Lá stairiúil i Rio agus boinn airgid buaite ag na Donnabhánaigh

Boinn airgid buaite ag Paul agus Gary O’Donovan na hÉireann sa rámhaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha

Lá stairiúil i Rio agus boinn airgid buaite ag na Donnabhánaigh

Tá boinn airgid buaite ag Paul agus Gary O’Donovan na hÉireann sa rámhaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha.

Seo na chéad bhoinn atá buaite ag foireann na hÉireann ag na Cluichí i Rio de Janeiro agus an chéad uair riamh ag rámhaithe ón tír seo bonn Oilimpeach a bhuachan.

Ba iad foireann na Fraince a tháinig sa chéad áit sa rás Bád Beirte Éadrom agus chríochnaigh na deartháireacha as An Lisín i gCorcaigh chun tosaigh ar fhoireann na hIorua a bhí sa tríú háit.

Gary agus Paul O'Donovan. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Gary agus Paul O’Donovan. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Bhí fir Chorcaí sa chúigiú háit tar éis 1,000 méadar den rás ach mar is dual dóibh is i bhfeabhas a chuaigh siad ina dhiaidh sin agus faoin am a baineadh 1,800 méadar amach ba léir gur eatarthu féin agus fir na Fraince a bheadh an chéad áit.

Bhuaigh na Donnabhánaigh Craobh na hEorpa níos túisce i mbliana, ach cinnteoidh gaisce an lae inniu i Rio go mbeidh áit acu feasta i measc mhórlaochra spóirt na hÉireann.

Chuaigh a réchúisí agus a ghealgháirí is a bhí na deartháireacha i gCorcaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine ó thús na gCluichí agus scaipeadh na hagallaimh atá déanta acu sa Bhrasaíl go mear ar fud an bhaill.

Thaitin a míniú tíriúil ar a gcur chuige rámhaíochta go háirithe le daoine:

“Close the eyes and pull like a dog”.

Fág freagra ar 'Lá stairiúil i Rio agus boinn airgid buaite ag na Donnabhánaigh'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Lúchair an domhain orm gur éirí go maith leo!

    Is cosúil go bhfuil cóipcheart ar an fhíseán…blocáilte ag Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha.

  • Pádraig

    Nach deas go raibh cúpla focail acu ‘Tiocfaidh ár lá’!