LÁITHREACH BONN: Is baol don daonlathas agus don tsíocháin an cogadh in aghaidh na fírinne

Taispeánann an cogadh san Úcráin gur tábhachtaí ná riamh aghaidh a thabhairt ar an gcogadh in aghaidh na fírinne

LÁITHREACH BONN: Is baol don daonlathas agus don tsíocháin an cogadh in aghaidh na fírinne

Ní foláir cuimhneamh i gcónaí agus drochfhaisnéis á plé ar na cineálacha éagsúla agus ar a  mbrí, fiú murar léir bearna shoiléir eatarthu:

Bréagnuacht nó ‘fake news’ mar a thugtar air i mBéarla. Scéal nó tuairisc a chumtar agus a scaiptear d’aon ghnó chun cur in aghaidh fíorthuairiscí nuachta.

Bréagaisnéis nó ‘disinformation’ mar a deirtear i mBéarla. Faisnéis agus cam-fhíseáin a chumtar d’aon ghnó chun dallamullóg nó míthreoir a chur ar dhaoine.

Mífhaisnéis nó ‘misinformation’ i mBéarla. Téarma a chlúdaíonn faisnéis nach bhfuil cruinn agus a eisítear d’aon ghnó, go míchúramach nó trí thimpiste.

Baineann teoiricí comhcheilge, séanadh eolaíochta le linn paindéime, séanadh athraithe aeráide agus scaipeadh ráflaí le catagóir amháin thuas ar a laghad. Ní theastaíonn mailís as cuimse chun dochar a dhéanamh. Athsheoltar ábhar scaití ar na meáin shóisialta, ní toisc é a bheith fíor ach toisc é a bheith suimiúil nó áiféiseach, toisc go bhfuil an t-athsheoltóir ag fiafraí de dhaoine eile an bhfuil sé fíor, nó sara léirítear a locht.

Ar an gcéad lá d’ionsaí na Rúise ar an Úcráin mar shampla, thug saighdiúir Úcránach freagra cróga raidió ar iarratas oifigeach loinge ón Rús a mhol dó géilleadh. Faoi cheann cúpla lá, bhí an comhrá cloiste ag daoine ar fud an domhain. Scaipeadh agus seoladh ar aghaidh é ar Twitter agus ar mheáin shóisialta eile mar eiseamláir den chrógacht. Maraíodh an saighdiúir agus dháréag comrádaithe, a dúirt urlabhraí míleata Úcránach, nuair a scaoil long chogaidh Rúiseach sliogáin lena mbunáit ar oileán amach ó chósta na hÚcráine.

Tháinig scéal eile chun solais áfach tar éis cúpla lá. Fuarthas amach nár maraíodh ach gur gabhadh na saighdiúirí go léir agus go raibh siad á gcoinneáil in áit éigin sa Rúis. Sa chás eisceachtúil seo, bhí an fhírinne inste ag an Rúis agus scéal nach raibh ach leathfhírinneach á scaipeadh ar na meáin shóisialta.

Is sampla é scéal na saighdiúirí Úcránacha nár maraíodh den tslí ina leathann scéal míchruinn ar na meáin shóisialta. Bíonn fonn ar ár bhformhór, fiú ar mhórán iriseoirí, scéal nó físeán suimiúil a athsheoladh fiú murar féidir a bheith cinnte go bhfuil sé fírinneach. Sara gcuireann tú an cheist, a léitheoir dhil, níor scaip mé scéal an chomhrá siúd de bharr amhrais.

Is treise an dochar a dhéanann bréagnuacht a chumtar le drochrún agus a scaiptear go míchúramach nó d’aon ghnó. Thaispeáin an tUachtarán Donald Trump, an té is túisce a bhain leas leanúnach as bréaga nó bréagnuacht chun mearbhall a chur ar an bpobal, an díobháil a dhéantar dá dheasca.

Maíonn Trump fós gur “ghoid” Joe Biden an uachtaránacht in 2020 – tuairim nach bhfuil fianaise ar bith ar fáil lena cruthú. Cuirfear córas daonlathach na Stát Aontaithe faoi bhrú as cuimse má dhiúltaíonn Trump nó iarrthóir uachtaránachta eile glacadh le toradh toghcháin amach anseo agus bréagnuacht á húsáid mar thaca lena gcás.

