Lá Nollaig na mBan, éistear le glór na mban agus déanaimis an deirfiúrachas a cheiliúradh

Tá ceathrar ban a gcuimhním go mion agus go minic orthu is ar an gcomaoin a chuir siad orm

Lá Nollaig na mBan, éistear le glór na mban agus déanaimis an deirfiúrachas a cheiliúradh

Ní mór an t-iontas go mbeadh bean ag cuimhneamh ar mhná a d’fhág a lorg uirthi tráth Nollaig na mBan nó Lá Chinn an Dá Lá Dhéag. Tá ceathrar a gcuimhním go mion agus go minic orthu is ar an gcomaoin a chuir siad orm.

Ar ollscoil na Gaillimhe dúinn sna seachtóidí bhí comhluadar de chlann Mhic Dhonnchadha ina gcomharsana againn sa gCaisleán Nua agus bhíodh scoil neamhoifigiúil á reáchtáil againn do na gasúir. Deich nóiméad ag foghlaim agus cúig nóiméad sa seomra folctha ag slíocadh agus ag cóiriú a gcuid gruaige, a bhí dubh, tiubh agus catach, an straitéis teagaisc a thapaíomar.

Bhí aon mhac déag clainne ag an máthair sin, an buachaill is sine 13, agus d’ainneoin í a bheith ina cónaí faoi chanbhás agus tine dheataigh sa doras, bhí gach ar bhain léi sciomartha, sciúrtha agus dea-mhúinte. Tógadh tithe sa ngarraí sin ina dhiaidh sin agus fuaireadar ceann acu ach mo léan tháinig plá an ghliú an bealach is chuir cuid mhaith dá háilín ó rath. Agus Win chugainn ar cuairt, sháraigh a léargas ar shaol a treibhe an polaiteoir agus an socheolaí aitheanta a bhí ag teagasc ar an taobh eile den bhalla ach faraor cois tine amháin a bhíodh a glór le cloisteáil.

Muintir Dhonnchadha a spreag mé blianta ina dhiaidh sin le tabhairt faoi staidéar iarchéime i léann na forbartha agus sa taighde páirce sin a d’fhoghlaim mé an chuid is fiúntaí dá bhfuil ar eolas agam faoin saol agus faoi éagóir na forbartha.

Faoi urchar méaróige den Ghairdín Cuimhneacháin a chuir mé aithne ar May, bean nár bhlais mórán den tsaoirse ar doirteadh fuil go leor ar a son.  An tráth sin i mblianta tosaigh na 1980idí bhí maidhm mharfach hearóine i mullach cheantair áirithe sa bpríomhchathair agus de bharr roinnt snáthaidí agus saol corrach bhí VEID/SEIF ag baint croitheadh as pobal is lucht leighis. Cara liom a bhí ag obair sa bpobal a chuir May i mo bhealach. An príosún, an bás agus na sráideanna a d’fhág ceathrar garpháistí bunscoile as trí theaghlach faoina cúram. Í ansiúd ina seabhac agus iad ag teacht anall ón scoil ar fhaitíos go meallfadh mangaire iad le plámás nó pingineacha. Agus mac léi os comhair cúirte lá, dúirt sí, ‘Ní ghabhfaidh mé ann agus b’fhéidir le Dia go bhfaigheadh sé príosún. Beidh sé sábháilte ansin.’ Dá mbeadh a fhios aici.

Faoi fhéile Bríde a rugadh May agus lá dár fhiafraigh mé go fánach di céard ab fhearr léi ar a lá bán, dúirt sí ‘Bean na gruaige a theacht ag an teach, mo ghruaig fhéin agus gruaig Helen [cara agus cúltaca béal dorais] a dhéanamh agus muid ag comhrá, ag ól tae agus ag ithe cácaí beaga Kylemore!’

Ag an Zú a chaith mé féin agus na gasúir lá mór na gruaige. Agus í ag saothrú an bháis i mblianta tosaigh na mílaoise, sin í an bhean a bhí bródúil go mbeadh an gharchlann sin a thóg sí beag beann ar stát, andúil ná mangairí ag iompar a cónra.

Faoi lár na 1980idí bhí go leor cainte faoi Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta [IFSC] a bhunú ar bhruach thuaidh na Life mar chuid den athnuachan a bhí le déanamh ar lár na príomhchathrach. Chuige sin bhí an pobal dúchais le díshealbhú agus le hathlonnú [le díbirt] go dtí na bruachbhailte. Thuig an pobal sin na hiarmhairtí a bheadh ar an scaradh seo agus throideadar ina choinne. Maidin Sathairn amháin agus mé in árasán duine de na mná a bhí gníomhach sa bhfeachtas, bhí a clann agus clann a clainne ag rith isteach is amach agus cúraimí an lae á roinnt acu le Nan.

Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an gceithre leabhar déag don Chomhar Creidmheasa a bhí aici agus Nan i mbun baincéireachta is bainistithe maoine na dtrí ghlúin. Nasc teaghlaigh is pobail a réabfadh ardeaglais nua an IFSC agus sin sula raibh a fhios againn go mbánódh na baincéirí céanna lucht oibre is teaghlaigh na tíre seo. Níor mhiste liom deachtóir a dhéanamh de Nan ar feadh tamaill ach toradh a guí ní bhfuair sí.

Má theastaigh ceacht uaim faoina thábhachtaí atá cearta oideachais is eacnamaíochta do mhná, i Kolkata na hIndia a thuig mé go beacht gur ionann ceart is beatha. Ag obair dom tamaillín in ionad a bhunaigh an Mháthair Treasa do mhná a bhí ar an anchaoi is iad tréigthe ag an saol mór is a muintir. Ceann de na cúraimí a cuireadh orm ná a ghabháil thart le mo thobán mór uachtar cnis agus é a chuimilt go mín agus go cineálta i gcraiceann síonstálaithe na mban. Bean bheag amháin bhí léasracha dó uirthi óna básta síos.

Diaidh ar ndiaidh scaoil sí liom a scéal.

Agus a tríú hiníon díreach saolaithe ag Mena, scól a fear í le pota uisce bruite le teann feirge is díomá – trí spré le soláthar aige agus gan de rath uirthi mac a thabhairt dó. Creid é nó ná creid ach trua a bhí ag an mbean leonta sin dó – go raibh de mhí-ádh air duine beagmhaitheasach mar í féin a phósadh. Ba bheag tairbhe mo chuid ceachtanna múscailte comhfheasa an uair sin ach nach beag an baol nach mbeadh saol eile aici ach cead agus cumas saothraithe a bheith aici agus oiliúint faoin gcomhionannas is cearta an duine a bheith ar lucht na cumhachta.

Lá Nollaig na mBan, éistear le glór agus le scéalta na mban agus déanaimis an deirfiúrachas a cheiliúradh.

Fág freagra ar 'Lá Nollaig na mBan, éistear le glór na mban agus déanaimis an deirfiúrachas a cheiliúradh'

  • Gearóid de Grás

    Alt iontach! Grmma, a Mháire.