Lán mála eile cúl ag teastáil ón Mhí má tá siad le teacht i bhfoisceacht scread asail d’Áth Cliath

Scóráil an Mhí cúig chúl chun teacht aniar aduaidh ar Áth Cliath i gCraobh Laighean deich mbliana ó shin ach is mór atá athraithe ó shin

Lán mála eile cúl ag teastáil ón Mhí má tá siad le teacht i bhfoisceacht scread asail d’Áth Cliath

Áth Cliath v An Mhí
Páirc an Chrócaigh, 7.00i.n. (Beo ar RTÉ)

Tá slám cúl scóráilte ag an Mhí le cúpla cluiche anuas – seacht gcinn in aghaidh Chill Mhantáin agus cúig cinn eile i gcoinne Chill Dara – ach beidh lán mála eile ag teastáil uathu más leo an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath i gcluiche ceannais Laighean anocht.

Is deacair léamh ar an mbliain a bhí ag foireann na Mí go dtí seo. Feachtas crua a bhí acu sa tsraith agus chaill siad gach cluiche ach, mar sin féin, chruthaigh siad go maith i gcuid mhaith de na cluichí sin.

Ba cheart go dtabharfadh an bua a bhí acu in aghaidh Chill Mhantáin beagán misnigh dóibh ach bhí siad chomh holc sin sa chéad leath in aghaidh Chill Dara an deireadh seachtaine seo caite gur dhúirt an bainisteoir Andy McEntee féin nach raibh a fhios aige cé acu ba mheasa.

Scóráil an Mhí cúig chúl sa dara leath agus thit an tóin as Cill Dara ach déanfar scrios orthu i gcoinne Átha Cliath má bhíonn siad chomh dona agus a bhíodar ar feadh tréimhsí sa chluiche sin.

Seans go mbeidh lucht leanúna na Mí ag iarraidh spreagadh a fháil an tseachtain seo ó chluiche leathcheannais Laighean 2010. Scóráil an Mhí cúig chúl an lá sin agus tháinig aniar aduaidh ar Áth Cliath. Is é sin an t-aon chluiche atá caillte ag fir na príomhchathrach ina gcúige féin ó 2004.

Ní haon ribín réidh foireann seo Átha Cliath a bhualadh. Ní raibh Craobh na hÉireann ar bith buaite ag an bhfoireann siúd deich mbliana ó shin. Is mór atá athraithe ó shin, áfach, agus is fada an lá ó cuireadh aon dua ar Áth Cliath i gcúige Laighean.

Bua aon phointe dhéag a bhí acu ar an Iarmhí agus 22 pointe a bhí le spáráil acu  ar Laois i gcraobh 2020 go dtí seo agus níor cuireadh suntas dá laghad sna buanna sin. Céard eile a mbeifí ag súil leis faoin tráth seo?

Níor thosaigh Brian Howard ná Paul Mannion i gceachtar cluiche, agus sin beirt a bhuaigh gradaim All Star anuraidh. A dhath níor chuir a n-easnamh as d’fhoireann Dessie Farrell.

Níl a fhios againn fós bhfuil Áth Cliath maolaithe aon cheo ó d’fhág Jim Gavin anuraidh nó an amhlaidh go bhfuil siad neartaithe faoin bhfear nua. Seans nach anocht a gheofar freagra na ceiste sin.

Fág freagra ar 'Lán mála eile cúl ag teastáil ón Mhí má tá siad le teacht i bhfoisceacht scread asail d’Áth Cliath'