‘Lá iontach é dár dteangacha’ – dlí nua tugtha isteach ar mhaithe le langues régionales na Fraince

Seo an chéad uair a tugadh isteach dlí nua ar mhaithe leis na teangacha réigiúnda ó bunaíodh Cúigiú Poblacht na Fraince i 1958

‘Lá iontach é dár dteangacha’ – dlí nua tugtha isteach ar mhaithe le langues régionales na Fraince

Tá dlí nua tugtha isteach sa bhFrainc chun teangacha réigiúnacha a chosaint agus a chur chun cinn ar fud na tíre.

Seo an chéad uair a tugadh isteach dlí nua ar mhaithe leis na teangacha réigiúnda ó bunaíodh Cúigiú Poblacht na Fraince i 1958. 

Tabharfar isteach an tumoideachas faoi dlí nua agus meastar go gcabhróidh sé go mór le teangacha amhail an Bhriotáinis, an Chorsaicis, an Alsáisis, an Bhascais agus an Ocsatáinis. 

Faoin dlí nua ceadófar do scoileanna teagasc i dteanga réigiúnach amháin don chuid is mó den lá agus is de réir a chéile a thabharfar teagasc na Fraincise isteach. 

Sa chás nach bhfuil teacht ag dalta ar an tumoideachas ina cheantar féin beidh ar na húdaráis áitiúla tacaíocht airgid a chur ar fáil dó. Thacaigh móramh mór leis an mbille sa tionól náisiúnta, an Assemblée nationale. 247 feisire a vótáil ar a shon, 76 a bhí ina choinne agus staon 19. 

Dúirt Paul Molac, an feisire as an mBriotáin a chuir an bille chun cinn gur lá stairiúil a bhí ann. “C’est un grand jour pour nos langues,” a dúirt sé.

“Tá sé stairiúil, den chéad uair i stair an Chúigiú Poblacht, tá dlí rite againn faoi theangacha réigiúnacha.

“Bhí rath ar dhíograis na gcumann, na n-ionadaithe áitiúla agus ar dhiogbháilteacht na mball parlaiminte. Lá iontach é dár dteangacha,” arsa Molac.

I ndiaidh na vótála chas Molac agus a chomhghleacaithe Bro Gozh ma Zadoù (seantír mo shinsir) amhrán mór na Briotáine ar chéimeanna an Palais Bourbon. 

Níor thacaigh La République En Marche! páirtí an Uachtaráin Emmanuel Macron ná an tAire Oideachais Jean-Michel Blanquer leis an mbille nua.

Dúirt daoine eile gur botún a bhí ann an tumoideachas a thabhairt isteach mar nach mbeadh dóthain acmhainní ann lena chur i bhfeidhm i gceart.

Fág freagra ar '‘Lá iontach é dár dteangacha’ – dlí nua tugtha isteach ar mhaithe le langues régionales na Fraince'

  • S. Mac Muirí

    Tá sé seo suntasach. Déanfaidh sé leas mór. Tá obair mhaith déanta acu.

  • Cluain Sceach

    Faraor, ach tá sé ró-dhéanach

  • S. Mac Muirí

    ‘Is í an mhaith an mhaith i gcónaí.’

  • S. Mac Muirí

    … mhaith dhéanach an mhaith i gcónaí.

  • Poraic o'hEipicín

    Is maith ann é.