Laethanta na Bó Riabhaí amach romhainn agus dhá rabhadh eisithe ag Met Éireann

Is cosúil go gcaithfear na cótaí móra a tharraingt amach arís agus seachtain den aimsir fhuar, athraitheach, gheimhriúil seo geallta

Laethanta na Bó Riabhaí amach romhainn agus dhá rabhadh eisithe ag Met Éireann

Tá rabhadh buí aimsire eisithe ag Met Éireann ó thráthnóna maidir le contúirt sneachta agus seaca anocht agus maidin amárach i gCúige Chonnacht agus sna contaetha seo a leanas: an Cabhán, Muineachán, Dún na nGall, an Longfort agus Lú. Beidh paistí seaca ar na bóithre agus iarrtar ar thiománaithe a bheith san airdeall.

Tá rabhadh buí gála eisithe chomh maith ar chósta na tíre ó Dhairbhre go Ceann Iorrais agus soir go dtí Binn Mhór Aontroma. Gaoth láidir aniar aduaidh a bheidh ann agus gustaí tréana léi ar chósta an Atlantaigh.

Deir Met Éireann go nglanfaidh an bháisteach sa taobh thoir den tír anocht agus go n-éireoidh sé i bhfad níos fuaire. Beidh tréimhsí geala ann agus corrchith.  Ar an gcósta thiar agus sa Tuaisceart is troime a bheidh an bháisteach agus d’fhéadfadh clocha sneachta agus toirneach a bheith léi.  Tá ceathanna clocha sneachta agus sneachta á thuar don Tuaisceart agus do chuid de chúige Chonnacht. Beidh an teocht is ísle idir -1 agus 3 chéim Celsius agus beidh paistí seaca forleathan.

Lá fuar gaofar ropánta ceathach atá romhainn amárach ach beidh corrthréimhse gréine ann. Beidh neart ceathanna troma ann agus clocha sneachta. Beidh sneachta ar thalamh ard ar fud na tíre ar maidin agus d’fhéadfadh roinnt de a bheith ar thalamh íseal sa taobh ó thuaidh agus san iarthuaisceart. Beidh baol toirní ann agus ní bheidh an teocht ach idir 5 agus 8 gcéim Celsius.

Is cosúil go gcaithfear na cótaí móra a tharraingt amach arís agus seachtain den aimsir fhuar, athraitheach, gheimhriúil seo geallta.

Ar ndóigh dá dtabharfaí aird ar an seanchas ní chuirfeadh an gairfean seo aon iontas orainn. Ceann de laethanta na bó riabhaí atá againn inniu agus is iad a chniog an tseanbhó bhocht a shíl go raibh an geimhreadh curtha di slán aici. Mar a d’inis dalta as Gleann Chalraí i Maigh Eo é i mBailiúchan na Scol:

Deireann na seandaoine go bhfuil Laethanta Riabhacha ann, agus titeann siad ar an dá lá deiridh de mhí an Márta, agus ar an gcéad lá d’Aibreán.

Tá scéal ag baint leis na laethanta sin. Bhí bó ann uair amháin agus chuaigh sí amach sna páirceanna, agus bhí macnas uirthi. Thosaigh sí ag rith agus dúirt sí: ‘Anois tá Márta bradach beagnach imithe’.

Ní raibh ach dhá lá fágtha ach bhí an dá lá eile go han-olc ar fad, le gaoth chrua agus sioc, agus sneachta ann an chéad lá d’Aibreán.

Fuair Márta lá ar cairde ón Aibreán, agus do bhain siad an craiceann den tseanbhó riabhach agus sin é an fáth a mbíonn 31 lá i mí Márta, mar níor thug Márta an lá ar ais riamh do mhí Aibreáin, mar sin níl ach tríocha lá i mí Aibreán.

Is iad na laethanta sin is fuaire sa bhliain agus deir na daoine nach mbíonn an geimhreadh thart go dtí go mbíonn na laethanta riabhacha thart.

Fág freagra ar 'Laethanta na Bó Riabhaí amach romhainn agus dhá rabhadh eisithe ag Met Éireann'

  • Micheál O Gionnáin

    Aisteach go leor tá an scéal céanna san Albán (Albania) ach ní seanbhó atá i gceist acu sin ach seanbhean – tugann siad laethaentaí an tseanchailligh orthu.