Lá éigin tabharfaimid thú go Oileáin Árann ar an Dún Aengus…

Ina leabhar cuimhní cinn An Nollaig Thiar déanann Breandán ó hEithir an-chur síos ar laethanta órga an Dún Aengus ‘an bád ba thábhachtaí inár saol'

Lá éigin tabharfaimid thú go Oileáin Árann ar an Dún Aengus…

Tá cuimhní pearsanta agamsa ar bhád nár leag mé cos ariamh uirthi. ‘Lá éigin tabharfaimid thú go Oileáin Árann ar an Dún Aengus,’ a deirtí liomsa go minic nuair a bhí mé óg agus muid ag caitheamh an tsamhraidh sa Spidéal. D’fheicinn an bád ag treabhadh na dtonnta ón bhfuinneog ó dheas, chomh maith leis na longa móra paisinéirí a bhíodh ag freastal ar Ghaillimh an uair sin.

Tá mé fós ag fanacht ar an turas draíochtúil sin ó Dhuga na Gaillimhe go dtí Cill Rónáin.

Ina leabhar cuimhní An Nollaig Thiar déanann Breandán ó hEithir an-chur síos ar laethanta órga an Dún Aengus ‘an bád ba thábhachtaí inár saol’.

‘Ba í – mar bhí sí chomh baineann sa gcaint leis an bhfarraige a sheol sí – a choinnigh riachtanais na beatha le pobal trí oileán Árann, chomh maith lena dtabhairt go tír mór agus ar ais, ó 1912 go 1957.’

‘Bhí sórt beatha dá cuid féin ag an ‘Dún Aengus’; beatha a thuill gean an phobail di. Nuair a chuaigh sí i dtír in Inis Meáin i 1947, measadh nach seolfadh sí arís agus cumadh amhrán ina taobh. Ach cóiríodh í agus sheol sí in athuair.’

Briseadh an Dún Aengus i longcheárta i gCorcaigh ar deireadh agus ní bhfuair mé mo thuras go hÁrainn inti riamh.

Ach, rinne mé an turas ar deireadh thiar ar an mbád a tháinig i gcomharbacht uirthi – an Naomh Éanna. Bhí scata againn ó Choláiste Chonnacht sa Spidéal ar turas lae – thóg sé os cionn trí huaire go leith, chomh fada le mo chuimhne.

Agus rinne mé an turas sin arís agus arís eile thar na mblianta sular thosaigh na báid ghasta paisinéirí ag déanamh an turas as Ros an Mhíl. Is cuimhin liom uair amháin nuair a tháinig an Naomh Éanna isteach gar d’Inis Meáin agus muide réidh ar an trá le fir na gcurach a bhí sásta muid a iompar amach chomh fada léi. Ach chas sí ag an nóiméad deireanach agus d’imigh ar ais go Gaillimh.

Níor chuir sé as do bhean a’ tí muid a fheiceáil arís ag teacht aníos an bóithrín. Ba chuid de shaol an oileánaigh é go gcuirfeadh an aimsir isteach ar sheoladh an bháid agus ní raibh na leapacha fiú amháin cóirithe aici.

Cuimhním ar na laethanta sin ar a laghad faoi dhó gach seachtain nuair a bhímid thíos ag Duga na Canálach Móire anseo i mBaile Átha Cliath.

Ansin os mo chomhair sa Duga beag a dtugann siad an ‘Graving Dock’ air, tá conablach an ‘Naomh Éanna’, agus í ar leataobh sa spás beag cúng sin. Níl aon bhaol go ngabhfaidh sí go tóin poill toisc go bhfuil sí cheana féin ins an bponc sin. Ní mór an doimhneacht sa duga beag.

Anois is arís, tagann iriseoirí ar an scéal agus gach duine acu ag ceapadh go bhfuil siad féin ar an gcéad duine a smaoinigh air. Is é an scéal ná go bhféadfaí an long a shábháil agus a athchóiriú – mar long, mar óstán, mar ionad do thurasóirí – déan do rogha.

Is í an mheirg atá á coinneáil ina chéile agus níl seans dá laghad ann go bhféadfaí í a thabhairt ar ais mar long inúsáidte.

