Lá mór i bPáirc an Chrócaigh roimh scoth na bhfoirne ó Ranna 3 agus 4

Imreoidh An Cabhán agus Tiobraid Árann in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais Roinn 4 roimh chluiche ceannais Roinn 3 idir Lú agus Luimneach

Lá mór i bPáirc an Chrócaigh roimh scoth na bhfoirne ó Ranna 3 agus 4

Lú v Luimneach – Páirc an Chrócaigh, 4.45pm (Beo ar TG4)

Tá seanchleachtadh ag iománaithe Luimnigh ar Pháirc an Chrócaigh le blianta beaga anuas agus iad ina ríthe na hiomána ach gheobhaidh peileadóirí an chontae a gcéad bhlaiseadh de cheannáras CLG le beagnach deich mbliana nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar chontae Lú i gcluiche ceannais Roinn 3 na sraithe tráthnóna.

In 2013 nuair a bhuaigh Luimneach ar Uíbh Fhailí i gcluiche ceannais Roinn 4 an uair dheireanach a ndeachaigh an peileadóirí an chontae chun páirce i bPáirc an Chrócaigh. Níl ach beirt a thosaigh an lá sin, an captaen Dónal O’Sullivan agus Iain Corbett, fós ag imirt do Luimneach. 

Fágann sárobair an earraigh go bhfuil foireann Billy Lee ag súil le Bóthar Mhic Sheoin a bhaint amach beagáinín níos minice feasta. Bhain Luimneach ardú céime amach an deireadh seachtaine seo caite tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Fhear Manach agus beidh siad anois i Roinn 2 le hÁth Cliath an bhliain seo chugainn. Roimhe sin, beidh Luimneach dírithe ar chluiche ceannais na Mumhan a bhaint amach, sprioc nach bhfuil indéanta agus Corcaigh agus Ciarraí ar an taobh eile den chomórtas, ach ar dtús críoch mhaith a chur leis an sraith sa chluiche ceannais a mian.

Rompu tráthnóna tá Mickey Harte agus contae Lú, dream eile a rinne gaisce i mbliana. Chuir Harte tús maith lena ré i gceannas ar Lú nuair a d’éirigh leo ardú céime a fháil ó Roinn 4 anuraidh agus níl aon stop leis an dul chun cinn agus iad críochnaithe ar bharr Roinn 3 anois, agus gan ach cluiche amháin caillte acu.

Bua in aghaidh Luimnigh a spreag iad i mbliana, mar a tharla sé. Chaill contae Lú in aghaidh Laoise agus chríochnaigh siar ar comhscór le Longfort sa chéad dá bhabhta ach tar éis dóibh Luimneach a bhualadh i mBabhta 3, bhuaigh fir Lú gach cluiche ó shin. Tá duine dá gcuid tosaithe, Sam Mulroy, ar cheann de na peileadóirí is cumasaí sa tír i láthair na huaire agus 3-51 aimsithe aige sna seacht gcluiche sraithe go dtí seo, níos mó ná aon imreoir eile.

Beidh an dá fhoireann sásta lena gcuid go dtí seo agus príomhsprioc na sraithe, ardú céime, bainte amach acu. Ós annamh a fhaigheann na foirne seo an deis corn a bhuachan, spreagfaidh sin iad tráthnóna.

An Cabhán v Tiobraid Árann – Páirc an Chrócaigh, 2.30pm (Beo ar TG4)

Cé nach mór an ceiliúradh a dhéanfaidh an Cabhán ná Tiobraid Árann ar chorn Roinn 4 na sraithe tar éis a bhfuil buaite acu le blianta beaga anuas, beidh an dá fhoireann sásta go bhfuil siad ag dul sa treo ceart, ar a laghad.

B’iontach iad gaiscí an dá fhoireann seo chun Craobh Uladh agus Craobh na Mumhan a bhuachan in 2020, ach, in áit lascadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, is amhlaidh a thit an tóin astu anuraidh agus dícháilíodh iad beirt go dtí Roinn 4.

Ba léir ó thús na sraithe go raibh an Cabhán céim chun cinn ar na foirne a bhí ina dtimpeall agus a gcéad cheithre chluiche buaite acu sa roinn. Ní raibh an rath céanna ar Thiobraid Árann, áfach. Theip orthu an chéad dá chluiche in aghaidh Phort Láirge agus in aghaidh Liatroma a bhuachan agus gach cuma ar an scéal go mbeadh siad sáinnithe i Roinn 4 ar feadh bliana eile. D’athraigh cúrsaí le bua in aghaidh Shligigh sa chéad chluiche eile agus choinnigh siad orthu ag dul ó neart go neart.

Buille mhór a bhí ann do Thiobraid Árann nuair a d’fhógair Michael Quinlivan nach mbeadh sé ag imirt i mbliana ach tá Conor Sweeney fós i mbarr a mhaitheasa agus scóráil an tosach 1-4 sa chluiche a bhuaigh siad ar an gCabhán i mBabhta 5.

Tá roinnt taithí ag foireann an Chabháin ar chluichí i bPáirc an Chrócaigh mar tá sé chluiche ar fad imeartha acu ansin le deich mbliana anuas. Níor éirigh leo ach ceann amháin acu sin a bhuachan agus beidh cluiche crua eile rompu inniu.

Fág freagra ar 'Lá mór i bPáirc an Chrócaigh roimh scoth na bhfoirne ó Ranna 3 agus 4'