Lá idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh ag scríbhneoirí na Gaeilge i dTeach an Ardmhéara

Ba í an tArdmhéara féin, Críona Ní Dhálaigh, a thug cuireadh do na scríbhneoirí teacht go dtí Teach an Ardmhéara do Lá Idirnáisiúnta na mBan

Womwn

Tá Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh inniu, Dé Máirt, agus ceiliúradh ar leith ar siúl i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath, áit a mbeidh cuid de phlúr na mbanscríbhneoirí Gaeilge ag glacadh páirte in ócáid speisialta anocht.

Beidh seisear scríbhneoirí aitheanta ag léamh i dTeach an Ardmhéara anocht: Éilís Ní Dhuibhne, Áine Ní Ghlinn, Anna Heussaff, Éilís Ní Anluain, Áine Ní Mhaoldomhnaigh O’Driscoll agus Réaltán Ní Leannáin. Is í an blagadóir Áine Durkin a bheidh ina Bean a’ Tí don oíche agus beidh ceol ann ó Fhionn Ó hAlmhain agus a chairde.

Ba í an tArdmhéara féin, Críona Ní Dhálaigh, a thug cuireadh do na scríbhneoirí teacht go dtí Teach an Ardmhéara do Lá Idirnáisiúnta na mBan.

“Ón gcéad lá a leag mé cos thar an tairseach mar Ardmhéara, bhí sé mar rún agam bheith i mo chrann taca don Ghaeilge agus do mhná tríd an ról nua a bhí agam.

“Mar a tharla, bhuail mé le Réaltan Ní Leannáin ag ócáid eile sa Teach roimh an Nollaig agus chonaic an bheirt againn go raibh seans agam an dá rud a fhí le chéile tríd an fhéile seo,” a dúirt Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh.

Ócáid de chuid Sheachtain na Gaeilge agus IMRAM atá in ócáid na hoíche anocht.

Deir an tArdmhéara go leagtar constaicí roimh mhná i gcónaí. “Bíodh is go bhfuil cúrsaí feabhsaithe go mór thar na blianta, tá bunfhadhb ag mná fós, fiú céad bliain i ndiaidh Éirí Amach na Cásca.

“Fágtar cúram teaghlaigh ar mhná don chuid is mó. Níl go leor naíolanna ar an bhfód, agus tá siad ródhaor freisin, rud a fhágann go bhfuil go leor ban ag tabhairt aire do pháistí sa bhaile, bíodh gur mian leo nó nach mian. Caithfimid cúrsaí a fheabhsú trí chóras ceart creidmheasa cánach a thabhairt isteach, agus ár gcuid naíolanna a rith ar chostas réasúnta.”

-Cuirfear tús le hócáid na hoíche anocht ag 7pm agus cead isteach saor in aisce ag cách. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Lá idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh ag scríbhneoirí na Gaeilge i dTeach an Ardmhéara'