Lá mór do lucht farraige i gConamara agus bád tarrthála nua ag teacht

Táthar ag súil go mbeidh an St Christopher ag teacht i dtír sa gClochán ag 2.30pm tráthnóna inniu

Lá mór do lucht farraige i gConamara agus bád tarrthála nua ag teacht

Lá mór é an lá inniu do lucht farraige i gConamara nuair a bheidh bád tarrthála nua an St Christopher ag teacht anall as Poole i Dorset Shasana go dtí an stáisiún sa gClochán. 

Táthar ag súil go mbeidh an bád nua ag teacht i dtír sa gClochán inniu ag 2.30pm. Déanfaidh cuid de bháid na háite an St Christopher a thionlacan isteach go dtí an stáisiún sa gClochán.

Le lag trá maidin amárach, idir 9.30 agus12.30, beidh cead ag an bpobal teacht chun an bád nua a fheiceáil taobh thiar de stáisiún an bháid tarrthála sa gClochán. 

Bád an-speisialta í seo mar tá ainm 10,000 duine atá imithe ar shlí na fírinne greanta uirthi istigh sna litreacha RNLI [Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála], a bhuíochas d’fheachtas bailithe airgid a seoladh in 2020, ar ar tugadh Seol Cuimhne nó ‘Launch a Memory’. Beidh deis ag daoine ainm a ndaoine muinteartha a fheiceáil ar an mbád amárach.

Agus criú an Chlocháin á tabhairt anall as Dorset, stopadar i mBaile Choitín, i gCionn tSáile agus i nDairbhre.

Agus mórtas air faoin mbád nua, dúirt John Brittain, Bainisteoir Oibríochtaí RNLI an Chlocháin, gur fada iad ag fanacht leis an lá seo agus gur “mór an onóir dóibh an 10,000 ainm sin a bheith ar an St Christopher. Beidh siad inár gcuideachta chuile uair a lainseálfaidh an criú an bád le ghabháil ar mhisean tarrthála.”

Tá gach eolas faoin bhfeachtas chomh maith le huirlis chuardaigh chun ainm duine a aimsiú ar an mbád le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Lá mór do lucht farraige i gConamara agus bád tarrthála nua ag teacht'