‘Laigí suntasacha’ ann maidir leis an tslí a chaitear airgead an cháiníocóra – Cathaoirleach PAC

Beidh an an Coiste um Chuntais Phoiblí ag scrúdú ceisteanna tromhchúiseacha éagsúla i bhfianaise thuarascáil an Ard-Reachtaire

‘Laigí suntasacha’ ann maidir leis an tslí a chaitear airgead an cháiníocóra – Cathaoirleach PAC

Léiríonn Tuarascáil Bhliantúil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bhfuil “laigí suntasacha” ann maidir leis an tslí a chaitear airgead an cháiníocóra, dar le Cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí, Seán Fleming.

Thug Cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí le fios inniu go mbeadh an coiste ag scrúdú ceisteanna tromhchúiseacha éagsúla i bhfianaise thuarascáil an Ard-Reachtaire. I measc na n-ábhar a bheidh á scrúdú, beidh an €2 billiún a fhaigheann na húdaráis áitiúla ón státchiste á scrúdú.

“Go dtí seo ní raibh aon chuntasacht don Oireachtas i dtaca le caitheamh an airgid ós rud é gurb iad na húdaráis áitiúla a chaitheadh é. Ní mór an cheist sin a scrúdú,” a dúirt Fleming inniu.

Beifear ag féachaint chomh maith ar an airgead a cheiltear ar an stát de bharr sciúradh breosla agus creidmheasanna cánach éagsúla.

“Is mór an t-iontas nach bhfuil aon mheastachán déanta ar an ioncam a chailleann an Státchiste de bharr sciúradh breosla. Ní foláir nó tá bealach níos fearr ann le déileáil leis an gceist sin agus déanfaimid ár machnamh faoi gach rogha atá againn maidir leis na cánacha sin.”

“Ligeadh €550 milliún i gcáin chorparáideach thar ceal leis na creidmheasanna cánach i leith taighde agus forbartha agus na híocáiochtaí do chomhlachtaí. Ní nór dúinn a sheiceáil go bhfuil an scéim sin ag feidhmiú mar a bhí i gceist léi.”

Cuirfidh an Coiste “suim ar leith” chomh maith tslí a bhfuil an Stát ag bainistiú a chuid Ionad Soláthar Díreach, ionaid a chosnaíonn €57 milliún sa bhliain. Beidh siad ag fiosrú an chúis go bhfuil an Stát ag tabhairt conarthaí do sholáthraithe trádála, ar bhonn neamhfhoirmiúil nó neamhiomaíoch, chun cóiríocht soláthar díreach a chur ar fáil

Dúirt Fleming nach raibh aon dearbhú ann ach an oiread go bhfuil an Stát in ann seasamh le caighdeán na cóiríochta ná na seirbhísí a chuireann na soláthraithe ar fáil ar an airgead sin. Beidh PAC ag scrúdú chomh maith an fáth go raibh ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus na Mara aisíocaíochtaí €139 milliún san iomlán a dhéanamh leis an AE de bharr neamhchomhlíonadh na rialachán a bhain leis an gCiste Eorpach um Fhorbairt Tuaithe. 

Beidh siad ag díriú chomh maith ar an tSeirbhís Caomhnóir ad Litem a úsáideann na cúirteanna.

“Ba cheart go mbeadh tús áite á thabhairt do leas na bpáistí leochaileacha sa tseirbhís Caomhnóir ad Litem in imeachtaí poiblí dlí teaghlaigh ach léiríonn an tuairisc go bhfuil easnaimh thromchúiseacha ar an tslí a n-oibríonn an córas agus go bhfuil easpa trédhearcachta ann agus go ndéantar faillí i gclárú agus i ngrinnfhiosrúchán na ndaoine a gcuirtear cúraimí caomhnóirí ad litem orthu,” a dúirt Seán Fleming Cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí.

Fág freagra ar '‘Laigí suntasacha’ ann maidir leis an tslí a chaitear airgead an cháiníocóra – Cathaoirleach PAC'