Laghdú idir 30%-50% tagtha ar ráta scaipthe an víris i bhformhór na gceantar Gaeltachta le seachtain

As na 13 toghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta, níl ach trí cinn acu ina bhfuil an ráta níos airde ná an ráta náisiúnta 

Laghdú idir 30%-50% tagtha ar ráta scaipthe an víris i bhformhór na gceantar Gaeltachta le seachtain

Tá laghdú suntasach le feiceáil ar ráta scaipthe an Covid-19 sna ceantair Ghaeltachta de réir na bhfigiúirí is deireanaí.

Laghdú idir 30%-50% a bhí i gceist le seachtain anuas i bhformhór na dtoghcheantar ina bhfuil bailte Gaeltachta suite agus an meánráta náisiúnta tite arís. Deimhníodh 455 cás Covid-19 ar an meán in aghaidh gach 100,000 duine sa stát idir an 19 Eanáir agus an 1 Feabhra.

As an 13 toghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta, níl ach trí cinn acu ina bhfuil an ráta níos airde ná an ráta náisiúnta – Béal an Mhuirthead i Maigh Eo (722), Baile na nGallóglach i nDún na nGall(523)  agus Ceanannas i gcontae na Mí (500).

Den chéad uair ó thús na bliana, níl Béal an Mhuirthead ar bharr liosta na gceantar is airde ó thaobh an ráta coicíse. Sa 16ú háit ar liosta na rátaí is airde atá Béal an Mhuirthead anois agus an ráta tite 64% ansin in achar seachtaine, ó 2,008 go dtí 722. Deimhníodh 91 cás den víreas sa cheantar idir an 19 Eanáir agus an 1 Feabhra.

Is i gCarraig Mhachaire Rois-Baile na Lorgan i gcontae Mhuineacháin atá an ráta is airde sa tír faoi láthair – 1,096.

I gCiarraí, tá an ráta scaipthe is airde sa chontae i gCorca Dhuibhne. Ráta 296 atá i gceist sa cheantar anois, laghdú 34% le seachtain anuas, ach tá sé sin fós níos airde ná aon cheantar eile i gCiarraí. 42 cás nua a deimhníodh i gCorca Dhuibhne idir an 19 Eanáir agus an 1 Feabhra.

Dheimhnigh an HSE an tseachtain seo caite gur bhásaigh seachtar a raibh Covid-19 orthu in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne sa Daingean le roinnt seachtainí anuas.

Tá an ráta scaipthe sa Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, tite ó 291 go dtí 188.

Tá an ráta i gConamara Theas tite nach mór faoina leath le seachtain anuas, ó 380 go dtí 197. Aimsíodh 42 cás nua sa cheantar idir an 19 Eanáir agus an 1 Feabhra.

Is é toghcheantar Chonamara Thuaidh an t-aon cheantar Gaeltachta inar tháinig ardú ar ráta an víris le linn na tréimhse seo. Chuaigh an ráta ann suas ó 250 an tseachtain seo caite go dtí 279.

I dTír Chonaill, tháinig laghdú 34% ar an ráta i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Dhún na nGall. Thit an ráta ó 590 go dtí 381 sa cheantar agus 91 cás nua deimhnithe ann idir an 19 Eanáir agus an 1 Feabhra.

Laghdú 45% a bhí i mBaile na nGallóglach, ó 944 go dtí 523, agus laghdú 39% a bhí i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae, ó 713 go dtí 438.

Thit an ráta i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, faoina leath le roinnt laethanta anuas. Ráta 483 a bhí sa cheantar an tseachtain seo caite agus tá sé sin anois tite go dtí 239 de réir na bhfigiúirí is deireanaí agus 88 cás nua aimsithe ann idir an 19 Eanáir agus an 1 Feabhra.

Ní raibh ach titim 6% – 425 go dtí 400 – i gceist i dtoghcheantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise.

I dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, laghdú 46% a bhí i gceist ó 778 go dtí 424.

I gcontae na Mí, titim 19% a bhí ar an ráta i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, ó 609 go dtí 491 agus titim 27% a bhí i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, síos ó 682 go dtí 500.

Fág freagra ar 'Laghdú idir 30%-50% tagtha ar ráta scaipthe an víris i bhformhór na gceantar Gaeltachta le seachtain'