Lá spraoi i nGaeilge do theaghlaigh á reáchtáil i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo

Tá ‘Lá na Gaeilge’ á reáchtáil i bPáirc Tramore Valley, Baile an Locha an Domhnach beag seo

Lá spraoi i nGaeilge do theaghlaigh á reáchtáil i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo

Beidh ceardlanna amhránaíochta, rince agus seisiúin cheoil ina gcuid d’ócáid Ghaeilge do theaghlaigh a bheidh ar siúl i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo. 

Tá ‘Lá na Gaeilge’ le reáchtáil i bPáirc Tramore Valley, Baile an Locha tráthnóna Dé Domhnaigh beag seo, an 19 Meitheamh, agus é i gceist deis a thabhairt do theaghlaigh agus don phobal tráthnóna taitneamhach saor in aisce a chaitheamh trí Ghaeilge.

Is iad Glór Teaghlaigh i gCorcaigh, líonra teaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge, agus Glór na nGael, atá ag eagrú na n-imeachtaí le tacaíocht ó Chiste Spreagtha Chonradh na Gaeilge.

Cuirfidh Giggles an Fear Grinn siamsaíocht ar fáil, beidh seó puipéad ann le Little Gem Puppets agus ceardlann agus seó lámhchleasaíochta le Stephen McGinley. Beidh ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós ann le Pax Ó Faoláin agus ceardlann rince ar an sean-nós le Becky Ní Éallaithe.

Beidh cluichí agus spraoi amuigh faoin aer le Ógras, Cumann na bhFiann agus Gaeloideachas, agus cúinne leabhar, cluichí boird agus ceardaíochta le Teanga Tí – Glór na nGael.

Déanfaidh Gaeilgeoirí Cois Laoi comhordú ar Chúinne Cainte do dhaoine fásta agus beidh seastáin eolais ann ag eagraíochtaí Gaeilge áitiúla agus náisiúnta. Beidh deis ag daoine bád a bhíonn in úsáid ag Naomhóga Chorcaí a fheiceáil. Is iad an grúpa ceoil Lasrach ó iarthar Chorcaí, a thug leo Siansa Gael Linn 2022, a chuirfidh críoch leis an spraoi. 

Seolfaidh Lauren Ní Loinsigh, láithreoir le Red FM, an ócáid. Dúirt Cabríní de Barra, Oifigeach Forbartha le Glór na nGael go bhfuil an-áthas orthu go mbeidh Lauren leo chun Lá na Gaeilge i gCorcaigh a sheoladh. “Is sampla í Lauren de na sluaite daoine óga sin atá gníomhach trí Ghaeilge i mbealaí éagsúla. Cuirfidh sí go mór leis an ócáid,” ar sí. 

Beidh an ócáid ar siúl i bPáirc Tramore Valley idir 1pm agus 4pm Dé Domhnaigh. Tá ticéid saor in aisce do Lá na Gaeilge i gCorcaigh ar fáil ar Eventbrite.

Ní bheidh bia ná deoch ar díol ann agus moltar do theaghlaigh picnic a thabhairt leo.

Fág freagra ar 'Lá spraoi i nGaeilge do theaghlaigh á reáchtáil i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo'