Lá mór do ‘Cré na Cille’ agus dhá leagan nua le seoladh inniu

Graveyard Clay atá tugtha ag Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson, aistritheoirí an leabhair, ar a leagan siúd de ‘Cré na Cille’

Comórtas Cré na Cille

Seolfar anocht leagan nua Béarla de mhórshaothar Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille, Tigh Giblin ar an Spidéal.

Graveyard Clay atá tugtha ag Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson, aistritheoirí an leabhair, ar an leagan nua seo. Is é Yale University Press a bheidh á fhoilsiú, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht  – an dá theach foilsitheoireachta chéanna a chuir leagan Alan Titley i gcló bliain ó shin.

Is é Bob Quinn, an scannánaí cáiliúil, a chuirfidh an t-aistriúchán nua i láthair an phobail i gConamara ar an Spidéal anocht, áit a mbeidh eagrán faoi chlúdach bog d’aistriúchán Alan Titley ar an saothar céanna á sheoladh freisin.

Leanfaidh an seoladh comhdháil a bheidh ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh,ar maidin. Is in Áras na Gaeilge a sheolfaidh an tOllamh Pól Ó Dochartaigh an chomhdháil lae agus pléifidh seisear aíonna “tionchar, tábhacht, agus toradh” Cré na Cille ar feadh an lae.

Beidh an Titlíoch féin i measc na gcainteoirí agus labhróidh sé faoin “aighneas pearsanta” a d’airigh sé agus é ag dul i ngleic le Cré na Cille. Labhróidh an t-údar Joe Steve Ó Neachtain, arb as an gCré Dhubh é, cúpla céad slat ón gCnocán Glas, baile dúchais an Chadhnaigh, faoi thionchar an leabhair ar an bpobal áitiúil.

Is iad Dónall Ó Braonáin, an Dr Aingeal Ní Chualáin, an Dr Lillis Ó Laoire agus an tOllamh Gearóid Denvir na cainteoirí eile a labhróidh faoi ghnéithe éagsúla den leabhar agus faoina thionchar ar an saol Gaelach.

Beidh ócáid eile ar siúl i mBaile Átha Cliath an tseachtain i ndiaidh sheoladh na Gaillimhe. Seolfaidh Cathal Goan, a bhíodh ina Phríomhfheidhmeannach ar TG4 agus RTÉ, an dá leagan Béarla i láthair na bhfoilsitheoirí ó Yale University Press i dTeach na Clódóireachta i gColáiste na Tríonóide.

D’fhógair Cló Iar-Chonnacht i mí na Samhna seo caite go bhfuil sé i gceist acu go mbeadh Cré na Cille ar fáil in os cionn scór teangacha faoi cheann deich mbliana.

Dúirt Mícheál Ó Conghaile le Tuairisc.ie an uair sin go raibh na foilsitheoirí ag súil go mbeadh trí leagan nua – Ollainnis, Seicis, agus Gearmáinis –  ar fáil faoi thús na bliana 2017.

Liam Mac Con Iomaire-Press1

Thosaigh Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson ar Cré na Cille a aistriú sa bhliain 2001, tar éis do Robinson alt leis an teangeolaí Michael Cronin a fheiceáil in The Irish Times inar ‘impigh’ sé ar dhuine éigin an leabhar a chur i mBéarla, a dúirt Mac Con Iomaire le Tuairisc.ie.

“Léigh Tim an t-alt sin a bhí ag Cronin agus go gairid ina dhiaidh sin bhí mé thiar aige agus dúirt sé ‘an bhfaca tú é seo?’. Ní hé gur thosaigh muid láithreach ar an aistriú ná baol air ach thart ar bhliain ina dhiaidh sin, tar éis é a phlé cúpla uair eadrainn féin, thosaigh muid é.

