Laoch phróiseas na síochána nochta os comhair na cruinne mar ghiolla Mheiriceá

Ní foláir nó go dtagann an bhail atá ar an Iaráic inniu idir Tony Blair agus codladh na hoíche. Ba cheart go dtiocfadh…

Tony-Blair

Náirithe. Iar-Phríomh-Aire na Breataine, Tony Blair damnaithe ag an bhfiosrú faoi chogadh na hIaráice. Laoch phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann nochta os comhair na cruinne mar ghiolla a bhí ag sodar i ndiaidh Mheiriceá, ag tairiscint tacaíochta do George W Bush beag beann ar fhíricí, ar na Náisiúin Aontaithe agus ar a rialtas féin. Ní mhaithfear do Blair na mílte míle de mhuintir na hIaráice a maraíodh, an 179 saighdiúir as Arm na Breataine a cailleadh agus iarmhairtí uafásacha an chogaidh.

Tá dlíodóirí thar ceann ghaolta na saighdiúirí a cailleadh ag scrúdú an dá mhilliún focal i dtuarascáil Sir John Chilcot féachaint an féidir an dlí a chur ar Tony Blair. Neosfaidh an aimsir.

Táthar ar lorg tacaíochta don líomhain gur chogadh gan bonn an chirt a bhí ann.

Chinn Chilcot nach raibh na bealaí síochánta ar fad ídithe nuair a chuaigh an Ríocht Aontaithe agus Meiriceá chun cogaidh san Iaráic ar mhaithe le hathrú réimis a chur i bhfeidhm, go raibh an cogadh bunaithe ar fhaisnéis lochtach agus nach raibh an phleanáil riachtanach déanta.

“Déarfainn leis gur choirpeach cogaidh é agus chaithfinn seile san éadan air,” arsa fear san Iaráic nuair a d’fhiafraigh iriseoir de cad a déarfadh sé le Tony Blair. Níorbh iontas é sin. Ní foláir nó go dtagann an bhail atá ar an Iaráic inniu idir Tony Blair agus codladh na hoíche. Ba cheart go dtiocfadh.

B’fhurasta freagra an fhir a thuiscint. Cén fáth nach mbeadh fearg air? Hubris is mórtas agus ní dea-chleachtais na polaitíochta faoi ndear cinneadh Blair, agus an chuma ar an scéal go raibh sé ag iarraidh a bheith ina bhoc mór ar an stáitse domhanda. Ach ní fearg ná fuath an freagra ar mhí-iompar iarPhríomh-Aire na Breataine. Níl aon cheist ach go bhfuil sé náirithe. Beidh an smál seo ar a chlú go deo. Thairis sin, seans nach mbeidh sé chomh héasca aige feasta na milliúin a shaothrú as a chuid óráidíochta. Sin pionós d’fhear gur sceith bhéil a dhúil san airgead.

Má bhí sé ciontach as coir, fágaimis é sin faoi na cúirteanna. Tá teaghlaigh na saighdiúirí diongbháilte go gcuirfear an dlí air más féidir.

Sin é an bealach ceart le déileáil leis, ní le glafairt agus achasáin a bhféadfaí míbhrí a bhaint astu.

Tá caint bhladhmannach contúirteach.

Is beag leithscéal a theastaíonn ón antoisceach chun ionsaí a dhéanamh. Gan dabht, tá slándáil  chuimsitheach ag Tony Blair agus a mhuintir agus é sin dlite dóibh. Bheadh súil ag gach duine réasúnta go mbeidís slán.

Ní bhíonn sciath chosanta ag gach polaiteoir áfach mar ba léir ó bhás tragóideach an fheisire Parlaiminte Jo Cox i Yorkshire Shasana agus an t-iliomad polaiteoir a maraíodh le linn na dTrioblóidí. Beagán le cois trí seachtaine ó shin a maraíodh Jo Cox ina toghcheantar. Ní raibh sise freagrach as cogadh ná ár. Ba é a ‘coir’ is cosúil, gur urlabhraí paiseanta ar son na n-inimirceach agus na dteifeach ab ea í.

Tá croitheadh chomh mór sin bainte as an saol polaitiúil ó shin gur ar éigean atá éinne, cé is moite dá muintir, ag tabhairt aird ar an uafás sin anois.

Jo Cox
Jo Cox

Idir Brexit agus dianbhreithiúnas Chilcot ar Tony Blair faoin gcogadh gan bhonn san Iaráic, tá marú Cox imithe as leathanaigh láir na nuachtán, ní áirím na ceannlínte.

Is fiú cuimhneamh ar Jo Cox nuair atáimid ag trácht ar an gcáineadh atá tuillte ag Tony Blair agus an drochmheas atá ar pholaiteoirí go ginearálta. Feiceadh muid an borradh atá faoin ngluaiseacht in aghaidh na bunaíochta i Meiriceá, san Ostair, sa Fhrainc, in iliomad áit eile agus sa bhaile a bheag nó a mhór. Údar imní é go mbeadh drogall ar dhaoine maithe a dhul i ngaobhar na polaitíochta i ngeall ar an gcontúirt agus ar an drochmheas. Ba thrua sin.

Ceird chontúirteach í an pholaitíocht. Tá gá le misneach i bhfianaise riosca don tsábháilteacht agus don ghairm bheatha – níl barántas ar chinnteacht ná seasmhacht i bpost an pholaiteora agus is cúram trom atá i gceist. Is minic a cháinim féin polaiteoirí agus táim meáite de go bhfuil diancháineadh tuillte ag Blair i dtaca le cogadh na hIaráice, ach creidim gur daoine iontaofa, fiúntacha iad formhór mór ár bpolaiteoirí.

Fág freagra ar 'Laoch phróiseas na síochána nochta os comhair na cruinne mar ghiolla Mheiriceá'

  • padraig

    Sea is daoine fiuntacha iad a bhformhor ach cad a imionn orthu nuair a thoghtar chun oifige iad? An ar mhaithe leis an leas coiteann no leo fein a fheidhmionn siad? Feach an fear is ‘cumhtachtai’ ar domhan .i. Obama ag caiseamh a easpa cumhtachta chun uineireacht gunnai a rialu in SAM. Fear a mbionn a choinsias a chra i gconai, mar ata Tony Blair, a gheill do na breaga agus don ollsleacht a leanann iad i gconai san Iaraic mar mhaithe le hairgead? Faust na haoise seo? Ta a lan eile a rinne amhlaidh seachas T B.