LÁITHREACH BONN: An Ísiltír agus an aeráid: rialtas ag tarraingt na gcos, cásanna cúirte cinniúnacha, pobal scoilte

Agus cónaí ar nach mór ceithre mhilliún duine faoi bhun leibhéal na farraige san Ísiltír shílfeá go dtabharfadh an rialtas tús áite do chúrsaí aeráide le fada an lá, ach b’éigean d’eagraíochtaí timpeallachta an dlí a chur ar an stát le go spreagfaí an rialtas i mbun gnímh

LÁITHREACH BONN: An Ísiltír agus an aeráid: rialtas ag tarraingt na gcos, cásanna cúirte cinniúnacha, pobal scoilte

Is minic a luaitear an Ísiltír i gcomhráite faoin athrú aeráide.

‘An Tír Fothoinn’ a thugann roinnt Gael ar mo thírín dúchais nuair a bhíonn siad ag iarraidh a bheith barrúil, agus ar ndóigh tá fírinne áirithe leis sin: tá cónaí ar nach mór ceithre  mhilliún duine faoi bhun leibhéal na farraige san Ísiltír. I méid a bheidh an líon sin ag dul – fiú má bhítear in ann srian a chur le téamh an domhain sa chaoi is nach n-ardóidh leibhéal na farraige mórán.

Shílfeá, mar sin, go mbeadh áit lárnach ag cúrsaí aeráide i gclár rialtas na hÍsiltíre le fada an lá. Ach ar an drochuair, ní bhíodh. Go deimhin, tá leibhéal na n-astaíochtaí CO2 in aghaidh gach duine den daonra san Ísiltír i bhfad níos airde ná sna tíortha máguaird. Agus gach seans go leanfadh comhrialtais nualiobrálacha an phríomh-aire Mark Rutte, atá i gcumhacht ó bhí 2010 ann, ar aghaidh ag tarraingt na gcos maidir le ceist sin na n-astaíochtaí CO2 murach gur chuir an eagraíocht timpeallachta Urgenda an dlí ar an stát sa bhliain 2013.

Sa chás cúirte cinniúnach sin, d’éiligh Urgenda go gcloífeadh an stát lena spriocanna féin aschur na ngásanna is cúis le téamh an domhain a laghdú – rud nach raibh á dhéanamh. An argóint a bhí ag an eagraíocht timpeallachta ná go mbeadh cearta daonna bunúsacha mhuintir na tíre á gcur i mbaol ag an stát mura gcloífeadh an stát lena gheallúintí féin. Chuaigh an cás ar aghaidh go dtí an Chúirt Uachtarach in 2019 agus ag Urgenda a bhí an bua.

Bua stairiúil a bhí ann, óir ba é sin an chéad uair i stair dhlí an domhain gur ghlac cúirt leis an bprionsabal go bhfuil cearta daonna á sárú ag stát mura ndéanann an stát sin a bhfuil ar a chumas chun an pobal a chosaint ó thionchar athrú na haeráide. Fasach fíorthábhachtach sa cheartas aeráide idirnáisiúnta, i bhfocail eile.

Bhain cinneadh na Cúirte Uachtaraí creathadh as an rialtas sa Háig. In iarracht cloí leis na spriocanna a bhí leagtha síos chun na hastaíochtaí CO2 a laghdú, b’éigean stop a chur, thar oíche, le hoibreacha móra infreastruchtúir – tograí tithíochta a bhfuil géarghá leo ina measc. Inniu, dhá bhliain níos déanaí, tá todhchaí go leor de na tograí sin fós idir dhá cheann na meá.

Bhain cinneadh na Cúirte Uachtaraí siar, ní hamháin as an rialtas, ach as cuid mhór den phobal féin. Measann go leor Ísiltíreach nár chóir tús áite a thabhairt do laghdú na n-astaíochtaí CO2 thar rud chomh tábhachtach le tithíocht, agus tá fearg mhór mhillteanach ar fheirmeoirí beithíoch de bharr na srianta móra atá á gcur ar an earnáil sin.

