Laoch na hÉireann Kellie Harrington ag súil le bua órga

In Airéine Ryōgoku Kokugikan i dTóiceo maidin amárach tabharfaidh Kellie Harrington na hÉireann aghaidh ar Beatriz Ferreira na Brasaíle sa gcomhrac ceannais 60kg

Laoch na hÉireann Kellie Harrington ag súil le bua órga

Kellie Harrington. Pictiúr:INPHO/James Crombie

Beidh Kellie Harrington ag tabhairt faoi ghaisce a dhéanamh i gcró na dornálaíochta maidin amárach agus seans aici a bheith ar an tríú dornálaí as Éirinn a chrochfas bonn óir abhaile ó na Cluichí Oilimpeacha.

In Airéine Ryōgoku Kokugikan i dTóiceo tabharfaidh Kellie Harrington aghaidh ar sheaimpín an domhain, an Brasaíleach Beatriz Ferreira sa gcomhrac ceannais 60kg ag a 6.00 maidin amárach, an Domhnach.

 Sa bhliain 1992 rinne Michael Carruth as Droimeanach i mBaile Átha Cliath gaisce in Barcelona, in 2012 ba í Katie Taylor as Bré i gCill Mhantáin an gaiscíoch a bhí againn i Londain agus níl idir laoch Rae Portland as lár na príomhchathrach ach troid na maidine nó 9 nóiméad go mbeidh bonn óir eile nó bonn airgid aici féin.

Ar ndóigh tá an bonn airgid saothraithe ag bean Bhaile Átha Cliath cheana féin tar éis di an ceann is fearr a fháil ar Sudaporn Seesondee na Téalainne sna babhtaí leathcheannais.

Amárach sa dúshlán ceannais an chéad uair a chasfaidh Kellie Harrington ar Beatriz Ferreira.

 Ní haon dóithín Ferreira, atá ocht mbliana fichead agus a bhí thar cionn ar fad in aghaidh bhean na Fionlainne Mira Potkonen sa dara babhta leathcheannais éadrom-mheáchain.

Ferreira a bhí i gceannas ó buaileadh an chéad chloigín agus thug sí greasáil don Fhionlannach lena deasóg, an dorn is fearr aici ach ní díomhaoin a bhí an chiotóg ach an oiread agus is don Bhrasaíleach a tugadh gach babhta ar na cúig chárta scórála.

Tar éis trí bhabhta, bhí an cinneadh ag brath ar chlár scór na réiteoirí agus thugadar an troid do bhean na Brasaíle d’aon ghuth, 5-0.

Támáilte go maith a thosaigh Kellie Harrington sa gcomhrac leathcheannais inar chloígh sí an Téalannach, ach de réir a chéile ghlac sí ceannas ar an troid agus í deas cruinn lena dorn. 

Breith mhóraimh 3-2 a thug an troid do bhean na hÉireann agus i ndiaidh na troda dúirt sí féin gur gheall le cluiche fichille é ina raibh teaicticí fíorthábhachtach.

 Is í Beatriz Ferreira seaimpín an domhain ag Cumann Dornálaíochta an Domhain (AIBA) faoi láthair agus ní scaoilfidh sí aon cheo bog le Kellie Harrington atá réimnithe sa gcéad áit. Tá an Brasaíleach mná réimnithe sa dara háit, ach is ionsaitheoir ceart críochnaithe í agus caithfidh an bhean s’againne a bheith ar a faichill ón gcéad soicind sa bhfáinne. 

Tá gean na tíre meallta ag Kellie Harrington ó thosaigh na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo lena cumas, a gnaíúlacht, a teacht aniar agus a hionracas.

Bean í seo a léiríonn díocas diongbháilte sa bhfáinne agus a luann nath The Lion King taobh amuigh de.

 Níl duine sa tír seo nach mbeidh ag guí gur ‘Hakuna Matata’, ná bí buartha, a dán maidin amárach i dTóiceo. 

An 11 Nollaig 1989, a rugadh Kellie Harrington agus é scríofa sna réalta gur saighdeoir cliste, cumasach, tuisceanach a bheadh inti.

