Lá fada na cinniúna do na Gaeil

Lá fada os comhair an scáileáin atá romhainn an Satharn beag seo seo agus braithfidh sé níos faide fós mura dtagann feabhas ar imirt Murray, Sexton agus Best

Paul O'Connell 20/3/2015
Captaen na hÉireann, Paul O’ Connell, agus pointe á dhéanamh aige ag an dtraenáil i gcaitheamh na seachtaine. ©INPHO/Billy Stickland

 

De bhrí gur chinn orainn an lámh in uachtar a fháil ar na Breatnaigh an deireadh seachtaine seo caite, tá seans anois ag trí fhoireann an comórtas Sé Náisiún a bhuachtáil: muid féin, na Sasanaigh agus na Breatnaigh (tá seans beag ag na Francaigh leis ach míorúilt a bheadh ann).

Is iad na Sasanaigh atá ar bharr an tábla le difríocht 37 pointe, tá na Gaeil ceithre phointe taobh thiar díobh ar 33 pointe agus na Breatnaigh 21 pointe níos faide siar ar 12 pointe.

Beidh na Breatnaigh as baile sa Róimh i gcoinne na hIodáile sa gcéad chluiche a bheas á imirt ag 12.30 an Satharn seo, agus bua agus scór ollmhór mar sprioc acu. Is minic a bhíonn an Iodáil lag go maith ag deireadh an chomórtais ach tar éis an léasadh a fuair siad ó na Francaigh an deireadh seachtaine seo caite, beidh siad féin, na Sasanaigh agus na Gaeil ag súil go mbeidh siad in ann an cluiche a bhuachtáil nó scór na mBreatnach a choinneáil íseal ar a laghad ar bith.

Beidh toradh an chluiche sin ar fáil faoin am a bheas na Gaeil ag dul chun páirce i nDún Éideann sa dara cluiche an lá sin ag 2.30 i.n.

Beidh a fhios ag na Gaeil céard atá le déanamh acu ar chlár na scór más áil leo brú na mBreatnach a sheachaint. Ach roimhe sin beidh orthu Albain a chloí, mar, má bhíonn an bua ag Albain, beidh  rás na hÉireann rite. Sa gcás go n-éiríonn linn an lámh in uachtar a fháil, beidh gá le scór a bheas ceithre phointe níos fearr ná an scór a bheas ag na Sasanaigh ar na Francaigh agus iadsan sa mbaile i Londain, sin má bhíonn an bua ag Sasana.

Sách casta duit?

In ainneoin nár éirigh le hAlbain aon chluiche a bhuachtáil sa gcomórtas seo fós,  tá contúirt ag baint leo. Ar an gcéad dul síos, is acu atá buntáiste an bhaile, chomh maith leis sin beidh a fhios acu ón gcluiche i gcoinne na mBreatnach gur féidir brú a chur ar na Gaeil. Bhí síneadh amach na hÉireann go dona i gCaerdydd i gcomparáid le ceann na hAlban i Londain. Tá fhios ag Vern Cotter, bainisteoir na hAlban, go bhfuil deacrachtaí ag na Gaeil sa lár páirce, agus cé go bhfuil cosaint Phayne agus Henshaw láidir, níl siad sách cruthaitheach san ionsaí don leibhéal seo. Bhí chuile dhuine cinnte go mbeadh Joe Schmidt ag díriú ar na deacrachtaí seo freisin, ní hiontas go bhfuil athrú imreoir nó dhó déanta aige don chluiche seo.

Rud amháin cinnte, caithfidh na Gaeil an tús lag a bhí acu i gCaerdydd a sheachaint an Satharn seo, a mhalairt glan a bheas uainn. Caithfear dul ar an ionsaí ón gcéad nóiméad, dul ar thóir bua agus lear mór úd a aimsiú le bearna ollmhór a chruthú ar chlár na scór.

Má imríonn na Gaeil mar a rinne siad sa dara leath i gcoinne na mBreatnach níor cheart go mbeadh aon stró orthu bua a fháil, ach is scéal eile ar fad scór mór a aimsiú. Más linn é sin a dhéanamh caithfidh Murray, Sexton agus Best imirt i bhfad níos fearr ná mar a d’imir siad i Staid na Mílaoise.

Ag a cúig a chlog i Londain, tabharfaidh na Francaigh, imreoirí a chaill dhá chluiche, faoi na Sasanaigh. Má bhíonn an lá leis na Gaeil agus na Breatnaigh sa gcéad dhá chluiche beidh siad ag súil go mbeidh an lá leis na Francaigh, má tharlaíonn sin, caithfear na Sasanaigh as an gcomórtas. Ach is iad na Sasanaigh rogha na coitiantachta don chluiche seo, is cinnte dá bhrí sin go mbeidh tír agus talamh ag breathnú ar an teilifís ag guí nach bhfaighidh siad scór rómhór ar na cuairteoirí.

Ní bheidh muid cinnte cé  a bheas ar bharr an tábla go mbeidh an tríú cluiche seo thart.  Lá fada os comhair an scáileáin atá romhainn an Satharn seo!

Fág freagra ar 'Lá fada na cinniúna do na Gaeil'