Lá breithe sona, a mhuintir na Gearmáine aontaithe…

Cuimhnigh ar stair na Gearmáine, agus ná cuir athrú ar bith as an áireamh

Lá breithe sona, a mhuintir na Gearmáine aontaithe…

Abair, mar a deir Helen Ní Shé go minic ar a clár bríomhar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, nach sé bliana ó shin a bunaíodh Tuairisc.ie ach tríocha bliain roimhe sin.

Agus abair gur cuireadh tairngreacht i gcló anseo i 1984 go mbeadh fáilte á cur isteach san Aontas Eorpach roimh stáit chumannacha oirthear na hEorpa faoi cheann deich mbliana. Agus abair go mbeadh tuar san alt céanna go mbeadh deireadh le críochdheighilt na Gearmáine faoi cheann sé bliana.

Mar a tharla.

Ní raibh na féidearthachtaí thuas do-shamhalta i 1984. Go deimhin bhí siad á dtuar go minic. Ní raibh aon chinnteacht ann áfach go bhfíorófaí ceachtar aisling, ach tá bunú stát aontaithe na Gearmáine an 3 Deireadh Fómhair 1990 á chomóradh inniu.

Is lá saoire poiblí é Tag der Deutschen Einheit (Lá Aontais na Gearmáine), ar a ndéantar ceiliúradh ar imeachtaí a chuir deireadh in imeacht bhliana le críochdheighilt a mhair breis agus daichead bliain.

Ní féidir comparáid dhíreach a dhéanamh idir athaontú na Gearmáine agus an t-athaontú a theastaíonn ó mhórán san oileán seo ar chúis mhór amháin. Bhreathnaigh daoine ar an dá thaobh den teorainn a roinn an Ghearmáin ina dhá cuid go dtí 1990 orthu féin mar Ghearmánaigh.  Níl féiniúlacht choitinn dá leithéid in Éirinn ná aon chosúlacht ann go bhfuil fiú comhthuiscint nó muintearas dá leithéid i ngar dúinn abhus.

Sin ráite, is sampla maith de dothuarthacht an tsaoil é an tslí inar tháinig deireadh chomh gasta le ré an chumannachais agus inar thosaigh ré na Gearmáine mar stát aontaithe nua. Nuair a mhol ceannairí cumannacha na Gearmáine Thoir cur faoi chois fuilteach lucht agóide i gCearnóg Tiananmen sa tSín i 1989, bhí imní ar mhórán go mbeadh fuil á doirteadh i mBeirlín sula ngéillfí. Faoi mar a tharla, níor maraíodh oiread agus duine agus an daonlathas á bhunú agus an tír á haontú.

Deimhníonn neart eacnamaíochta agus seasmhacht pholaitiúil ról lárnach na Gearmáine san AE. Nuair a thug na sluaite imirceach ón tSiria agus ó thíortha eile aghaidh ar an Eoraip ó 2014 ar aghaidh, chuir Merkel, thar aon cheannaire Eorpach eile, fáilte rompu. D’oir teacht na n-imirceach (thug an Ghearmáin cead isteach d’aon mhilliún sular dúnadh na doirse) do pholasaí an rialtais pobail a neartú a bhí ag dul in aois i gceantair ina raibh an daonra ag laghdú.

Ní foláir tagairt don toradh diúltach a bhí ar a ndearna Merkel, go háirithe agus socrú suarach á dhéanamh leis an Tuirc d’fhonn imircigh a choinneáil amach as an AE. Neartaigh teacht na n-imirceach tacaíocht an pháirtí ar an eite dheis Alternativ für Deutschland a ghnóthaigh suíocháin sa Bundestag den chéad uair in 2017. Ach léirigh scéal na n-imirceach mórchumas mhuintir na Gearmáine tarraingt le chéile, fiú amháin nuair nach n-aontaíonn siad lena chéile.

Is fiú cuimhneamh freisin ar an mórathrú gan choinne a tháinig ar an Rúis agus ar oirthear na hEorpa idir 1989 agus 1991 mar thréimhse inar cuireadh síol an chaidrimh idir an Ghearmáin agus Éire. Nuair a labhair Seansailéir Helmut Kohl na Gearmáine le comhchruinniú de thithe an Oireachtais i 1996, ghabh sé buíochas le hÉirinn as ucht athaontú a thíre a bhrostú. Thagair sé don tacaíocht láidir ón AE a mhol an Taoiseach Charles Haughey le linn tréimhse uachtaránachta na hÉireann ar an Aontas sa chéad leath de 1990. Níor theastaigh athaontú gan mhoill sa Ghearmáin ón bhFrainc ná ón Ríocht Aontaithe (bhainfí an bonn den tseasmhacht idirnáisiúnta, a dúirt príomh-aire na Breataine Margaret Thatcher) ach níor aontaigh móramh na mballstát leo. Tá cabhair na hÉireann molta ag polaiteoirí eile sa Ghearmáin ó shin i leith.

Faraor níor mhaolaigh a mbuíochas diongbháilteacht an tseansailéara Angela Merkel nuair a bhí Éire i gcruachás ó 2008 ar aghaidh. Thug sí droim láimhe le gach beartas a moladh chun comhfhreagracht Eorpach as fiacha bainc a chur i bhfeidhm ionas nach gcuirfí róbhrú ar na ballstáit. Ach tá athrú suntasach tagtha ar a dearcadh le tamall anuas agus mórchiste Eorpach á bhunú chun cabhrú le ballstáit an dochar atá á dhéanamh ag an víreas corónach a leigheas.

Is ar chur chuige polaitiúil agus eacnamaíochta na Gearmáine thar aon tír eile a bheidh rath an AE ag brath sna blianta atá romhainn, go háirithe agus brú á chur air ón tSín, ón Rúis agus (b’fhéidir) ó na Stáit Aontaithe.

Lá breithe sona, a mhuintir na Gearmáine aontaithe. Viel Glück euch allen!

Fág freagra ar 'Lá breithe sona, a mhuintir na Gearmáine aontaithe…'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Is mór is fiú alt mar seo le cur le tuiscint mhuintir na hÉireann faoin gcomhthéacs Eorpach (seachas Angla-Mheirceánaigh) ina mairimid. Sin ráite is mór againn ár muintir i Meirceá.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Alt spéisiúil ó Chathal. Is fiú a lua go raibh cáiníocnóirí na Gearmáine ag íoc 5.5% breis cánach le íoc as an athaontú na tíre suas go dtí anuraidh 2019. An mbeadh cáiníocnóirí an 26 contae sásta 5.5% cáin breise a íoc as athaontú na hÉireann ar feadh 30 bliain?