‘Lá mór mórtais d’Éirinn’ – sé mhilliún vacsaín tugtha amach

Tá an chéad dáileog faighte ag 3.3 milliún duine agus an dara ceann faighte ag 2.8 milliún

‘Lá mór mórtais d’Éirinn’ – sé mhilliún vacsaín tugtha amach

“Lá mór mórtais d’Éirinn” atá ann, a deir Príomhfheidhmeannach an HSE, agus sé mhilliún dáileog vacsaíne in aghaidh an Covid-19 tugtha amach.

Dúirt Paul Reid gur “cloch mhíle iontach” a bhí ann an méid sin dáileog a bheith faighte ag daoine.

“Lá mór mórtais é d’Éirinn, áit bainte amach ag Kellie Harrington sna cluichí Oilimpeacha agus sé mhilliún vacsaín bainte amach againn.”

Tá an chéad dáileog faighte ag 3.3 milliún duine agus an dara ceann faighte ag 2.8 milliún.

Tá 99% de dhaoine os cionn 80 bliain vacsaínithe agus is amhlaidh an scéal i gcás daoine idir 70-79. 96% de dhaoine idir 60-69 atá vacsaínithe, 94% atá i gceist i measc daoine idir 50-59 agus tá an tsnáthaid faighte ag 89% de dhaoine idir 40-49.

Tá an HSE ag súil 230,000 vacsaín a thabhairt amach an tseachtain seo agus 200,000 a thabhairt amach an tseachtain seo chugainn.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE gur baineadh siar astu nuair a chonacthas an méid daoine óga a d’fhreastail ar na hionaid vacsaíne siúil isteach ag an deireadh seachtaine. 30,000 duine a bhí i gceist agus bhí 65% acu faoi bhun 20 bliain d’aois. 85% a bhí faoi bhun 30.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, an Dr Colm Henry, nach raibh aon choinne acu le líon na ndaoine a bhí ag iarraidh an vacsaín a fháil.

“Mí an Mhárta seo caite níor shíleamar choíche ná go deo go mbeadh oiread sin daoine ag glacadh leis an vacsaín,” a dúirt an Dr Colm Henry.

Idir an 1 Aibreáin agus an 29 Iúil, cuireadh cúram in aonad dianchúraim ar 143 daoine a bhí buailte ag an ngalar agus nach raibh aon snáthaid faighte ag 80% acusan.

6% a bhí lánvacsaínithe. Bhí dáileog amháin ag 31 othar ICU agus bhí tinneas éigin eile ag cur as freisin do 27 acusan.

368 cás in aghaidh gach 100,000 duine an ráta coicíse atá faoi láthair ann, ardú 4% ón tseachtain seo caite. 795 an ráta i nDún na nGall, an contae is measa atá buailte sa stát. Sa Ghaillimh atá an tríú ráta is measa, taobh thiar de chontae Lú.

Ag ardú “go mall” atá líon na gcásanna den ghalar agus iad 2% níos airde ná mar a bhí seachtain ó shin.

Fág freagra ar '‘Lá mór mórtais d’Éirinn’ – sé mhilliún vacsaín tugtha amach'