Tá an píosa deiridh de sheachbhóthar Mhaigh Chromtha go Baile Bhuirne i gCorcaigh oscailte go hoifigiúil ag an Taoiseach inniu.
Reáchtáladh searmanas speisialta chun an stráice 6 ciliméadar deireanach den N22 a oscailt, ón Tonn Láin, laistiar de Bhaile Mhic Íre, go dtí Sliabh Riabhach, laistiar de Bhaile Bhuirne.
€280 milliún a chosain sé an bóthar 22km a thógáil.
Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar, go mbeadh críochnú an tseachbhealaigh ina bhuntáiste mór do mhuintir Chorcaí agus Chiarraí agus don líon mór cuairteoirí a thagann chuig an réigiún.
“Laghdóidh an bóthar seo amanna turais, bainfidh an brú tráchta as na bailte agus na sráidbhailte feadh an bhealaigh agus laghdóidh sé na costais bhreosla a bhaineann le feithiclí a bheith réchasta [agus iad ina stad] i mbrú tráchta,” a dúirt an Taoiseach agus é i Múscraí.
Dúirt an tAire Iompair, Eamon Ryan, go mbeadh caighdeán an aeir níos fearr i mBaile Mhic Íre agus i mBaile Bhuirne de thoradh an bhóthair nua agus mhaígh Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Frank O’Flynn, gur lá tábhachtach a bhí ann do mhuintir Ghaeltacht Mhúscraí.
“Nuair a osclaíodh an chéad chuid den obair seo i mí na Nollag 2022 laghdaigh truailliú aeir i mbaile Mhaigh Chromtha láithreach níos mó ná 50%, ag tacú leis an bpróiseas dícharbónaithe ar bhaile Mhaigh Chromtha,” ar sé.
“Táimid ag tnúth le tairbhe den chineál céanna do Bhaile Mhic Íre agus Baile Bhuirne. Beidh rochtain ar na scoileanna agus ar ghnólachtaí áitiúla i bhfad níos sábháilte mar thoradh ar an laghdú ar fheithiclí earraí troma. Déanfaidh an nasc feabhsaithe idir Corcaigh agus Cill Airne an ceantar seo níos tarraingtí fós d’fhorbairtí tithíochta.”
Thosaigh an obair ar sheachbhóthar an N22 mí Eanáir 2020 agus osclaíodh an chéad chuid den bhóthar nua ag deireadh na bliana seo caite. Osclaíodh stráice eile mí Lúnasa i mbliana.
Síneann an seachbhóthar críochnaithe ón taobh thoir de Mhaigh Chromtha ag Cúil Chomhair go baile fearainn Sliabh Riabhach ar an taobh thiar de Bhaile Bhuirne. Seachnaíodh baile Mhaigh Chromtha, Baile Mhic Íre agus Baile Bhuirne mar chuid den tionscadal.
Léirigh Comharchumann Forbartha Mhúscraí imní níos luaithe i mbliana faoin easpa comharthaí ar an mbóthar nua a thabharfadh le fios do thiománaithe go raibh siad ag tiomáint i dtreo Ghaeltacht Mhúscraí.
Fág freagra ar '‘Lá tábhachtach don Ghaeltacht’ – an píosa deiridh de sheachbhóthar Mhaigh Chromtha oscailte ag an Taoiseach'