Léiríonn pobalbhreitheanna sna Stáit Aontaithe díobháil eile atá follasach sna Stáit cheana féin. Níor dhúirt ach 29% de na Meiriceánaigh a d’fhreagair ceisteanna ó thaighdeoirí Reuters anuraidh go raibh muinín acu as na meáin chumarsáide.

Taobh amuigh de chorrdhuine sa Rúis b’fhéidir, níor shíl mórán gur ordaigh an tUachtarán Zelensky do mhuintir na hÚcráine éirí as a bheith ag troid in aghaidh na Rúise – mar a ‘dúirt’ sé i mbréagfhíseán tútach a scaipeadh ar líne ar an 16 Márta. 

Is dócha áfach gur threisigh bréagnuacht dá leithéid an t-amhras a tháinig ar dhaoine eile nuair a eisíodh físeáin d’fhíor-ráitis Zelensky.

Bíonn cam-inseacht ar scéalta ón Úcráin sa chuid is mó de na míreanna a eisíonn aonad seiceála fíricí sa Rúis ach craoltar iad chomh maith le míreanna eile a léiríonn fíor-mhíchruinneas. Ní doiligh toradh na healaíne seo a thuar: fiú mura gcreideann an lucht féachana gach mír a fheiceann siad, ní féidir leo a bheith cinnte céard atá fíor agus céard atá bréagach.

Oireann an mearbhall agus an mhímhuinín a spreagann lúbadh seo na fírinne do dheachtóir ar nós Putin ach lagaíonn a leithéid an chomhthuiscint agus an chomh-mhuinín ar a mbraitheann tíortha daonlathacha.

Tá dlús á chur faoi láthair le beartais Eorpacha a dhíreoidh, ní hamháin ar bhréagnuacht pholaitiúil, ach ar ghnéithe eile den dainséar a bhaineann le scaipeadh faisnéise atá lochtach nó contúirteach ar bhealaí éagsúla eile.

Cuirfidh reachtaíocht Eorpach nua a bheidh i bhfeidhm ón gcéad lá de 2023 iachall ar chomhlachtaí agus ar rialtais déileáil ar dhóigh níos déine le hábhar atá bréagach, bagrach nó dainséarach. Dúirt uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen agus an reachtaíocht á fógairt aici ar an 23 Aibreán go gcuirfear prionsabal i bhfeidhm faoina mbeidh gach rud atá mídhleathach as líne mídhleathach ar líne feasta. Ceadófar fíneálacha nó cosc ar chomhlachtaí a sháraíonn na rialacha.

Cuirfidh an reachtaíocht dualgais agus brú sa bhreis ar an rialtas agus ar an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí Helen Dixon toisc gur in Éirinn atá formhór a gceanncheathrúna Eorpacha ag Google, Twitter, Facebook (nó Meta mar a thugtar anois ar an gcomhlacht) agus ag mórcomhlachtaí teicneolaíochta eile. 

Neosfaidh an aimsir cé mar a chloífidh úinéir nua Twitter Elon Musk, a deir go bhfuil sé i bhfabhar cead cainte ar líne gan teora, beagnach, le srianta an AE.

Gan amhras tá féidearthacht dhainséarach ag bagairt, is é sin go gcuirfeadh rialáil nó cinsireacht na n-údarás srian iomarcach ar chead cainte agus ar chearta na duine. Sa ghearrthéarma áfach tá ceacht á theagasc agus riachtanas práinneach á léiriú ag Vladimir Putin.

Rinne ‘an cogadh in aghaidh na fírinne’ dochar i ngach tír san Eoraip nuair a bhí síocháin i réim. Ó thosaigh cogadh míleata na Rúise san Úcráin is treise an dainséar atá ag bagairt ar gach tír a sheasann gualainn ar ghualainn mar is cóir le muintir na hÚcráine.

Is iriseoir agus craoltóir é Cathal Mac Coille. Colúnaí é le Tuairisc. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Is baol don daonlathas agus don tsíocháin an cogadh in aghaidh na fírinne'

  • Pól Ó Braoin

    Ceacht an lae do gach scoil sa tír. Cuirtear ar an siollabas é!