Tá sí an-dílis dá pobal féin agus an-ghníomhach i gclubanna dornálaíochta do dhaoine óga. In ionad Theagmháil na nÓg a rinne sí an Teastas Sóisearach agus ina dhiaidh sin rinne sí cúrsa Spóirt agus Fóillíochta i gColáiste Íde i bhFionnghlas.

Bhí Harrington fíorbhródúil gur roghnaíodh í féin agus an dornálaí Brendan Irvine le bratach na hÉireann a iompar sa staid Oilimpeach ag searmanas oscailte na gcluichí i dTóiceo.

An chéad dúshlán a bhí le sárú ag an dornálaí óg cead a fháil a ghabháil ag traenáil i gclub dornálaíochta, a deir a máthair Yvonne. “Ní raibh aon chailín sa gclub ach choinnigh sí uirthi ag iarraidh ballraíochta nó go raibh siad tinn di agus scaoileadar isteach sa gclub í,” a deir a máthair.

Is iad a tuismitheoirí atá bródúil as diongbháilteacht agus ceanndánacht a n-iníne inniu.

Mar gheall ar am na troda, dúirt a hathair Christy nach bhféadfaidís fiú breathnú ar an troid san ionad pobail mar go gcaithfí a bheith cúramach faoi chúrsaí sláinte.

“Ba gheall le bheith inár ngasúir arís é agus muid inár suí i lár na hoíche ag breathnú ar Muhammad Ali agus Joe Frazier ach gurbh í Kellie s’againne a bhí sa bhfáinne an oíche cheana,” a dúirt a hathair, a bheidh ag féachaint uirthi maidin amárach ar an teilifís sa mbaile lena bheirt mhac, Aaron agus Joel.

“Is aoibhinn liom mo dheirfiúr a fheiceáil ar an teilifís, meangadh mór uirthi agus í ag baint sásamh ar an gcomhrac. Bónas atá ann gurb iad na Cluichí Oilimpeacha atá i gceist,” a dúirt a deartháir.

Sa seomra ag paidreoireacht a bheidh a máthair Yvonne mar tá sí róneirbhíseach le féachaint ar an troid go dtí go mbeidh sí thart. “Níor dhúirt mé an oiread paidreacha riamh i mo shaol,” a dúirt sí.

Tá an teach clúdaithe le cártaí mórtais is dea-ghuí a rinne na gasúir sa scoil áitiúil don teaghlach.

Fear a bhfuil bród ar leith air é Willie Dowdall a bhí mar thraenálaí aici ina hóige.

“Laoch í Kellie sa gceantar seo. Bean iontach í a dhéanann an t-uafás oibre agus traenála leis an dream óg. Tá siad ar fad ag iarraidh bualadh léi. Is iontach an dea-shampla a thugann sí dóibh,” a dúirt sé.

Tá pobal oirthuaisceart na cathrach ar fad taobh thiar de bhean na háite agus Rae Portland clúdaithe ó bhun go barr le bratacha agus ribíní. Laoch Oilimpeach an cháil atá anois ar an gceantar seachas drochscéalta lucht na coiriúlachta.

Cara de chuid an teaghlaigh, an Comhairleoir neamhspleách Christy Burke, is fearr a chuir síos ar an atmaisféar sa gceantar nuair a dúirt sé go raibh “scamall órga” os cionn an cheantair.

“Tá gliondar croí ar chuile dhuine san áit seo, do Kellie agus dá muintir ar fad. Is maith atá sé tuillte ag Kellie, bean iontach. Déarfainn go mbeidh an-tóir go deo ag cailíní agus mná óga ar an dornálaíocht feasta,” a dúirt an t-iarArd-Mhéara.

D’iarr Burke ar an gComhairle Cathrach na cúig lampa cháiliúla sa gceantar, siombail na cathrach, a lasadh ina honóir.

Tá oifigigh as an gComhairle Cathrach ag caint lena muintir faoi conas mar a chuirfear fáilte chroíúil Dhubhlinneach abhaile go slán sábháilte roimh Kellie, pé acu bonn óir nó airgid Oilimpeach a bheidh faoina muineál aici.

Fág freagra ar 'Laoch na hÉireann Kellie Harrington ag súil le bua órga'