Sa bhliain chinniúnach chéanna úd, 2019, thóg seacht gcinn d’eagraíochtaí timpeallachta eile cás cúirte i gcoinne an mhórchomhlachta ola ón Ísiltír agus ón mBreatain, Royal Dutch Shell, maidir lena gcuid astaíochtaí CO2 siúd. Tá Shell ar an seachtú comhlacht is mó ar domhan ó thaobh astaíochtaí CO2 de. I mí Bealtaine na bliana seo, chinn cúirt dúiche sa Háig go gcaithfidh laghdú 45% a theacht ar astaíochtaí CO2 Shell faoin mbliain 2030 (i gcomparáid leis an mbliain 2019), laghdú a bhfuil gá leis má tá na spriocanna a aontaíodh ag Conradh Aeráide Pháras le baint amach. Fasach tábhachtach eile sa cheartas aeráide idirnáisiúnta a bhí ann: ba é an chéad uair é i stair na cruinne gur rialaigh cúirt go bhfuil freagracht ar ollchomhlacht príobháideach as athrú na haeráide.

An mhí seo caite, leathbhliain tar éis rialú na cúirte, d’fhógair Shell nach bhfuil siad ag iarraidh a bheith ‘Royal Dutch’ níos mó agus gur sa Bhreatain amháin a bheidh an comhlacht lonnaithe feasta. Cúrsaí riaracháin, a dúirt an comhlacht, ba chúis lena gcinneadh.

Agus an t-alt seo á scríobh, tá cás aeráide fíorshuimiúil eile á réiteach san Ísiltír. Tá comhghuaillíocht d’eagraíochtaí timpeallachta agus daoine aonair ag iarraidh cás a thógáil i gcoinne Tata Steel, ollchomhlacht ón India, ar leo le roinnt bhlianta anuas, na seanoibreacha cruach atá lonnaithe ar bhruach na Mara Thuaidh, siar ó thuaidh as Amsterdam. Séideann Tata Steel níos mó CO2 san aer ná aon chomhlacht príobháideach eile san Ísiltír – níos mó ná scaglanna ola Shell féin.

Is baolach nach CO2 amháin a shéideann Tata Steel san aer ach go leor deannaigh cháithnínigh agus substaintí nimhneacha eile, leis. Is agamsa atá a fhios: d’fhás mé aníos i bhfoisceacht scread asail de Tata Steel (nó ‘faoi dheatach na n-oibreacha cruach’ mar a deirimid go háitiúil.) Nuair a shéideann an ghaoth aniar aneas – mar a dhéanann go hiondúil – bíonn an deannach cáithníneach sin ar na fuinneoga, ar na braillíní bána ar an líne, agus ar an leitís sa gharraí. Léiríonn taighde go bhfuil ailse sna scamhóga 50 faoin gcéad níos coitianta i gcuid de na bailte máguaird ná san Ísiltír i gcoitinne.

Shílfeá mar sin go dtacódh muintir an cheantair ina bhfuil Tata Steel lonnaithe – an IJmond – go fonnmhar leis an gcás cúirte atá á réiteach i gcoinne an chomhlachta ón India. A mhalairt atá fíor. Dúnadh na n-oibreacha cruach an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an gcás cúirte, agus leis sin bheadh, ní hamháin na mílte post, ach féiniúlacht an cheantair, i mbaol.

Nuair a bhí mé sa bhaile in Earrach na bliana seo, chonaic mé le mo dhá shúil féin go bhfuil scoilt ag teacht chun cinn sa phobal áitiúil. Daoine ag tacú leis an gcás cúirte i gcoinne Tata Steel agus daoine eile glan ina choinne; léirsithe i lár an bhaile, gaolta ag argóint eatarthu féin. Ach is dócha nach bhfuil sa scoilt i bpobal mo cheantair dhúchais féin ach léiriú, ar scála beag, den deighilt atá le tabhairt faoi deara san Ísiltír i gcoitinne maidir le ceisteanna timpeallachta agus aeráide: cuid den tír ina veigeáin mhíleatacha, cuid eile agus veisteanna buí orthu ar mhuin tarracóirí ag déanamh ionradh ar thithe an rialtais sa Háig, agus an chuid eile den tír idir eatarthu, ag tabhairt amach ar na meáin shóisialta faoin éadulaingt ghinearálta.

Is iriseoir agus scríbhneoir as an Ísiltír é Alex Hijmans. Tá sé ina chónaí sa Bhrasaíl. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: An Ísiltír agus an aeráid: rialtas ag tarraingt na gcos, cásanna cúirte cinniúnacha, pobal scoilte'

  • Derry

    Scoilt & deighilt, sa chás seo: níos láidre anois na mar a bhíodar roimhe seo?