Lá na cinniúna thall agus abhus agus vótaí á gcaitheamh i dtoghchán Westminster

Cuirfear tús thall agus abhus leis an vótáil i dtoghchán Westminster ag 7am ar maidin agus dúnfar na botháin vótála ag 10pm anocht

Lá na cinniúna thall agus abhus agus vótaí á gcaitheamh i dtoghchán Westminster

Beidh muintir an Tuaiscirt i mbun vótála inniu don cheathrú huair le 13 mí anuas, ag áireamh dhá thoghchán Stormont, i mí an Mhárta agus i Bhealtaine na bliana seo caite agus an reifreann faoin mBreatimeacht i Meitheamh na bliana seo caite.

Tá os cionn 1.24 milliún duine ar chlár na vótóirí ó thuaidh do thoghchán Westminster an lae inniu, 12,000 níos lú ná mar a bhí cláraithe do thoghchán an Tionóil i mí an Mhárta.

Toghchán stairiúil ab ea é sin inar chaill aontachtaithe a móramh i Stormont den chéad uair riamh agus gan an DUP ach 1,168 vóta agus suíochán amháin chun tosaigh ar Shinn Féin faoin am go raibh na vótaí ar fad comhairithe.

Roimh thoghchán sin an Mhárta bhí 10 suíochán níos mó ag an DUP ná mar a bhí ag Sinn Féin agus 36,000 vóta níos mó ag an bpáirtí aontachtach chomh maith.

Bhí trí mhórathrú ann sa toghchán parlaiminte deireanach ó thuaidh, in 2015.

I mBéal Feirste thoir d’éirigh leis an DUP an suíochán ar thóg Naomi Long uathu é a fháil ar ais agus d’éirigh go maith leis an UUP in Aontroim Theas, mar ar éirigh leo suíochán a fháil ón DUP agus i bhFear Manach-Tír Eoghain Theas, mar ar éirigh leo suíochán a thógáil ó Shinn Féin.

Mar atá scríofa ar an suíomh seo ag Póilín Ní Chiaráin, dá mbeadh rith an ráis ar fad ag Sinn Féin inniu d’fhéadfaidís ceithre shuíochán sa bhreis a bhuachan, rud a d’fhágfadh le hocht suíochán iad.

Dá rachadh an vóta ina gcoinne ar fad ba chóir fós go gcoinneoidís na ceithre shuíochán a bhuaigh siad in 2015, ach tá a súile ag Sinn Féin an turas seo ar shuíocháin atá faoi láthair ag an DUP, an UUP agus an SDLP.

Maidir leis an DUP dá mbeadh lá an-mhaith acu siúd bheadh deich suíochán acu, ach má théann rudaí ina n-éadan d’fhéadfaidís a bheith fágtha i dtaobh le sé shuíochán.

Meastar go mbeidh an chéad toradh istigh ó thuaidh i ndiaidh 1am maidin amárach.

TORTHAÍ 2015:


Na toghcheantair chinniúnacha

TOGHCHÁN WESTMINSTER: Suíocháin de chuid an SDLP faoi bhrú sa Dún Theas agus i mBéal Feirste Theas

TOGHCHÁN WESTMINSTER: Treánionsaí á dhéanamh ar dhá shuíochán de chuid an DUP i mBéal Feirste

TOGHCHÁN WESTMINSTER: Súil ar na toghcheantair chinniúnacha taobh thiar den Bhanna…


Idir an dá linn, tá an chuma ar an scéal sa Bhreatain go mbeidh an iomaíocht idir Tóraithe Theresa May agus Páirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn níos déine ná mar a shíleadh i mí Aibreáin nuair a d’fhógair May go mbeadh toghchán obann ann.

An uair sin bhí na Tóraithe go rábach chun tosaigh ar Pháirtí an Lucht Oibre sna pobalbhreitheanna agus bhí ollbhua á thuar do May.

Tá an bhearna sin á iamh áfach ag Corbyn agus Páirtí an Lucht Oibre le roinnt seachtainí anuas, cé go bhfuil go leor guagachta sna pobalbhreitheanna éagsúla i gcónaí maidir le staid na mórpháirtithe.

Cuirfear tús leis an vótáil thall agus abhus ag 7am ar maidin agus dúnfar na botháin vótála ag 10pm anocht.

Fág freagra ar 'Lá na cinniúna thall agus abhus agus vótaí á gcaitheamh i dtoghchán Westminster'