Lá mór bróin i nDún na nGall Déardaoin agus an ceathrar ógánach a bhásaigh i dtimpiste bhóthair le cur i gcré na cille

Tá na socruithe fógartha do shochraidí an cheathrar ógánach Gaeltachta a maraíodh i dtimpiste bhóthair i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall Dé Domhnaigh

Lá mór bróin i nDún na nGall Déardaoin agus an ceathrar ógánach a bhásaigh i dtimpiste bhóthair le cur i gcré na cille

Lá dubh brónach a bheidh ann in iarthuaisceart Dhún na nGall Déardaoin nuair a chuirfear an ceathrar ógánach Gaeltachta a maraíodh tráthnóna Dé Domhnaigh i dtimpiste bhóthair i nGaoth Dobhair.

Bhí aithne mhór ar an gceathrar ar fud an chontae agus iad sáite sna pobail dár díobh iad.

Ba iad an ceathrar a maraíodh go tragóideach John Harley, 24, agus Seán Harkin, 22, as an bhFál Carrach, Mícheál  Ó Rabhartaigh, 24, as Gaoth Dobhair agus Daniel Scott as Gort an Choirce, 23.

Beidh aifreann sochraide Sheáin Harkin, as Cill Ulta, ar siúl ag 10am i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort an Choirce.

Ag 11.30am, i dTeach Pobail an Chroí Rónaofa i nDún Lúiche, a bheidh an t-aifreann sochraide do Mhícheál Ó Rabhartaigh. 

Beidh aifreann sochraide John Harley as an Cheathrú Cheanainn ar siúl i dTeach Pobail Naomh Fionán ar an Fhál Carrach ag 1pm agus ag 2.30pm, i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort an Choirce, a bheidh aifreann sochraide Daniel Scott.

Baineadh creathadh uafásach as muintir Ghaeltacht Dhún na nGall tráthnóna Dé Domhnaigh nuair a fuarthas an scéal gur maraíodh an ceathrar ag droichead i nGleann hUallach i Mín an Chladaigh ar an mbóthar idir Gort a’ Choirce agus Gaoth Dobhair. 

Fógraíodh an ceathrar ógánach marbh ar an láthair.

Tá na Gardaí fós ag fiosrú céard go díreach ba chúis leis an timpiste agus tá iarrtha acu ar aon duine a mbeadh aon eolas acu fúithi teagmháil a dhéanamh leo.

Feithicil amháin a bhí sa timpiste a tharla nuair a d’imigh an carr ina raibh an ceathrar ag taisteal den bhóthar.

Fág freagra ar 'Lá mór bróin i nDún na nGall Déardaoin agus an ceathrar ógánach a bhásaigh i dtimpiste bhóthair le cur i gcré na cille'