Labhair Edwin Poots Gaeilge i nGaeltacht Thír Chonaill aréir

'Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chuir,' a dúirt Edwin Poots, MLA de chuid an DUP, agus é ag cur in aghaidh 'éileamh Shinn Féin' ar Acht Gaeilge

Labhair Edwin Poots Gaeilge i nGaeltacht Thír Chonaill aréir

Labhair an t-iarAire Cultúir Edwin Poots, a chuir go mór in aghaidh Acht Gaeilge ó thuaidh le linn a thréimhse mar Aire, an cúpla focal ag Scoil Samhraidh Mhic Ghoill i nGaeltacht Dhún na nGall aréir.

“Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chuir,” a dúirt Poots, MLA de chuid an DUP, agus é ag cur in aghaidh “éileamh Shinn Féin” ar Acht Gaeilge.

Tá sraith díospóireachtaí polaitíochta ar siúl mar chuid den Scoil Samhraidh a bhaineann le ceist na teorann i gcomhthéacs an Bhreatimeachta, i measc rudaí eile. Tá polaiteoirí, lucht gnó agus ceannairí eaglasta ón dá thaobh den teorainn ag glacadh páirt sa Scoil Samhraidh.

Chuir Poots críoch lena chuid cainte leis an seanfhocal agus é ag cáineadh Shinn Féin as “tús áite a thabhairt don Acht Gaeilge”,  á chur roimh an mbuiséad, athchóiriú an chórais sláinte ó thuaidh, agus cúrsaí an Bhreatimeachta.

“Forgive my broken Irish, but for those of you who, like me, are not fluent, it translates to ‘the branch lives on the hedge even though the hand that planted it be dead’.

“It’s an old Irish saying reminding us of our mortality and that our actions today will live long after we are gone,” a dúirt sé.

Mhaígh Poots go bhfuil Sinn Féin ag iarraidh féiniúlacht Éireannach a chruthú ó thuaidh trí chomharthaíocht dhátheangach, cuóta do chainteoirí Gaeilge sa státchóras, agus coimisinéir teanga a thabhairt isteach.

Chuir úsáid seo na Gaeilge ag Poots áthas ar an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Niall Ó Donnghaile, ar cainteoir Gaeilge é. Dúirt Ó Donnghaile ar Twitter inniu gur “dheas a chloisteáil” gur labhair Poots Gaeilge aréir agus roinn seanfhocal dá chuid féin lena chomhghleacaí.

Is é seo an dara huair in imeacht cúpla mí a labhair ball tofa de chuid an DUP cúpla focal Gaeilge ag ócáid phoiblí. Dúirt ceannaire an pháirtí, Arlene Foster, “go raibh maith agat” le múinteoirí ag scoil Chaitliceach ar thug sí cuairt uirthi le linn an fheachtais toghchánaíochta mí Mhárta.

Fág freagra ar 'Labhair Edwin Poots Gaeilge i nGaeltacht Thír Chonaill aréir'