Lá mór d’iománaithe agus do pheileadóirí na Gaillimhe…

Imreoidh foireann Kevin Walsh in aghaidh chontae na Mí inniu agus tabharfaidh foireann Micheál Donoghue cuairt ar Pháirc Uí Nualláin agus iad ag iarraidh cluiche a bhuachan ann den chéad uair ó 2010

Bhí an drochaimsir ag cur as do bhainisteoir na Gaillimhe, Kevin Walsh, an deireadh seachtaine seo ciate. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Bainisteoir na Gaillimhe, Kevin Walsh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Gaillimh v An Mhí, Páirc an Phiarsaigh, 2 i.n.

Cúig bliana atá caite ag peileadóirí na Gaillimhe i Roinn 2 den tSraith Peile Náisiúnta agus an contae fós ag fanacht le háit i measc mhórfhoirne na tíre. Céim sa treo ceart a bheadh ann dá n-éireodh leo cluiche an lae inniu a bhuachan.

Agus iad dhá phointe chun deiridh ar Thír Eoghain, atá ag barr na sraithe faoi láthair, tá an Ghaillimh sa dara háit in éineacht le Doire agus dhá chluiche buaite acu as na trí cinn atá imeartha acu go dtí seo sa tsraith. Thart ar deich bpointe de ghnáth a theastaíonn chun an t-ardú céime a bhaint amach agus toisc go bhfuil cluichí deacra as baile le teacht in aghaidh Ard Mhacha agus an Chabháin, beidh na Gaillimhigh ag súil le dhá phointe a ghnóthú inniu.

Tabharfaidh an bua maith a bhí acu ar Dhoire an tseachtain seo caite muinín do Ghaillimh. Cé nach raibh ach trí chúilín idir na foirne ag deireadh an chluiche, bhí farasbarr deich gcúilín ag foireann Kevin Walsh ag pointe amháin sa dara leath – dhá chúl dhéanacha do Dhoire a laghdaigh an bhearna.

imreoirí tábhachtacha ar fáil arís do Ghaillimh do chluiche an lae inniu. Cé go bhfuil an fear lár páirce, Fiontán Ó Curraoin, i mbaol cluiche an lae inniu a chailleadh agus é gortaithe, d’imir Finian Hanley, Cathal Sweeney agus Gary Sice den chéad uair i mbliana in aghaidh Dhoire.

Chomh maith leis sin, tabharfaidh cliseadh na Mí in aghaidh an Chabháin an tseachtain seo caite spreagadh d’fhir an iarthair. Bhí an Mhí ocht gcúilín chun cinn gan ach 20 nóiméad fágtha ach rinne na hUltaigh scrios orthu i bPáirc Tailteann sa dara leath, iad ag aimsiú 1-15 sa 30 nóiméad deireanach, i gcomparáid leis an 0-5 a scóráil an fhoireann baile. Ba é seo an dara cluiche as a chéile a chaill foireann Mick O’Dowd sa tsraith agus má fhágann siad Bóthar na Trá gan pointe ar bith acu inniu, is ag iarraidh an t-ísliú céime a sheachaint a bheidh siad.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

David Burke agus Brian Flaherty (Gaillimh) ag iarraidh stop a chur le Michael Rice of Kilkenny. INPHO/James Crombie
David Burke agus Brian Flaherty (Gaillimh) ag iarraidh stop a chur le Michael Rice INPHO/James Crombie

Cill Chainnigh v Gaillimh, Páirc Uí Nualláin, 2 i.n.

Níl sé chomh fada sin ó d’imir iománaithe Chill Chainnigh agus na Gaillimhe in aghaidh a chéile ach maireann na droch-chuimhní ón gcluiche sin fós san iarthar. Níorbh é an cluiche ceannais i gcoinne na gCat a chéadspreag an éirí amach in aghaidh Anthony Cunningham sa Ghaillimh. Bhí rudaí ag dul in olcas i bhfad roimhe sin, ach is é an toradh sin a chuir deireadh le ré an bhainisteora.

Tá Micheál Donoghue tagtha i gcomharbacht ar Cunningham ach tá sé chomh deacair céanna léamh ar na Gaillimhigh i gcónaí. Tar éis dóibh bua slachtmhar a fháil in aghaidh Chorcaí sa chéad bhabhta den tsraith, thug siad taispeántas thar a bheith lag uathu in aghaidh Bhaile Átha Cliath i mBabhta 2. Tar éis gur thug Tiobraid Árann greadadh do Bhaile Átha Cliath theip ar na Gaillimhigh iad a shárú.

Anois agus Babhta 3 sroichte againn, níl sé soiléir cén cineál taispeántais a fheicfimid ó fhoireann Donoghue. Tá drochscéal faighte aige le seachtain anuas agus é deimhnithe go bhfuil drochghortú glúine ag cur as do Greg Lally agus an baol ann go mbeidh sé in easnamh don chuid eile den séasúr. Gortaíodh John Hanbury agus Fergal Moore sa chluiche céanna i bPáirc Parnell, rud a fhágann go bhfuil easpa cosantóirí ar Donoghue. Ar a laghad, tá an chuma ar an scéal go mbeidh teacht arís aige ar Dhaithí Burke, fear a bheidh in ann cúnamh a thabhairt ó thaobh na cosanta de.

Níl sé chomh héasca sin breithiúnas a thabhairt ar Chill Chainnigh i mbliana ach an oiread. Iontas na n-iontas, ba é an t-easpa déine ina gcuid imeartha a bhí ag cur as dóibh sa chéad chluiche in aghaidh Phort Láirge agus cé gur fheabhsaigh siad in aghaidh Thiobraid Árann i mBabhta 2, bhí siad chun deiridh don chuid is mó den chluiche sin chomh maith.

or éirigh le tosaithe Chill Chainnigh a lorg a fhágáil ar an gcluiche in aghaidh Phort Láirge ar chor ar bith ach léirigh siad an mianach atá iontu coicís ó shin nuair a d’aimsigh Kevin Kelly dhá chúl déanacha sa chluiche.

Tá an cúig chluiche is déanaí idir na foirne seo sa tsraith buaite ag an bhfoireann baile agus an chuma ann nach dtiocfaidh aon athrú ar an scéal sin i 2016.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Fág freagra ar 'Lá mór d’iománaithe agus do pheileadóirí na Gaillimhe…'