Laochra Loch Lao ag féachaint leis an gcumann a ‘bhuanú’ mar chumann lán-Ghaeilge Bhéal Feirste

Reáchtálfar cruinniú an mhí seo chun ‘amharc chun cinn ar a bhféadfaí a dhéanamh’ leis an gcumann lán-Ghaeilge agus é anois deich mbliana ar an bhfód

Laochra Loch Lao
Laochra Loch Lao. Pictiúr: Bríd Nic Suibhne

Beidh Laochra Loch Lao CLG 10 mbliana ar an bhfód i mbliana agus beidh cruinniú á reáchtáil agus an gcumann an mhí seo le “súil siar a chaitheamh ar a bhfuil déanta agus amharc chun cinn ar a bhféadfaí a dhéanamh” sna blianta amach romhainn.

Pléifear ag an gcruinniú an féidearthacht atá ann an cumann a “bhuanú mar chumann iomlán lán-Ghaeilge” i mBéal Feirste.

Bunaíodh an cumann lán-Ghaeilge sa bhliain 2006 mar chuid den fhorbairt a bhí á déanamh ar ‘Ceathrú Ghaeltachta’ Bhéal Feirste le deis a thabhairt do mhuintir na háite a gcuid Gaeilge a úsáid ar bhealach sóisialta.

Tagann an cumann le chéile do Chomórtas Peile na Gaeltachta agus glacann siad páirt i gcomórtais éagsúla i gCathair Bhéal Feirste, ach go dtí seo níor ghlac páirt sna comórtais chontae.

“Bunaíodh Na Gaeil Óga CLG i mBaile Átha Cliath ceithre bliana i ndiaidh don chumann s’againne teacht ar an bhfód agus tá siadsan tar éis bogadh ar aghaidh céim níos faide agus, ar bhealach amháin, níos fearr ná Laochra Loch Lao. Tá siad ag imirt i sraith agus i gcraobh an chontae agus tá ag éirí go maith leo iontu.

“Níl aon rud socraithe go fóill ach díreoidh an cruinniú seo ar na féidearthachtaí atá ann dúinne mar chumann. Ar chóir dúinn dul sa treo céanna leis na Gaeil Óga? Ar chóir dúinn cumann nua a bhunú do dhaoine óga? Pléifear na rudaí sin uilig ag an gcruinniú,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, imreoir de chuid Laochra Loch Lao le Tuairisc.ie.

Tá an cumann ag breathnú ar an gcruinniú seo, agus pé forbairtí a eascróidh as, mar chuid de Chomóradh an Chéid 1916-2016 i gcathair Bhéal Feirste. Luaigh Mac Giolla Bhéin an lámh a bhí ag Joe McElvey, Óglach as Béal Feirste, a bhunaigh Cumann Ó Donnabháin Rossa sa chathair sin i 1916 mar chúis cheiliúrtha freisin.

“Tá Ó Donnabháin Rossa anois ar cheann de na cumainn is mó sa chontae agus sa chathair. Bunaíodh i 1916 é sin, bunaíodh Laochra Loch Lao i 2006, agus mar sin beidh muid ag ceiliúradh an Éirí Amach agus stair CLG sa chathair freisin,” a dúirt sé.

Beidh an cruinniú ar siúl Dé Céadaoin, an 20 Eanáir, sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál ag 19.00. Beidh cruinniú á reáchtáil an oíche chéanna ag 19.30 ag Gaeil na Gaillimhe CLG, grúpa a bhfuil sé de rún acu cumann lán-Ghaeilge a bhunú i gCathair na dTreabh.

Fág freagra ar 'Laochra Loch Lao ag féachaint leis an gcumann a ‘bhuanú’ mar chumann lán-Ghaeilge Bhéal Feirste'