D’fhógair imreoirí mór le rá amhail Karl Lacey, Neil Gallagher, Aidan O’Mahony agus Colm Cooper féin go raibh siad ag éirí as an imirt idirchontae níos luaithe i mbliana, ach ní raibh siadsan ag imirt dá gcontaetha ar chor ar bith in 2017.
Seo thíos foireann de na himreoirí ab fhearr a d’imir i gcraobhacha na bliana seo agus a d’fhógair nach mbeidh siad ag dul chun páirce dá gcontaetha in 2018.
Ken O’Halloran – Corcaigh
Cúl báire Chorcaí le roinnt blianta anuas, d’imir O’Halloran sa chúl d’fhoirne mionúir agus Faoi-21 peile agus iomána an chontae. Bhí sé ar an mbinse i gcluiche ceannais na hÉireann 2010. Ba é a bhí sa chúl nuair a bhuaigh Corcaigh an tsraith in 2012.
Joe McMahon – Tír Eoghain
Fear a d’imir i mbeagnach gach ionad ar an bpáirc do Thír Eoghain. Is sa líne lánchúil a bhí McMahon nuair a bhuaigh sé boinn uile-Éireann in 2005 agus 2008. Bhí sé ag imirt taobh lena dheartháir, Justin, sa chluiche ceannais in 2008.
Justin McMahon – Tír Eoghain
Dála Joe, rinne Justin an cinneadh éirí as an imirt i ndiaidh fheachtas Thír Eoghain i mbliana. Lánchúlaí ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2008, choinnigh sé Kieran Donaghy faoi chois sa chluiche ceannais. Bhuaigh sé gradam All-Star an bhliain chéanna.
Stephen McDonnell – Corcaigh
Bhí sé ina chaptaen ar iománaithe Chorcaí nuair a bhuaigh siad Craobh na Mumhan anuraidh. Bhí sé ina lánchúlaí ar chlé ar an bhfoireann a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann ceithre bliana ó shin. Níl fear Raonaithe an Ghleanna ach 28, mar sin b’fhéidir go bhfeicfí i ngeansaí an chontae arís é.
Brendan Bugler – An Clár
Fear a bhí in ann a fhoireann a ghríosú, bhíodh Bugler lán le fuinneamh ar an gcliathán deas. Dhá ghradam All-Star a thug sé leis, chomh maith le Craobh na hÉireann in 2013.
Patrick Donnellan – An Clár
Cláiríneach eile, ba é Donnellan captaen na foirne nuair a thug an contae Corn Mhic Cárthaigh leo in 2013. Duine de sheanfhondúirí na foirne fiú ag an tráth sin, imreoir stuama i lár na cosanta.
Emmet Bolton – Cill Dara
Chaith Bolton os cionn deich mbliana sa gheansaí bán ag gluaiseacht suas agus anuas ar an gcliathán. Ba í 2010 an bhliain ab fhearr a bhí aige, nuair a ainmníodh é ar fhoireann GPA na bliana agus d’imir sé d’Éirinn sa tSraith Idirnáisiúnta in 2011.
Colin Ryan – An Clár
Duine den cheathrar Cláiríneach ó fhoireann bhuacach 2013 a d’éirigh as i mbliana (Ryan, Bugler, Donnellan agus Darach Honan), bhí ról lárnach ag Ryan sa i ngaisce mór na bliana sin. Ba dheacair aon locht a fháil ar a chuid buillí saora an bhliain uile agus níor éirigh le haon imreoir eile an 70 pointe a scóráil sé a shárú an samhradh sin.
Denis Bastick – Baile Átha Cliath
Fear é Bastick a bhí 28 bliain d’aois nuair a d’imir sé a chéad chluiche craoibhe do Bhaile Átha Cliath, ach d’éirigh leis neart a bhuachan ó shin agus tá cúig bhonn Uile-Éireann tugtha leis aige.
Alan Dillon – Maigh Eo
Fear nach ndearna mórán botún agus an liathróid ina sheilbh aige, d’imir Dillon i sé chluiche ceannais do Mhaigh Eo idir 2004 agus 2017. Ba mhór an mí-ádh a bhí air nár éirigh leis ceann amháin féin acu sin a bhuachan ach is cinnte gur léirigh sé seasmhacht thar na bearta.
Bryan Sheehan – Ciarraí
Peileadóir den seandéanamh, bhí fear Chathair Saidhbhín ar dhuine de na himreoirí ab fhearr a bhí ann i mbun ciceanna saora a thógáil agus stíl álainn aige agus an pheil á lascadh thar an trasnán aige. Cúig bhonn Uile-Éireann a bhuaigh sé le Ciarraí.
Mark Poland – An Dún
Trí shéasúr déag a d’imir Poland leis An Dún, agus ba í an bhuaic dó ná 2010 nuair a chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann. Níorbh é an t-imreoir ba mhó ná ba láidre é ach bhí sé thar a bheith glic.
David ‘Dotsy’ O’Callaghan – Baile Átha Cliath
Fear a bhuaigh Craobhacha Peile agus Iomána Laighean, is mó aithne a bhí ar ‘Dotsy’ mar iománaí le roinnt blianta anuas. Chaith sé ceithre bliana déag ag imirt leis na hiománaithe agus d’éirigh leis craobh an chúige a bhuachan in 2013.
Seán Cavanagh – Tír Eoghain
Fathach fir, bhí Cavanagh ar fhoirne Thír Eoghain a bhuaigh trí Chraobh Uile-Éireann, in 2003, 2005 agus 2008. Roghnaíodh mar pheileadóir na bliana é in 2008 agus beagnach deich mbliana ina dhiaidh sin bhí sé fós ar dhuine de phríomh-imreoirí an chontae.
Niall McNamee – Uíbh Fhailí
Nuair a bhí McNamee i mbarr a mhaitheasa, bhí sé ar dhuine de na tosaithe ba chumasaí in Éirinn. Fuair sé ainmniúchán do ghradam All-Star in 2006, bliain a ndeachaigh Uíbh Fhailí chomh fada le cluiche ceannais Laighean.
Ionadaithe:
Denis Glennon, James Ryan, Darach Honan, Kieran Joyce, Gavin O’Mahony, Cyril Donnellan
Fág freagra ar 'Laochra ar lár – na fir nach bhfeicfimid i ngeansaí an chontae in 2018'