Deirtear gur tháinig Colm Cille amach as Árainn i mbád cloiche. Ar an mBánrainn a tháinig sé i dtír in aice na reilige [Reilig Mhaírois]. Bád Cholm Cille a thugtar fós uirthi.
Tá an ‘bád’ ann fós ach ní mórán cosúlacht báid atá uirthi anois mar bíonn na daoine ag baint píosaí di agus dhá dtabhairt leo, ach bhí cosúlacht báid uirthi fadó.
Tá tobar beannaithe in aice leis an mbád agus bíonn daoine ag tabhairt turas ar an tobar lá an phátrúin, an 9 Meitheamh. Nuair a bhíos siad tinn freisin tugann siad turas air le leigheas a fháil. Tá an tobar sa gcladach in aice na farraige. Tobar roinnt mór é. Tá cloch mhór chruinn istigh ina lár agus bíonn bric bheaga istigh fúithi. Nuair a bíonn siad ag tabhairt turas caitheann siad bia [faochain] síos ins an tobar ag na bric.
Tagann roinnt de mhuintir Árann go dtí an tobar lá an phátrúin. Tá an-mheas ag muintir Árann ar an tobar mar gheall gur chaith Colm Cille scaitheamh dá shaol amuigh leo féin.
Rinne Colm Cille tairngreacht go leor. Dúirt sé go dtiocfadh cogadh an dá Ghall sa bhfómhar idir speal is corrán agus go mbeadh droichead ar gach sruthán.
Nóra Ní Chúláin (93), Baile na hAbhann, Conamara a d’inis an seanchas seo faoi naomhphátrún an cheantair.
Iascaire a bhí i gColm Cille i dtús a shaoil. Nuair a bhí sé fhéin agus Naom Éanna in Árainn bhíodar ag troid ag féachaint cé acu a mbeadh Árainn aige. Dúirt siad go ngabhfadh siad dhá shiúl. Duine acu ar cheann amháin den oileán and an duine eile ar an gceann eile.
Thosaigh Éanna ag siúl ar cheann an oileáin ach dúirt Colm Cille Aifreann agus paidreacha sula ndeachaigh sé féin ag siúl agus bhí an t-oileán uilig siúlta ag Naomh Éanna nuair a bhí sé sin déanta ag Colm Cille.
Dúirt Colm Cille leis ansin nach n-iarrfadh sé féin ach leithead a bhrait de thalamh agus scar sé a bhrat ar an talamh agus chlúdaigh sé an t-oileán ar fad. Ansin b’éigean do Naomh Éanna an t-oileán ar fad a thabhairt dó.
Nuair a bhí Colm Cille sean agus é gar don bhás rinne sé cónra amach as cloch a bhí dhá stór ar airde. San stór uachtair chuir sé a chuid leabhra Aifrinn agus sa stór íochtair chuaigh sé féin agus ansin scaoil sé amach ar bharr na farraige an chónra.
Tháinig an chónra isteach i dtír i gcontae Aontroma agus bhí rí ar an áit agus bhí buachaill aige ag tabhairt aire do na beithígh. Is é an tuarastal a bhí sé a fháil cead a bheith aige bó leis féin a thógáil ar thalamh an rí. Gach lá théadh bó an bhuachalla síos go dtí an cladach go dtí an áit a raibh cónra Cholm Cille agus bhíodh sí ag líochán na cónra agus bhíodh níos mó bainne aici ná a bhíodh ag beithígh an Rí.
Lá amháin tháinig an rí go dtí an teach agus d’fhiafraigh sé de cén fáth a raibh níos mó bainne ag a bhó ná a bhí ag a chuid beithíoch fhéin mar bhí an rí ag ceapadh go raibh sé ag tógáil a bhó fhéin níos fearr na beithígh an rí. Dúirt an buachaill leis nach féar a bhí ag tabhairt an bhainne di ach go dtéadh sí síos sa gcladach ó mheán lae go tráthnóna agus gur ann a bhíodh sí ag cónaí. Chuadar síos go dtí an bhó agus fuair siad an bhó agus an chónra cloiche thíos sa gcladach.
Chuir an rí a chuid beithíoch síos go dtí an chónra ach ní raibh siad ag fanacht ann agus sé an chaoi a raibh an bainne ag imeacht uathu. B’éigean don Rí iad a fhágáil ag ithe ar an talamh go dtiocfadh an bainne dóibh aríst.
Nuair a fuair na ríthe eile amach go raibh cónra Cholm Cille ag an Rí thosaigh siad ag troid ag iarraidh an chónra. Ach sa deireadh séard a rinne siad cúig chónra eile a dhéanamh agus leabhra Cholm Cille a roinnt ar na ríthe go léir. Ní raibh aon údar troda acu ansin.
Sorcha Ní Allmhuráin, An tOileán Iarthach Thiar, Conamara a fuair an seanchas seo óna máthair Máire.
Fág freagra ar 'Lá Phátrún Cholmcille is mór fós a oidhreacht'