‘Lá stairiúil don tír agus don teanga’- ainmniúchán Oscar faighte ag ‘An Cailín Ciúin’

Is é ‘An Cailín Ciúin’ an chéad scannán Gaeilge riamh a fuair ainmniúchán do ghradam Oscar

‘Lá stairiúil don tír agus don teanga’- ainmniúchán Oscar faighte ag ‘An Cailín Ciúin’

Tá gaisce stairiúil déanta ag an scannán An Cailín Ciúin agus é ar an gcéad saothar Gaeilge a bhfuil ainmniúchán faighte aige do ghradam Oscar.

Beidh lucht déanta an scannáin ag triall ar Hollywood do shearmanas bronnta na nOscar ar an 13 Márta agus ainmniúchán faighte aige don Ghradam Oscar don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr.

Bhí An Cailín Ciúin ar cheann de 15 scannán a bhí ar an ngearrliosta d’ainmniúchán ach fógraíodh tráthnóna go bhfuil sé anois ar cheann de na cúig scannán a roghnaigh baill an Academy le bheith san iomaíocht don ghradam.

Is iad All Quiet on the Western Front ón nGearmáin, Argentina, 1985 na hAirgintíne, Close na Beilge agus EO ón bPolainn na scannáin eile a ainmníodh in éineacht leis An Cailín Ciúin sa rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr.

Is i bpictiúrlann an Stella i Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath a bhí cuid de chliar agus de chriú an scannáin bailithe le chéile chun féachaint ar an bhfógra tráthnóna.

 

Dúirt lucht déanta an scannáin gur “lá dár saol” a bhí ann agus gur lá stairiúil don Ghaeilge agus don scannánaíocht in Éirinn a bhí ann.

“Is mór an onóir dúinn é agus ní chreidimid go bhfuil An Cailín Ciúin ainmnithe le haghaidh gradaim ag an 95ú bliain de Dhuaiseanna an Acadaimh,” a dúirt an Scríbhneoir/Stiúrthóir, Colm Bairéad agus an Léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal.

“Is ócáid fhíorstairiúil agus fhíorthábhachtach í seo do scannáin na hÉireann, do mhuintir na hÉireann agus don Ghaeilge.

“Níor ainmníodh scannán Éireannach riamh cheana sa chatagóir seo. Ní bhfuair ealaín na Gaeilge riamh roimhe a leithéid d’ardán. Is ónár gcroí amach a tháinig an scannán seo agus is ardú croí a bhí ann dúinn an lucht féachana ar fud an domhain a fheiceáil ag glacadh leis isteach ina gcroí.”

Ghabh Bairéad agus Ní Chrualaoi buíochas le comhaltaí an Acadaimh agus le lucht maoinithe an scannáin, TG4 ina measc.

Rinne Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, comhghairdeachas leo siúd a raibh baint acu leis an scannán.

“Tá sárshaothar clasaiceach cruthaithe ag Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoí agus is cúis mhór bróid é sin, dúinne a labhraíonn an teanga seo agus do na daoine ar fud an domhain a thuigeann an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge do chultúr agus do chruthaitheacht na hÉireann.”

Dúirt Esslemont go raibh sé mar aidhm ag an scéim Cine4 scannáin Ghaeilge a chur chun cinn agus go bhfuil “athrú ó bhonn” tagtha ar earnáil scannánaíochta na hÉireann mar gheall uirthi.

“Réitigh Colm agus Cleona an bealach i dtreo Ghradam Oscar agus inniu déanaimid ceiliúradh ar an éacht ollmhór sin.”

Fógrófar an buaiteoir agus buaiteoirí na rannóg eile ag searmanas bronnta na Oscars sa Dolby Theatre ar an 13 Márta.

An Cailín Ciúin sa Táin cheana féin mar an scannán Gaeilge is mó rath riamh agus mar gheall ar na duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta go léir atá buaite aige.

Ba é stiúrthóir an scannáin, Colm Bairéad, a scríobh an script chomh maith don scéal teacht in aois ina dtéann cailín óg chun cónaí lena gaolta faoin tuath fad is atá a máthair ag súil le páiste.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh dhá ainmniúchán BAFTA faighte ag An Cailín Ciúin – ceann don scannán is fearr i dteanga seachas an Béarla agus ceann don script scannáin is fearr a aistríodh ó shaothar eile. Tá an scannán bunaithe ar scéal le Claire Keegan, Foster.

Is iad na haisteoirí Riz Ahmed agus Allison Williams a d’fhógair na hainmniúcháin tráthnóna do ghradaim Oscar 2023.

Bhí údar ceiliúrtha ag scannán Éireannach eile inniu chomh maith agus The Banshees of Inisherin ainmnithe do naoi ngradam.

Tá ainmniúchán faighte ag an scannán, a deineadh ar Inis Mór agus Acaill, don Scannán is Fearr, don Scór is Fearr agus don Eagarthóireacht is Fearr.

Tá Martin McDonagh, fear de bhunadh Chonamara, ainmnithe don ghradam don Stiúrthóir is Fearr agus don Bhunscript is fearr agus tá ainmniúcháin faighte freisin ag Colin Farrell (an tAisteoir is Fearr), Kerry Condon (an tAisteoir Taca Mná is Fearr) agus Brendan Gleeson agus Barry Keoghan (Aisteoir Taca is Fearr).

Lá stairiúil a bhí ann do scannáin na hÉireann agus Paul Mescal ainmnithe freisin don Aisteoir is Fearr as a pháirt sa scannán Aftersun.

Fág freagra ar '‘Lá stairiúil don tír agus don teanga’- ainmniúchán Oscar faighte ag ‘An Cailín Ciúin’'