POBALBHREITH: Laghdú ar líon na ndaoine ar dhá thaobh na teorann a mbeadh muinín acu Gaeilge a labhairt

An tseachtain seo beimid ag cur torthaí ar fáil go heisiach dár léitheoirí ó phobalbhreith nua a rinne an comhlacht Kantar do Chonradh na Gaeilge faoi cheist na teanga, ag tosú inniu le héachtaint ar mhuinín an phobail as a gcumas labhartha Gaeilge

POBALBHREITH: Laghdú ar líon na ndaoine ar dhá thaobh na teorann a mbeadh muinín acu Gaeilge a labhairt

Tá titim shuntasach tagtha le cúig bliana anuas ar líon na ndaoine sa stát a bheadh muiníneach Gaeilge a labhairt, de réir suirbhé nua.

I bpobalbhreith a rinne an comhlacht taighde margaíochta Kantar do Chonradh na Gaeilge, tugtar le fios nach bhfuil ach 21% den phobal ó dheas den teorainn, duine as gach cúigear, muiníneach as a gcumas labhartha Gaeilge faoi láthair.

31% a bhí i gceist nuair a cuireadh an cheist chéanna i bpobalbhreith sa bhliain 2017, rud a fhágann go bhfuil titim mhór tagtha le cúig bliana anuas ar líon na ndaoine sa stát a bheadh sásta Gaeilge a labhairt.

Dúirt 63% de dhaoine i bpobalbhreith 2021 nach raibh dóthain muiníne acu a gcuid Gaeilge a labhairt – níos mó ná triúr as gach cúigear. 17% a dúirt nach fios dóibh nó nár fhreagair an cheist.

Torthaí ó dheas den teorainn

Tá mé muiníneach as mo chuid Gaeilge labhartha

Tá titim den chineál céanna tagtha ar mhuinín an phobail as a gcumas an Ghaeilge a thuiscint. In 2017, mheas 40% den phobal ó dheas go raibh siad muiníneach gurbh fhéidir leo an teanga a thuiscint. I mbliana, tá an figiúr sin tite go dtí 30%.

Torthaí ó dheas den teorainn

Tá mé muiníneach gur féidir liom Gaeilge a thuiscint

Cé gur tháinig titim ar mhuinín an phobail i dTuaisceart Éireann as a gcumas labhartha agus tuisceana Gaeilge i mbliana, tá níos mó daoine ó thuaidh muiníneach as a gcumas teanga go fóill ná mar a bhí roinnt blianta ó shin.

De réir thorthaí na pobalbhreithe, thug 9% de dhaoine ó thuaidh le fios go rabhadar muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha. Thit an figiúr sin ón 12% a bhí i gceist anuraidh ach bhí sé fós níos airde ná an 7% a thug le fios in 2017 go raibh siad muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha.

Dúirt 80% díobh siúd ó thuaidh a ghlac páirt sa phobalbhreith nach raibh dóthain muiníne acu leis an teanga a labhairt. 11% a dúirt nach fios dóibh nó nár fhreagair an cheist.

Torthaí ó thuaidh den teorainn

Tá mé muiníneach as mo chuid Gaeilge labhartha

Maidir le tuiscint na teanga, dúirt 10% ó thuaidh go raibh siad muiníneach gur féidir leo an teanga a thuiscint. Arís, titim a bhí i gceist ó 2020 (14%) ach bhí an céatadán fós níos airde ná mar a bhí nuair a thug Conradh na Gaeilge faoin bpobalbhreith den chéad uair in 2015.

Torthaí ó thuaidh den teorainn

Tá mé muiníneach gur féidir liom Gaeilge a thuiscint

Ní raibh daltaí scoile san áireamh, den chuid is mó, sa phobalbhreith. Daoine san aoisghrúpa 16-65 bliain d’aois a cuireadh faoi agallamh ó dheas agus daoine 16 bliain agus os a chionn a bhí i gceist ó thuaidh.

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc.ie mar shraith scéalta an tseachtain seo.

I measc na gceisteanna eile a cíoradh sa taighde bhí dearcadh an phobail ar thógáil clainne le Gaeilge, coláistí samhraidh, seirbhísí stáit trí Ghaeilge, tithíocht sa Ghaeltacht, Gaelscoileanna agus cúrsaí teanga ar RTÉ.

Roghnaíodh 2,026 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagadh síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Bhí roinnt chothrom ar lucht an tsuirbhé, leath acu ó thuaidh den teorainn agus agus an leath eile ó dheas di. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.

Fág freagra ar 'POBALBHREITH: Laghdú ar líon na ndaoine ar dhá thaobh na teorann a mbeadh muinín acu Gaeilge a labhairt'

  • Brendan Keane

    Níl sách áiteanna a cleachtadh an teanga, go h-áirithe san cathair na Gaillimhe. Ba an Áras na nGael a bhí go iontach sna moch 90aidí. Ach le fiche blianta anuas tá gach béascna ar fáil ann cé is móite Gaeilge. Níl fearacht an fáilte ansin le Gaeilgeoirí nó muintearas an Ghaeltachta. Seo an príomh-fáth go samhlaíodh na hóige Chonamara diúltach ar Gaeigle mar gné an saol nua-aimsir. Cuirtear inniúlacht isteach in Áras na nGael agus beidh ionad mar atá i mBéal Feirste arís againn.

  • Gearóid de Grás

    Seachas breathnú air seo mar dhrochnuacht, b’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil níos mó daoine éirithe as an gcur i gcéill i gcomparáid le 2017.

    Tá an-amhras orm faoi 21% a bheith muiníneach as a gcumas labhartha Gaeilge – agus má tá, b’fhéidir go bhfuil an iomarca muiníne ag cuid mhaith acu! Cinnte, níl 21% den státseirbhís muiníneach as a gcumas labhartha Gaeilge – dá mbeadh, bheadh seirbhís éigin Gaeilge ar fáil ansin do lucht labhartha na Gaeilge. B’fhéidir go mbeidh na figiúirí sa chéad phobalbhreith eile níos iontaofa.

    Braithim féin go bhfuil roinnt mhaith ag cur a gcuid muiníne i nGoogle Translate seachas a bheith ag foghlaim ó dhaoine a bhfuil an teanga acu.