Lá Idirnáisiúnta na mBan le ceiliúradh ag scríbhneoirí na Gaeilge i dTeach an Ardmhéara don tríú bliain as a chéile

I measc na scríbhneoirí agus filí aitheanta a bheidh i láthair ag ócáid i dTeach an Ardmhéara anocht, beidh Caitríona Ní Chléirchín, Aifric Mac Aodha, Máire Dinny Wren agus Áine Durkin

Lá Idirnáisiúnta na mBan le ceiliúradh ag scríbhneoirí na Gaeilge i dTeach an Ardmhéara don tríú bliain as a chéile

Anna Heussaff

Beidh oíche mhór filíochta agus shiamsaíochta ar siúl i dTeach an Ard-Mhéara san ardchathair anocht agus Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh.

Micheál Mac Donncha, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, a chuirfidh tús leis an oíche agus beidh go leor filí agus údar ag léamh as a gcuid saothar le linn na hócáide.

Seo é an tríú bliain as a chéile a bheidh teacht le chéile den chineál seo ar siúl i dTeach an Ard-Mhéara ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Ba í an t-iarArdmhéara Críona Ní Dhálaigh a chuir tús leis an nós in 2016.

Dúirt Mícheál Mac Donnacha go raibh “an-áthas” air tacú leis an “nós nua” i dTeach an Ardmhéara.

“Tá an-áthas orm tacú leis an ócáid seo,”

Is breá liom fáilte a chur roimh phobal na Gaeilge anseo, idir óg agus aosta, thuaidh agus theas. Is Bliain na Gaeilge í 2018, agus is cúis bhróid dúinn ar fad traidisiún scríbhneoireachta na Gaeilge a fheiceáil chomh beo le breac,” a dúirt Ardmhéara Bhaile Átha Cliath.

I measc na scríbhneoirí agus filí aitheanta a bheidh i láthair, beidh Caitríona Ní Chléirchín, Aifric Mac Aodha, Máire Dinny Wren agus Áine Durkin. Beidh Cvetka Bevc, file agus údar ón tSlóvéin i láthair chomh maith, agus cuirfidh Áine Ní Ghlinn aistriúcháin Ghaeilge ar shaothar Bevc ar fáil.

Beidh beirt fhilí óga, Milène Fegan agus Dáire Ní Chanáin, a thug leo na mórdhuaiseanna ag Comórtas Slam Filíochta Liú Lúnasa i mbliana, i mbun aithrise ar a gcuid filíochta chomh maith.

Is í Anna Heussaff, ar foilsíodh leabhar nua léi, Sárú, le gairid, a bheidh mar bhean an tí ag an ócáid. 

-Cuirfear tús le hócáid na hoíche anocht ag 7pm agus i mbliana den chéad uair, is gá ticéad a bheith agat. Beidh Cormac ag 5 ag craoladh beo ó Theach an Ardmhéara ag a 5pm

Fág freagra ar 'Lá Idirnáisiúnta na mBan le ceiliúradh ag scríbhneoirí na Gaeilge i dTeach an Ardmhéara don tríú bliain as a chéile'