Deiseanna eile agus tréimhsí athnuachana

Cé go mbeidh na cúigí ar fad ag imirt sna cluichí deiridh de réamhbhabhtaí na gcomórtas Eorpach an deireadh seachtaine seo, níl seans cáilithe ach ag Cúige Laighean agus ag Cúige Chonnacht.

Darragh Fanning scores a try 17/1/2015
Darragh Fanning ag aimsiú úid i mbua bog Chúige Laighean an deireadh seachtaine seo a d’imigh tharainn. INPHO/Ryan Byrne

Ní fiú mórán tráchta a dhéanamh ar chluichí na Mumhan ná ar chinn Chúige Uladh i ngrúpaí a 1 agus 3 de Chorn na gCuradh, in ainneoin gur sa mbaile a bheas siad ag imirt.  Is leor a rá nach raibh ceachtar acu thar moladh beirte an deireadh seachtaine seo caite. Is fíor go raibh liosta fada imreoirí gortaithe, Conor Murray i measc na Muimhneach, a bhí ar lár agus a fhoireann thall i Londain i gcoinne Saracens, ach mar sin féin níl leithscéal ar bith acu siúd a chuaigh chun páirce maidir leis an lagiarracht gan spiorad ná misneach, a léirigh siad. Ach an oiread le Cúige Uladh, níl fágtha ag Cúige Mumhan anois ach an Pro 12 agus tréimhse fada athnuachana.

Ní raibh aon duine ag súil go mbeadh Cúige Uladh in ann geit a bhaint as Toulon agus sin díreach mar a tharla, cé gur ábhar iontais é gur éirigh leo ceithre úd a aimsiú i gcoinne na gcuradh. Tá tréimhse fada atógála roimh fhoireann na nUltach freisin sula mbeidh siad féin san iomaíocht don Chorn Eorpach, rud a rinne siad in 1999, nuair a d’éirigh leo lámh a fháil ar an gCorn.

As baile a bheas Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht an deireadh seachtaine seo. Chinntigh an bua iontach le pointe bónais a bhí ag na Laighnigh ar Chastres san RDS i mbabhta 5 nach dteastaíonn ach pointe amháin cailliúna uathu an Satharn seo agus iad i gCoventry i gcoinne Wasps.

Fós féin, tá me cinnte go mbeidh fir Mhatt Connor ar thóir bua iomlán agus ceithre úd más féidir ar chor ar bith é. Chinnteodh sin go mbeadh de bhuntáiste acu imirt sa mbaile sna babhtaí ceathrú ceannais. Mar sin féin, bheadh dul amú ar an té a cheapfadh nach raibh seans ag Wasps sa gcluiche seo. Is acu atá buntáiste an bhaile agus is spreagadh iontach dóibh an bua fiche pointe a bhí acu ar Harlequins sa Stoop an Satharn seo caite.  Is fiú a lua freisin gur sa ceathrú háit ar thábla an Premiership atá Wasps faoi láthair, agus nach raibh ach cúig phointe le spáráil ag Cúige Laighean orthu (Laighean 25 Wasps 20) i mbabhta a hAon den chomórtas. Tá mise ag súil le sárchluiche idir an dá fhoireann seo ar an Satharn.

Sa bhFrainc i gcoinne La Rochelle atá na Connachtaigh i mbabhta a Sé de Chorn an Dúshláin an Satharn seo. Ní róshásta a bhí fir an Iarthair lena gcuid iarrachtaí i gcoinne Exeter, sa dara leath go háirithe agus iad sa mbaile ar an mBóthar Beag i nGaillimh i mbabhta a 5. Mar sin féin, níl fáth ar bith nach mbeadh Pat Lam ag súil go mbeidh a fhoireann in ann na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach.

Is iad La Rochelle atá ar íochtar thábla an “Top 14” agus iad i mbaol titim amach as an gcomórtas áirithe seo ag deireadh an tséasúir. Fágann sin nach mórán suime a bheas acu sa gcluiche seo, seachas gur sa mbaile acu atá sé á imirt acu. Ní hamháin sin, ach is iad atá ar íochtar Ghrúpa a 2 de Chorn an Dúshláin gan seans cáilithe acu fiú má bhíonn an lámh in uachtar acu ar Chúige Chonnacht.

Mar bharr an an mí-ádh, chaill La Rochelle in aghaidh na gConnachtach (Cúige Chonnacht 48 – La Rochelle 12) nuair a chas siad ar a chéile i mbabhta a 1 den chomórtas, cúpla mí ó shin. Deis eile atá sa gcluiche seo do Chúige Chonnacht filleadh ar an stíl a bhíodh acu a d’fhágfadh go mbuafaidís níos minice ná a mhalairt. Go n-éirí leo!

 

Fág freagra ar 'Deiseanna eile agus tréimhsí athnuachana'