid Árann agus seacht bpointe idir na foirne sa deireadh, 1-13 in aghaidh 0-9.

Agus an Cabhán agus Tiobraid Árainn i Roinn 4 don bhliain seo chugainn, fágann sin go bhfuil seans mór ann nach mbeidh seans acu fiú iarracht a dhéanamh gaiscí na bliana seo caite a dhéanamh arís. Shroicheadar babhtaí leathcheannais na hÉireann ach tá Corn Tailteann le tabhairt isteach an bhliain seo chugainn agus sa chomórtas sin a bheidh foirne i Roinn 3 nó 4 na sraithe ag imirt mura n-éiríonn leo cluiche ceannais cúige a bhaint amach.

Cé gur bhuaigh an Cabhán agus Tiobraid Árann Craobhacha Uladh agus na Mumhan anuraidh, níor éirigh leis an dá fhoireann cluichí ceannais a gcúigí a bhaint amach roimhe sin ach faoi dhó ó thús na mílaoise.

An mbeidh tionchar na sraithe le brath ar an gcraobh níos mó ná riamh?

D’fhág an bhearna a bhíodh ann idir deireadh na sraithe agus tús na craoibhe go mbíodh foirne áirithe ag fanacht suas le dhá mhí idir cluichí. D’fhág sin gur beag buntáiste ná spreagadh a bhí le fáil acu sa deireadh as dea-fheachtas sraithe. Ar an taobh eile den scéal, bhí deis ag foirne eile nár éirigh go maith leo sa tsraith dearmad a dhéanamh ar dhrochthaispeántais roimh thús na craoibhe.

Níl an bhearna céanna ama idir na comórtais i mbliana, áfach, agus fágfaidh sin faoi mhíbhuntáiste go leor de na foirne. Tháinig na cluichí go tréan le linn na gcomórtas sraithe i mbliana agus an chuma ar an scéal go bhfuil gortuithe ag cur as do roinnt imreoirí anois dá bharr.

Ceaptar go bhfuil Dún na nGall, Tír Eoghain agus Maigh Eo ar an mbeagán foirne a mbeadh seans acu dúshlán Átha Cliath a thabhairt sa chraobh pheile i mbliana, ach gortaíodh imreoirí mór le rá leo go léir an deireadh seachtaine seo caite.

Tá na Conallaigh ag imirt in aghaidh an Dúin faoi cheann coicíse agus d’admhaigh an bainisteoir Declan Bonner i ndiaidh an chluiche in aghaidh Átha Cliath Dé Sathairn go raibh sé buartha faoin ngortú a bhain d’Odhrán Mac Niallais sa chéad leath.

Gortaíodh Stephen McMenamin freisin sa chluiche, duine de na cosantóirí is fearr ar fhoireann Dhún na nGall. Meastar nach bhfuil seisean chomh dona céanna.

I gcomparáid le Dún na nGall, tá ceithre seachtaine de bhriseadh ag Tír Eoghain ach ní rómhaith a bhí Darragh Canavan ag breathnú nuair a d’fhág sé an imirt i gcoinne Chiarraí ar chairrín. Buille ceart atá ann, go háirithe agus Tír Eoghain ag fanacht ar Chathal McShane filleadh.

I gcás Mhaigh Eo, gortaíodh na deartháireacha O’Connor sa chéad leath in aghaidh an Chláir. Bhí cuma an-bhacach ar Chillian agus é ag fágáil na páirce tar éis dó a 100ú cluiche a imirt d’fhoireann shinsir an chontae agus is cailliúint ollmhór a bheadh ann mura mbeadh aon duine de na ceannairí sin ar fáil do chraobh Chonnacht.

Bhí an fhadhb chéanna san iomáint. Sa chluiche idir Port Láirge agus Tiobraid Árann, baineadh Austin Gleeson, Conor Prunty agus Shane Fives na nDéiseach uile den pháirc agus iad gortaithe agus gortaíodh David McInerney agus Aaron Fitzgerald an Chláir in aghaidh Chill Chainnigh Dé Sathairn.

Orla Cronin agus Emma Helebert. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Gaillimh agus Cill Chainnigh ar ais le chéile sa chamógaíocht

Sa dara cluiche leathcheannais i sraith na camógaíochta, fuair Gaillimh an ceann is fearr ar Chorcaigh i sárchoimhlint inné. Theastaigh am breise nuair a chríochnaigh na foirne ar comhscór tar éis 60 nóiméad. Bhí na scóranna a fuair na Gaillimhigh sa chéad chuid den am breise sin cinniúnach agus bhí bua 1-19 in aghaidh 1-17 acu.

Is le Cill Chainnigh a bheidh siad anois i gcluiche ceannais na sraithe i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo chugainn. D’imir na foirne céanna in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann aimsir na Nollag, mar ar thug na Cait leos an chraobh.

Beidh Gaillimh ag iarraidh díoltas a bhaint amach agus cuirfear leis an ócáid mar go mbeidh cead ag 5,000 duine freastal ar an gcluiche.

Tá Gaillimh agus Cill Chainnigh curtha sa ghrúpa céanna sa chraobh chamógaíochta freisin agus iad i nGrúpa 3 leis An Iarmhí agus An Clár.

Tá Tiobraid Árann, Loch Garman, Luimneach agus Uíbh Fhailí i nGrúpa 1 agus i nGrúpa 2 tá Corcaigh, Port Láirge, Áth Cliath agus An Dún.

Fág freagra ar 'Lár páirce Chiarraí, gaiscígh 2020 i dtrioblóid agus mná na Gaillimhe agus Chill Chainnigh le chéile arís'