Laghdú ollmhór tagtha le linn na paindéime ar líon na laethanta a chaill státseirbhísigh de bharr tinnis

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua, idir Márta agus Meán Fómhair na bliana seo, thóg daoine atá ag obair sna ranna stáit i bhfad níos lú laethanta tinnis ná mar a thóg siad anuraidh, suas le 70% níos lú i gcás roinn amháin

Laghdú ollmhór tagtha le linn na paindéime ar líon na laethanta a chaill státseirbhísigh de bharr tinnis

Tháinig laghdú níos mó ná aon trian ar líon na laethanta a chaill baill foirne na ranna rialtais de bharr tinnis le linn na paindéime Covid-19 ná mar a chaill siad sa tréimhse chéanna anuraidh.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua, idir Márta agus Meán Fómhair na bliana seo, thóg daoine a bhí ag obair do na ranna rialtais, a bhfuil figiúirí ar fáil dóibh, 90,545 lá saoire thinnis. I rith na seacht mí céanna in 2019, cailleadh 136,347 lá de bharr saoire thinnis, 34% níos mó ná mar a cailleadh in 2020.

Chuir airí rialtais eolas ar fáil faoi laethanta tinnis na státseirbhíseach mar fhreagra ar cheisteanna Dála a chuir an Teachta Dála agus comhcheannaire na nDaonlathach Sóisialta Catherine Murphy orthu.

Níor chuir Roinn an Taoisigh, An Roinn Airgeadais, An Roinn Iompair ná an Roinn Cosanta figiúirí ar fáil go fóill maidir le líon na laethanta a cailleadh de bharr saoire thinnis.

Tá an t-eolas a cuireadh ar fáil  bunaithe ar na laethanta a tógadh idir mí an Mhárta agus mí Mheán Fómhair i mbliana, tréimhse ina raibh an tír ag dul i ngleic leis an bpaindéim Covid-19, agus an tréimhse chéanna anuraidh.

Agus srianta dianghlasála i bhfeidhm in Éirinn ó lár an earraigh, bhí daoine ar fud na tíre ag obair ón mbaile d’fhormhór na tréimhse seo i mbliana agus cé nach bhfuil aon mhíniú tugtha ar an titim a tháinig ar shaoire thinnis i mbliana d’fhéadfadh baint a bheith aige leis sin.

D’fhéadfadh nach raibh daoine ag iarraidh a thabhairt le fios go raibh siad breoite agus imní orthu go raibh stiogma ag baint le bheith tinn le linn na paindéime nó d’fhéadfadh gur lú an baol tinnis a bhí ann agus daoine ag obair ón mbaile.

D’fhéadfadh chomh maith go gcuirfeadh na figiúirí amhras ar dhaoine gur lú an t-ualach oibre agus an brú a bhí ar státseirbhísigh áirithe sa mbaile agus go raibh tionchar aige sin ar an ráta asláithreachta.

Dúirt comhcheannaire na nDaonlathach Sóisialta Catherine Murphy le Tuairisc.ie gur “cosúil gur toradh nach rabhthas ag súil leis” ar an bpaindéim an laghdú ar shaoire thinnis sa státseirbhís.

“Tá athrú mór ar phatrún na hoibre agus ar an tslí a ndéantar í san earnáil phoiblí agus phríobháideach araon. Ó tharla daoine a bheith ag obair ón mbaile ní bhíonn an teagmháil chéanna acu le daoine eile san ionad oibre.

“Níl turas chun na hoibre orthu níos mó, agus fágann sin gur lú go mór an seans go dtolgfaidh siad slaghdán nó casacht. Táimid féin ag cloí leis na bunchleachtais sláinteachais a mhúinimid dár bpáistí, na lámha a ní go minic, mar shampla.”

Pé chúis a bhí leis, tháinig laghdú suntasach i mbliana ar líon na laethanta saoire a tógadh de bharr tinnis i ngach aon cheann de na ranna a chuir na staitisticí ar fáil.

Is sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige is mó a tháinig laghdú ar líon na laethanta a tógadh de bharr tinnis idir 2019 agus 2020.

Anuraidh, thóg foireann na Roinne 1,606 lá saor de bharr tinnis idir mí an Mhárta agus mí Mheán Fómhair. I mbliana, níor tógadh ach 473 lá saor sa tréimhse chéanna, laghdú os cionn 70%.

Is sa Roinn Dlí agus Cirt a tháinig an laghdú is lú. Thóg foireann na Roinne sin 21% níos lú laethanta saoire de bharr tinnis le linn na paindéime Covid-19 i gcomparáid leis na seacht mí chéanna in 2019.

Tá na staitisticí a bhain leis an Roinn ar a bhfuil cúram na Gaeltachta tugtha don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ainm na roinne sular ceapadh Catherine Martin ina hAire Gaeltachta mí an Mheithimh.

Dé réir na bhfigiúirí sin, thóg foireann na Roinne sin 3,116 lá saor de bharr tinnis idir mí an Mhárta agus mí Mheán Fómhair i mbliana, laghdú 42% ar líon na laethanta a tógadh le linn na tréimhse céanna in 2019.

5,364 lá saoire a tógadh de bharr tinnis sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar a bhí, idir mí an Mhárta agus mí Mheán Fómhair 2019.

Fág freagra ar 'Laghdú ollmhór tagtha le linn na paindéime ar líon na laethanta a chaill státseirbhísigh de bharr tinnis'