Laigí an chórais sláinte á scagadh ag trí fhiosrú poiblí

Gan dabht chuir an phaindéim Covid-19 brú sa bhreis ar an tseirbhís sláinte ach bhí a fhios roimhe sin go raibh éigeandáil inti

Laigí an chórais sláinte á scagadh ag trí fhiosrú poiblí

Tá pobal Thuaisceart Éireann práinneach as an tSeirbhís Sláinte Náisiúnta, ní nach ionadh. Is mór acu an prionsabal go bhfuil fáil acu ar sheirbhís leighis saor in aisce ó bhreith go bás ach tá a fhios acu go bhfuil an córas i dtrioblóid mhór. Comhartha sóirt ar na deacrachtaí is ea é go bhfuil trí cinn d’fhiosruithe poiblí bunaithe ag Robin Swann, an tAire Sláinte, faoi fhadhbanna i ranna éagsúla den tseirbhís.

Is é gnó na bhfiosruithe a fháil amach céard a bhí contráilte agus conas cúrsaí a chur ina gceart. Táthar aontaithe, áfach, go raibh ualach oibre ollmhór ar speisialtóir aonair i bpéire de na cásanna agus baint ag fadhbanna earcaíochta agus ciorruithe leis an scéal.

D’fhógair an tAire Sláinte, Robin Swann an dá fhiosrú nua sa Tionól Dé Máirt. Uasghrádú ar iniúchadh a bhí i mbéal an phobail le tamall ab ea ceann agus fiosrú ar fhadhb a tháinig chun solais sa samhradh ab ea an ceann nua.

Baineann an t-uasghrádú le saothar an néareolaí comhairleach i mBéal Feirste, an Dr Michael Watt. Glaodh ar ais suas le 3,000 othar de chuid an speisialtóra i mí na Bealtaine 2018 nuair a tugadh foláirimh go bhfuair roinnt díobh diagnóis mhíchruinn nó go raibh siad ar dhruga contráilte. Tá an dlí á chur ag iar-othair de chuid an Dr Watt ar an tseirbhís sláinte. Bhí scrúdú neamhspleách á dhéanamh ar an gcás ach chinn an tAire go raibh gá le fiosrú poiblí a mbeadh an chumhacht aige an t-eolas ar fad a aimsiú.

Is le hothair úireolaí comhairleach in ospidéal Craigavon a bhaineann an fiosrú poiblí eile. D’éirigh an máinlia úireolaíochta, Aidan O’Brien, as an obair sa Mheitheamh seo caite tar éis ocht mbliana fichead in Craigavon.

Fearacht an Dr Watt bhí líon ollmhór daoine faoina chúram. Nuair a

d’aistrigh sé a chuid othar chuig foireann eile ardaíodh ceisteanna faoi roinnt acu. Rinneadh athbhreithniú inmheánach, bhí an Fhondúireacht a bhfuil an t-ospidéal faoina stiúir i dteagmháil le 270 othar nó teaghlach agus tá líne chabhrach ag feidhmiú.

Scrúdaigh an t-athbhreithniú an taifead don tréimhse Eanáir 2019 go Meitheamh na bliana seo maidir le breis is céad othar leochaileach. Cinneadh gur chásanna dochracha tromchúiseacha iad naoi gcinn acu agus táthar i mbun fiosraithe féachaint ar bhain dochar d’éinne de sheisear eile. Maítear go bhfuiltear imníoch, go háirithe, faoi dhaoine a bhfuil ailse phróstatach orthu. Tógfaidh sé tamall go mbeidh an Fiosrú ag feidhmiú ach gheall an tAire go mbeadh teaghlaigh

in ann moltaí a dhéanamh faoi na téarmaí tagartha.

Tá sé dhá mhí ó d’fhógair Robin Swann fiosrú poiblí faoi ospidéal Mhainistir Mhaígh Chomair in Aontroim i ndiaidh scannail faoi cé mar a caitheadh le daoine a bhí faoi mhíchumas agus a bhí ina gcónaí san institiúid sin. Tá fiosrú ar bun ag na póilíní freisin faoi iompar san ospidéal agus cúig dhuine dhéag gafa go dtí seo.

Cuireadh fáilte roimh na fiosruithe poiblí ach tógfaidh sé tamall sula bhfeicfear toradh a saothair. Nuair a bheidh bailchríoch ar a saothar caithfidh an tAire a chinntiú go gcuirfear moltaí leasuithe i bhfeidhm; tá ceisteanna go leor faoin moill atá ar an tseirbhís i mbun na n-athruithe a mhol an Breitheamh O’Hara tar éis a fhiosrú faoi pháistí a fuair bás.

Beidh práinn le muinín a chothú mar dá mhéid é meas an phobail ar an gcóras, i bprionsabal, tá a fhios ag cait an bhaile  go bhfuil gá ag an tSeirbhís Sláinte Náisiúnta le dianchúram. Gan dabht chuir an phaindéim Covid-19 brú sa bhreis ar an tseirbhís ach bhí a fhios roimhe sin go raibh éigeandáil inti. Bhí liostaí feithimh ag imeacht ó smacht le blianta agus deacracht ag cuid de na hospidéil ag earcú speisialtóirí.

Nuair a athbhunaíodh Stormont i mí Eanáir seo caite leagadh béim go speisialta ar atheagrú na seirbhíse. Ag an am sin bhí stailc ar siúl, altraí ar phá níos ísle ná a gcomhghleacaithe sa Bhreatain, ganntanas mór foirne ann de bharr ‘déine’ agus idir oibrithe agus saineolaithe ag cur fainic ar an mbunaíocht go raibh an tseirbhís i mbaol a treascartha. Bhí carn de thuairiscí ó shaineolaithe ag rá nach mbeadh an tseirbhís rathúil gan athchóiriú agus athdhearadh.

Bhí Robin Swann in ann an stailc a réiteach chomh luath is a ghlac sé leis an gcupán nimhe, an Aireacht Sláinte nár theastaigh ó pháirtí ar bith eile. Ó shin áfach is ag déileáil leis an bpaindéim a bhí sé, nó le héigeandálaí fearacht na n-eachtraí atá le fiosrú go poiblí. Chomh maith leis na ceisteanna faoi dhea-rialachas cliniciúil tá fadhb ollmhór le liostaí feithimh.

Tá na liostaí sin ag méadú ó chuaigh na Tóraithe i mbun déine deich mbliana ó shin. Nocht staidreamh ón Roinn Sláinte an tseachtain seo go raibh 327,000 ag fanacht leis an gcéad choinne le comhairleoir, leath acu ag fanacht níos faide ná bliain. B’in 21,000 sa bhreis i gcaitheamh bliana.

Dúirt an tAire Swann go dteastaíonn infheistíocht leanúnach, shuntasach chun na línte feithimh a cheansú agus folúntais fud fad na seirbhíse a líonadh. Is fíor sin. Is fíor freisin go mbeidh an t-atheagar riachtanach costasach fiú agus Whitehall ag caint ar a thuilleadh déine. Ach sin rogha a chaithfidh an Feidhmeannas a dhéanamh má theastaíonn uathu an tseoid luachmhar seo a chaomhnú.

Fág freagra ar 'Laigí an chórais sláinte á scagadh ag trí fhiosrú poiblí'