Lá dá saol ag buachaillí bána Thiobraid Áranna agus lá bog eile ag Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de na scéalta ó chluichí móra craoibhe an deireadh seachtaine

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Lá dá saol ag buachaillí bána Thiobraid Árann

Ag tús na bliana, chinn scata imreoirí de chuid Thiobraid Árann, Michael Quinlivan agus Liam Casey ina measc, nach mbeidís ar fáil d’fhoireann pheile Thiobraid Árann i mbliana. Bhí rún ag Michael Quinlivan agus Liam Casey tabhairt faoin taisteal.

Ba léir gur bhraith Tiobraid Árann uathu sa tsraith na himreoirí a bhí in easnamh orthu. Cluiche amháin as cúig cinn a bhí buaite acu i Roinn 3 agus iad i mbaol titim go dtí Roinn 4 sular chuir an phaindéim stop le cúrsaí sa Mhárta.

Chuir an Covid-19 na pleananna taistil ó rath agus rinne Quinlivan, Casey agus roinnt eile cinneadh luí isteach le peileadóirí an chontae. Cinneadh stuama, mar a tharla sé.

Nuair a filleadh ar na cluichí, bhuaigh Tiobraid Árann ar Uíbh Fhailí agus ar Liatroim, rud a choinnigh slán i Roinn 3 iad agus bhí rath ó shin orthu. Scóráil Liam Casey dhá phointe nuair a bhuaigh siad ar chontae an Chláir agus fuair sé cúl in aghaidh Luimnigh i gcluiche leathcheannais na Mumhan.

Cé go raibh Quinlivan ciúin go maith sna cluichí sin, bhí tionchar nach beag aige ar an imirt i gcluiche ceannais na Mumhan. Cúig phointe a scóráil sé i gcoinne Chorcaí agus bhí sé ar dhuine de na himreoirí ab fhearr a bhí ar an bpáirc.

Scóráil Casey féin dhá phointe agus tháinig fear eile a choinnigh an víreas ag baile é, Paudie Feehan, isteach mar ionadaí do Thiobraid Árann sa dara leath nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá.

Ar ndóigh, caithfear tagairt a dhéanamh do Cholin O’Riordan chomh maith, an buachaill bán a tháinig abhaile ón Astráil chun imirt dá chontae. Bhí O’Riordan ar fheabhas i dtreo dheireadh na himeartha i bPáirc Uí Chaoimh agus ba léir san agallamh a rinne sé i ndiaidh an chluiche gur thábhachtach aige an deis a tugadh dó.

Murach an coróinvíreas, ní beadh duine ar bith de na himreoirí atá luaite thuas ar fáil ag Tiobraid Árann i mbliana agus tá sé ionann is cinnte nach mbeadh Craobh na Mumhan buaite acu den chéad uair ó 1935.

 

Cluiche ceannais chúige faoi scáth eachtra a tharla 100 bliain roimhe. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Áth Cliath ar a gcompord i bPáirc an Chrócaigh

Cé gur thug gaiscí an Domhnaigh ardú croí do gach duine taobh amuigh de lucht tacaíochta Chorcaí agus Dhún na nGall, ní fhéadfaí an rud céanna a rá faoi chluiche ceannais Laighean oíche Dé Sathairn.

Bua 21 pointe a bhí ag Áth Cliath ar an Mhí, 3-21 in aghaidh 0-9, agus Craobh Laighean tugtha leo acu don deichiú bliain as a chéile.

Nuair a chas na foirne seo ar a chéile i bPáirc Parnell sa tsraith an mhí seo caite, ní raibh ach ceithre phointe idir na foirne agus an bua ag Áth Cliath, 1-20 in aghaidh 0-19.

Ní hé gur chuir Dessie Farrell foireann iomlán difriúil chun páirce ach an oiread. Den fhoireann a thosaigh i gcluiche ceannais Laighean Dé Sathairn, b’iad James McCarthy agus Seán Bugler an t-aon bheirt nár thosaigh sa chluiche sraithe.

Ina ainneoin sin, 17 pointe le spáráil ag Áth Cliath an deireadh seachtaine seo. Seans go raibh imreoirí Átha Cliath níos díograisí sa chluiche an deireadh seachtaine seo ach léiriú a bhí ann chomh maith ar bhuntáiste ar leith atá ag foireann Átha Cliath.

Deirtear i gcónaí go bhfuil dúshláin áirithe i gceist le cluichí a imirt i bPáirc an Chrócaigh, idir thoisí na páirce, an ghaoth a bhíonn ag séideadh ann agus eile. Bheadh Áth Cliath ar an bhfoireann is fearr sa tír is cuma cá mbeidís ag imirt ach is cinnte gur buntáiste dóibh é go n-imríonn siad gach cluiche craoibhe agus formhór a gcluichí sraithe i bPáirc an Chrócaigh. Tugtar deis i ndiaidh deise dóibh dul i dtaithí ar an bpáirc ina n-imrítear babhtaí ceannais na craoibhe, buntáiste nach mbíonn ag foireann ar bith eile.

Ciaran Brady. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Dúshlán ollmhór a bheidh ann do chontae an Chabháin agus iad ag iarraidh fir Átha Cliath a shárú i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Ní hé go bhfuil sé chomh fada sin ó d’imir an Cabhán i bPáirc an Chrócaigh. Cé gur in 2013 a d’imir an contae cluiche craoibhe go deireanach i gceannáras CLG, d’imir siad cluichí ceannais sraithe i bPáirc an Chrócaigh in 2016 agus in 2018.

Beidh imreoirí ar an bpainéal nach raibh ag imirt sna cluichí sin agus beidh roinnt eile a bheidh ag santú deis cluiche a imirt ar an bpáirc is stairiúla sa tír seo. Thuigfeá dóibh, ach más leis an gCabhán an seans is fearr a fháil ar Áth Cliath a bhualadh, déanfaidh siad iarracht an cluiche seo a bhogadh ó Pháirc an Chrócaigh. I mbliana, thar aon bhliain eile, d’fhéadfaí na cluichí leathcheannais a imirt áit éigin eile.

 

Joe Canning le Alan Flynn. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Íocfaidh Gaillimh as an seachrán

Bua mór a bhí ann d’iománaithe na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo. Ní hamháin go bhfuil siad fós sa chraobh agus iad ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Luimnigh, ach thug foireann Shane O’Neill freagra ar an gcliseadh in aghaidh Chill Chainnigh an tseachtain seo caite.

Blianta eile, bhainfeadh an cliseadh sin i gcoinne na gCat an ghaoth as seolta na Gaillimhe ach an uair seo chloíodar seaimpíní na hÉireann. Ní hé sin le rá nach bhfuil údar imní ag Gaillimh.

Cé nár chuir siad tús iontach leis an gcluiche –  bhí cúl faighte ag Séamus Callanan do Thiobraid Aránn agus gan ach ceithre nóiméad caite – ghlac siad ceannas ar an imirt ina dhiaidh sin agus bhí siad cúl chun tosaigh, 2-8 in aghaidh 1-8, tar éis 26 nóiméad.

Faoin am gur tháinig leath ama, áfach, bhí Gaillimh imithe ceithre phointe chun deiridh. Cuireadh obair mhaith na Gaillimhe ó rath in achar seacht nóiméad nuair a scóráil Tiobraid Árann 1-5 agus gan ach aon phointe amháin ag Gaillimh sa tréimhse chéanna.

Tharla an rud céanna in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche ceannais Laighean. Bhí Gaillimh cúig phointe chun tosaigh nuair a lig siad do Chill Chainnigh dhá chúl a scóráil i bpreabadh na súl.

In aghaidh Thiobraid Árann, bhí dóthain ama ag Gaillimh chun teacht aniar a dhéanamh agus bhí an lámh in uachtar acu sular taispeánadh cárta dearg do Cathal Barrett i dtreo an deiridh.

Dé Domhnaigh seo chugainn, beidh Gaillimh ag thabhairt aghaidh ar fhoireann Luimnigh atá tar éis scíth coicíse a ligean. Má ligeann Gaillimh na maidí le sruth ar feadh tramaillín arís, déarfainn nach dtabharfaidh Luimneach an deis dóibh teacht chucu féin.

Fág freagra ar 'Lá dá saol ag buachaillí bána Thiobraid Áranna agus lá bog eile ag Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh'

  • JOHN MODONOGHUE

    Comhghairdeas d` fhoireann iontach Thiobraid Árainn as a mbua igCraobh na Mumhan. Agus Damien Lawlor ag tuairisciú ó Chluain Meala oíche De Domhnaigh i rith ” Clui che an Domhnaigh” ar RTE 2, bhí sé soliéar go raibh muintir Thiobraid Árainn ag cloí le srianta Covid 19, in ionad a bheith amuigh ar an tsráid ag ceiliúradh taréis a mbua stairiúil agus iad ag fanacht ar feadh ochto chúig mbliana. Maith sibh agus gach rath oraibh sa chluiche leath cheannais i gcoinne Maigh Eó.