‘Labhair mé Seapáinis sa tSeapáin agus Béarla i Sasana, cén fáth nach labhróinn Gaeilge in Éirinn?’ – Sene Naoupu

Tá an t-imreoir rugbaí mór le rá Sene Naoupu ar dhuine de na daoine atá ag glacadh páirte i ‘Tá Gaeilge Agam’, an feachtas nua bolscaireachta de chuid TG4 do Bhliain na Gaeilge

‘Labhair mé Seapáinis sa tSeapáin agus Béarla i Sasana, cén fáth nach labhróinn Gaeilge in Éirinn?’ –  Sene Naoupu

Deir an t-imreoir rugbaí de chuid na hÉireann, Sene Naoupu, gur rud nádúrtha é go mbeadh sí ag iarraidh tuiscint a fháil ar an mórtas cine a bhaineann leis an nGaeilge, agus gur aisteach léi nach mbeadh muintir na hÉireann amhlaidh.

“As an Nua-Shéalainn mise agus tá Samóis líofa agam. Nuair a bhíomar inár gcónaí sa tSeapáin, d’fhoghlaimíomar agus labhraíomar Nihongo (Seapáinis). Nuair a chónaíomar i Sasana, labhraíomar Béarla. Nádúrtha go leor nuair a bhogamar go hÉirinn, mar a bhfuilimd ag an baile anois, chuireamar eolas domhain ar chultúr na hÉireann, ag áireamh tuiscint a fháil ar an mórtas a bhaineann le stair agus féiniúlacht na Gaeilge.

“I bhfad rómhinic, go háirithe mar náisiún spóirt, bímid bródúil as ár nÉireannachas ach ní áirímid an Ghaeilge leis an mbród sin,” arsa Sene Naoupu, atá ag tacú le ‘Tá Gaeilge Agam’, an feachtas bolscaireachta nua atá ar bun ag TG4 i gcomhar le Bliain na Gaeilge.

Tá Sene Naoupu, arb as an Nua-Shéalainn ó dhúchas di, ag imirt d’fhoireann rugbaí na hÉireann ó 2015.

Is iad na daoine eile atá ag glacadh páirt sa bhfeachtas bolscaireachta nua do Bhliain na Gaeilge, an ceoltóir agus scríbhneoir Blindboy Boatclub, Chris Hadfield, an spásaire as Ceanada a sheol tvuít i nGaeilge ón spás, an bhanríon draig aitheanta Panti Bliss agus an láithreoir de chuid TG4 Caitlín Nic Aoidh.

Dúirt Stiúrthóir Cruthaitheachta TG4, Seán Cathal Ó Coileáin go gcaithfí bheith istigh i saol na Gaeilge a thabhairt do chách i bhfianaise an líon mór daoine a bhfuil spéis á léiriú anois acu sa teanga. Dúirt sé go gcaithfí béim a leagan ar ábharthacht agus éagsúlacht na Gaeilge chun daoine a bhfuil “drogall” orthu í a labhairt a mhealladh chuici.

“San fheachtas seo tá TG4 ag iarraidh, ar bhealach spraíúil, daoine a mhealladh chun gníomh dearfach a dhéanamh,” arsa Stiúrthóir Cruthaitheachta TG4, Seán Cathal Ó Coileáin.

Tá an feachtas ‘Tá Gaeilge Agam’ á reáchtáil ag an stáisiún i gcomhar le Bliain na Gaeilge agus tá na fógraí le feiceáil sna nuachtáin, sna meáin shóisialta agus ag stadanna bus.

Is é is teachtaireacht ag an bhfeachtas nua ná go bhfuil an Ghaeilge agat agus gur leatsa í is cuma an é an cúpla focal féin atá agat nó Gaeilge líofa.

Fág freagra ar '‘Labhair mé Seapáinis sa tSeapáin agus Béarla i Sasana, cén fáth nach labhróinn Gaeilge in Éirinn?’ – Sene Naoupu'

  • wtf

    An mbeadh Banríon Shasana sásta tacú le bliain na Gaeilge? Tá dáimh aici le teangacha iasachta agus tá an-bhlas ar a cuid Gaeilge, rud a chruthaigh sí sa Dáil. B’fhéidir go múinfeadh sí Amhrán na bhFiann dúinn, fiú…’fé bhfód bheith saor’ srl