Tá laghdú suntasach tagtha ó thús na bliana seo ar líon na bhfoirgneamh folamh ag Údarás na Gaeltachta.
De réir figiúirí nua, 77 foirgneamh folamh atá ag an eagraíocht fiontraíochta faoi láthair, i gcomparáid le 106 ionad folamh i mí Eanáir na bliana seo – laghdú 27%.
425 ionad ar fad atá ag an Údarás, rud a fhágann go bhfuil 18% dá n-ionaid folamh faoi láthair.
Ní féidir 35 den 77 ionad folamh, beagnach leath díobh, a ligean ar léas toisc gur gá athchóiriú bunúsach a dhéanamh orthu. Tá 18 de na hionaid sin sa Ghaillimh, tá 11 acu i nDún na nGall agus i Maigh Eo atá na sé cinn eile.
Contae | Folamh | Ar Léas | Iomlán |
---|---|---|---|
Dún na nGall | 34 (25%) | 104 | 138 |
Maigh Eo | 12 (26%) | 34 | 46 |
Gaillimh | 28 (18%) | 131 | 159 |
Ciarraí | 3 (5%) | 53 | 56 |
Corcaigh | 0 (0%) | 20 | 20 |
Port Láirge | 0 (0%) | 2 | 2 |
An Mhí | 0 (0%) | 4 | 4 |
Iomlán | 77 | 348 | 425 |
Tá ráite go minic ag lucht Údarás na Gaeltachta go dteastaíonn maoiniú breise uathu chun tabhairt faoi athchóiriú a dhéanamh ar na foirgnimh seo chun go bhféadfaí iarracht a dhéanamh comhlachtaí a mhealladh chucu.
Tá formhór den 77 ionad folamh i nGaeltacht Dhún na nGall, mar a bhfuil 34 ceann, nó 44% de líon iomlán na n-ionad folamh. Laghdú 26% é sin ar líon na n-ionad folamh i nDún na nGall ag tús na bliana seo, tráth a raibh 46 ionad folamh sa cheantar Gaeltachta sin.
Tá 36% de na hionaid fholmha i nGaeltacht na Gaillimhe agus níl ach trí ionad folamh, nó 4%, i nGaeltacht Chiarraí.
Méadú a bhí i gceist i gcás líon na n-ionad folamh i nGaeltacht na Gaillimhe, , mar a bhfuil 28 ionad folamh faoi láthair i gcomparáid le 24 ionad folamh i mí Eanáir.
I mí Eanáir bhí 60% de na hionaid fholmha réidh le ligean. 55% den 77 ionad atá folamh anois atá réidh le ligean, rud a fhágann gur gá athchóiriú a dhéanamh ar 45% d’ionaid fholmha an Údaráis.
Léirigh figiúirí eile a fuarthas ag tús na bliana seo gur 82 cuairt ar fhoirgnimh fholmha dá gcuid a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta do lucht infheistíochta in 2017.
Cordelia Nic Fhearraigh
Cá mhéad den lucht hinfheistíochta sin a bhfuil eolas ar bith acu ar an Ghaeltacht nó a bhfuil labhairt agus scríobh na Gaeilge acu? Cén teanga oibre atá sna hionaid ‘Gaeltachta’ sin uilig agus cén teanga cumarsáide a úsáidtear leo siúd taobh amuigh den ghnó agus taobh amuigh den Ghaeltacht (ranna rialtais, gnóthaí eile, máthairchuideachtaí, ionaid oideachais, srl)? Faic ag seo le déanamh le caomhnú agus buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht!