Láithreoir aitheanta ceaptha ina cathaoirleach ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG

Dhearbhaigh Uachtarán CLG, Larry McCarthy, baill eile an choiste don tréimhse 2021-2024 agus iarpheileadóir Átha Cliath, Sinéad Finnegan, ina measc

Láithreoir aitheanta ceaptha ina cathaoirleach ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG

Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil an láithreoir teilifíse aitheanta Gráinne McElwain ceaptha ina Cathaoirelach ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG.

Is í McElwain a chuir i láthair craoladh Sky Sports ar na cluichí Gaelacha anuraidh agus tá blianta caite aici mar láithreoir agus mar léiritheoir ar chláir spóirt agus obair déanta aici le TG4, RTÉ agus eir Sport.

Is as an Bhoth i gcontae Mhuineacháin ó dhúchais di ach tá McElwain ag cur fúithi i Leitir Móir i gConamara agus í ina ball de chumann Naomh Anna, Leitir Móir.

Tá sí tagtha i gcomharbacht ar Sheosamh Mac Donncha, a bhí mar Chathaoirleach ar an gcoiste idir 2018-2021.

“’Bhí mé ríméadach, bródúil agus an-bhuíoch as an deis a fháil,” a dúirt McElwain le GAA.ie tar éis a ceapacháin.

“Is mór an phribhléid é a bheith mar Chathaoirleach ar an gCoiste seo agus tá mé ag dúil go mór leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus a láidriú sa Chumann ag achan leibhéal agus ceangal níos láidre a dhéanamh le muintir na Gaeilge thar lear, fosta.”

Duirt McElwain gurb í “normálú na Gaeilge” ceann de na spriocanna is mó atá aici don tréimhse a bheidh aici mar Chathaoirleach.

“’Ba bhreá liom é dá mbeadh achan duine sásta cúpla focal a rá. Bheadh sé iontach níos mó Gaeilge a chluinstin agus a fheiceáil sna meáin chraolta náisiúnta, in achan chlub agus in achan chontae ag cruinnithe agus in óráidí.”

Dhearbhaigh Uachtarán CLG, Larry McCarthy, baill eile an choiste don tréimhse 2021-2024, ina measc iarpheileadóir Átha Cliath, Sinéad Finnegan. Bhuaigh Finnegan Craobh Shinsir na hÉireann faoi dhó le mná Átha Cliath agus bronnadh gradam All-Star freisin uirthi.

Baill Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG

Gráinne McElwain, Cumann Naomh Anna, Leitir Móir, Gaillimh

Tomás Ó Cadhla, CLG Dhún na Mainistreach-Baile na Cúirte, Port Láirge

Frainc Mac Cionnaith, Cill Chua, An Dún

Sinéad Ní Fhionnagáin, CLG Fhine Ghalainn, Áth Cliath

Liam Ó Laochdha, CLG Eochaill, Corcaigh

Tricia Ní Chearra, CLG Sheáin Uí Mháirtín, An Dún

Barra Mac Thiarnáin, CLG Chill Tiobraid, Liatroim

Séamus Ó Mídheach, CLG Ard Cloch, Cill Dara

Fág freagra ar 'Láithreoir aitheanta ceaptha ina cathaoirleach ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG'

  • Michael Bharry Ó Flatharta

    Comhghairdeas le Gráinne, is maith an aghaidh uirthi é. Tá bean mhaith curtha i gceannas acu. Nóta beag, is Naomh Anna, Leitir Móir an t-ainm oifigiúil agus ní Naomh Anna.