“Chuala Mícheál Ó Conghaile go raibh an obair ar siúl agus ghlaoigh sé ormsa. Thosaigh mé ag cur na bpíosaí siar ag Cló Iar-Chonnacht agus chuir siadsan amach chuig daoine eile iad. Thosaigh an obair i gceart thart ar an mbliain 2002 nó 2003,” a dúirt sé.

Bhí an obair tosaithe ag an mbeirt sular chuala siad aon scéala go mbeadh an dá leagan ann –  a gceann féin agus leagan Alan Titley.

“Ag tús na bliana 2012 fuair mé an chéad scéala go mbeadh an dá leagan le cur i gcló, go raibh fonn orthu leagan eile a dhéanamh freisin. Dúradh linn go bpiocfaidís an ceann s’againne ó tharla go raibh sé scolártha agus ceann Titley mar bhí sé difriúil,” a dúirt sé.

Dúirt Robinson ina ‘nóta aistritheora’ i leathanaigh thosaigh an leagain nua gurbh é Mac Con Iomaire a chruthaigh ‘bunús an aistriúcháin’ agus go ndeachaigh an bheirt acu tríd go mion ina dhiaidh sin, frása ar fhrása “ar thóir na bhfocal Béarla a thabharfadh brí fhocal an Chadhnaigh leo go soiléir”.

“Chuaigh mise trí chuile abairt arís agus arís eile, agus chuaigh Tim trí chuile cheann acu freisin, rinne sé obair na gcapall. Má bhí aon athrú le déanamh áit ar bith, má bhí muid in amhras faoi fhocal nó nath, rinneadh an t-athrú.

“Ní móide go ndéanfadh mé aon aistriúchán ar aon saothar chomh mór céanna le Cré na Cille riamh arís, ach dá ndéanfadh, dhéanfainn ar an gcaoi sin é, go mbeadh beirt ag obair air. D’oibrigh an cur chuige go maith,” a dúirt Mac Con Iomaire.

Tabharfaidh an léitheoir a bhfuil leagan Titley léite aige cúpla difríocht mhór faoi deara idir an dá leagan. Ar cheann acu sin, tá aistriú na n-ainmneacha agus na logainmneacha. Bheartaigh an Titlíoch ainmneacha na gcarachtar a chur i mBéarla agus Béarlú a dhéanamh ar na logainmneacha mar a rinneadh sa tír seo fadó – fuaimeanna ‘Béarla’ a chur ar fhocail Ghaeilge.

Tá Robinson agus Mac Con Iomaire tar éis a ghabháil sa treo eile agus formhór na n-ainmneacha a fhágáil i nGaeilge agus aistriúchán go Béarla seachas ‘Béarlú’ a dhéanamh ar na logainmneacha.

Mhínigh Robinson go raibh an cheist sin ar cheann de na ceisteanna “is minice agus is práinní” a tháinig ar ais ó na léitheoirí a chaith súil ar an saothar agus é idir lámha, agus dúirt Mac Con Iomaire le Tuairisc.ie gur pléadh an cheist go mion. Tá Béarlú na logainmneacha “róchoitianta mar atá sé” a dúirt sé, agus níor theastaigh uathu é a dhéanamh sa mbaile ficsin a chruthaigh Ó Cadhain.

“There is a point to this; one doesn’t want to be pretending that Caitríona and her neighbours are buried in some present day English graveyard. But there are other ways of preserving a whiff of the book’s setting, its irreducible foreignness, across the linguistic gulf.

“The countless mentions in Cré na Cille of stony little fields, seaweed harvesting, holy wells, and so on, and the occasional references to a motor car, a movie, a woman in trousers, sufficiently locate it in a rural seaside community at a period when its oldl ways are being invaded by modernity,” a scríobh Robinson ina nóta sa lebhar nua.

Dúirt Mac Con Iomaire le Tuairisc.ie go bhfuil sé ag súil go dtabharfar “léargas nua” do shaol an Bhéarla ar shaothar an Chadhnaigh.

Fág freagra ar 'Lá mór do ‘Cré na Cille’ agus dhá leagan nua le seoladh inniu'