Lá éigin amach anseo, tá mé cinnte go ngabhfaidh muid thar an duga sin sa mbád dragain agus beidh sí imithe. Tá an suíomh sin róluachmhar agus tá pleananna ag Uiscebhealaí Éireann agus ag NAMA do na tailte thart ar an Duga.

Ní hí an Naomh Éanna an t-aon long bhriste atá sáinnithe thart ar Bhaile Átha Cliath.

I gCalafort Bhaile Atha Cliath faoi láthair, tá long le cé, an MV Shingle, a ghabh na Coimisinéirí Ioncaim roinnt blianta ó shin ag Calafort Dhroichead Átha agus lasta mór toitíní mídhleathacha ar bord aici.

Is dócha gur cheapadar go raibh an lá leo agus an long á tabhairt i dtír acu.

Faoi dhlí na hÉireann is iad na Coimisinéirí Ioncaim atá ceaptha ina ‘Glacadóirí Longa Briste’ agus ciallaíonn sin go gcaithfidh siad aon chostas a sheasamh chomh fada agus a bhaineas leis na longa a thógann siad faoin gcúram.

Bhí an deis acu an long a dhíol ach frítheadh amach go raibh ‘aispeist’ ar bhord na loinge agus ní bheadh sé éasca fáil réidh leis sin.

Bhí plean ann í a thabhairt timpeall go dtí an cósta thiar, áit a raibh fear gnó áitiúil ag iarraidh long bhriste a chur go tóin poill agus bheadh sin fóirsteanach do thumadóirí. Ach chuir an aispeist isteach ar an bplean sin agus cosnaíonn sé airgead fós chuile bhliain í a choinneáil le cé i mBaile Átha Cliath.

Is fadhb dhomhanda iad na longa tréigthe. De réir na bhfigiúirí is deireanaí (2022) a d’fhoilsigh an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus an Cumann Idirnáisiúnta Mara, bhí 113 soitheach agus 1555 mairnéalach tréigthe ar muir, nó ar a laghad, gar do thalamh tirim.

Ach le linn na paindéime, nuair a bhí cúrsaí ar bord loinge ag dul in olcas gach lá ar fud an domhain, measadh go raibh 400,000 mairnéalach sáinnithe ar a gcuid long, gan cead acu dul i dtír in aon áit. (Ní raibh na longa tréigthe, ach níorbh aon bhuntáiste é sin don dream a bhí sáinnithe.)

Tá scéalta uafásacha ann faoi longa a tréigeadh agus an criú fágtha gan pá ná bia, ná aon tacaíocht ó úinéirí na loinge. Bhí cás amháin ann a tharla i gCuan Suez. Ba i mBahrain a cláraíodh an long an MV Aman. Fostaíodh fear as an tSiria, Muhammed Aisha, mar phríomh-mháta. Ach ghabh údaráis na hÉigipte an long sa mbliain 2017, toisc nach raibh billí íoctha, ní raibh dóthain bia ar bord, ná ní raibh ‘coinníollacha daonna’ ar chor ar bith ar bord. Chuaigh na gníomhairí ar a dteitheadh, agus ní raibh aon fhreagra ó na húinéirí.

D’fhág údaráis na hÉigipte Muhammed bocht ina aonar i bhfeighil na loinge agus tugadh an chuid eile den chriú abhaile nuair a d’íoc a muintir an bille taistil dóibh. Ní raibh bia, leictreachas, uisce, ná breosla aige agus bhíodh air snámh ón long go dtí tír mór gach cúpla lá chun na bunriachtanais a fháil. Saoradh é agus súile an domhain dírithe ar an Éigipt nuair a sáinníodh an ‘Ever Given’ (agus an criú) i gCanáil Suez in 2021.

I nDuga na Canálach Móire, níl aon rud fiúntach fanta anois ar an ‘Naomh Éanna’.

Ach insíonn Ó hEithir scéilín beag amháin faoi smionagar an ‘Dún Aengus’.

‘Nuair a bhí sí á briseadh sa longcheárta i gCorcaigh, d’iarr misinéir a bhí sa mbaile ar saoire an clog mór práis a bhí feistithe dá crann. Tá sé ag gairm na bhfíréan chun urnaí ó shin, ó bhinn séipéil san Afraic.’

Fág freagra ar 'Lá éigin tabharfaimid thú go Oileáin Árann ar an Dún Aengus…'