Lá amháin i 1945, scríobh fear a ainm ar bhalla bán…

Cé atá beo? I ndiaidh an dara cogadh domhanda tosaíodh ar bhailiú liostaí ainmneacha ar mhaithe leis an gceist sin a fhreagairt…

Lá amháin i 1945, scríobh fear a ainm ar bhalla bán…

Nós maith é liostaí a dhéanamh, dar liom. Ní dhéantar dearmad chomh héasca sin ar na rudaí atá liostaithe. Amanta, bíonn tábhacht stairiúil leo, amanta eile ní bhíonn…

(‘6 bhuidéal Guinness don bhanna céilí,

Ceadúnas mada,

An Irish Press…ceann a fuair mé le gairid i seanpháipéir ón mbaile).

Amanta bíonn sé deacair tús a chur le liosta-  cá dtosóidh mé? Cén rud is tábhachtaí?

Lá amháin i 1945, scríobh fear a ainm ar bhalla bán. Ceithre mhí ina dhiaidh sin, bhí an balla dubh le hainmneacha.

Giúdach a bhí ann agus trí mhíorúilt éigin, tháinig sé slán ón sléacht sa Dara Cogadh Domhanda.

Maraíodh na milliúin sa chogadh agus díshealbhaíodh na milliúin eile. ‘Displaced Persons’ nó DPs a tugadh orthu sin. Agus cé go raibh na milliúin Giúdach, agus dreamanna eile, curtha chun báis i gcampaí an uafáis, bhí dóchas ag an dream a tháinig slán, a bhí beo ar éigean, go dtiocfaí ar a ngaolta a bhí ‘ar iarraidh’.

Tá sé deacair dúinne inniu, sa 21ú haois, an riocht a bhí ar an Eoraip i 1945 a shamhlú. Cathracha scriosta, an bonneagar ina smidiríní, gan aon chóras ceart cumarsáide ag gnáthdhaoine ar fud na Mór-Roinne.

An t-aon ainm amháin sin, é scríofa le peann luaidhe ar an mballa bán, chuir sé tús le ballaí graifítí nó ‘graffiti walls’. Dúirt iriseoir ó na Stáit Aontaithe, I.F. Stone, a chonaic ceann de na ballaí in Bratislava go bhfaca sé ballaí dá leithéid i ngach ionad fáiltithe teifeach ar fud na hEorpa. Ballaí clúdaithe le hainmneacha – ainm an teifigh, a bhaile dúchais – b’in an méid.

Thosaigh séiplíneach in Arm na Stát Aontaithe ag cur liostaí na ndaoine a tháinig slán le chéile. ‘Cé atá beo? Sin é mo chéad dualgas,’ a dúirt an séiplíneach Klausner. Thosaigh sé ag déanamh liostaí i gcampa Dachau agus thosaigh ansin ag fáil cúnamh ó dhaoine sna campaí eile. Bhí daoine – iarphríosúnaigh – fós ag cur fúthu sna campaí tar éis an chogaidh. Ní mór an chabhair oifigiúil a fuair sé, ach ba dhuine é Klausner nár bhac mórán leis ‘an téip dhearg’.

De réir a chéile d’fhás an tionscnamh. Ón uair a scríobh an chéad fhear a ainm ar an mballa bán, bailíodh na mílte ainm agus foilsíodh iad. Bhí sé thar a bheith deacair teacht ar pháipéar agus ar bhealach chun na liostaí a scaipeadh.

Ach mar a chéile gach liosta ina thús. Ainm amháin.

Bhí slua mór ag éisteacht go géar leis an Ollamh Debórah Dwork, ó Ollscoil Clark, i Massachusetts agus í ag labhairt i gColáiste na Tríonóide faoina cuid taighde ar an obair seo tar éis an chogaidh. ‘Where Are You?’ teideal uaigneach an léachta.

An Ollamh Debórah Dwork agus Tomi Reichental

D’inis sí scéal a haintín féin a tháinig slán as an gcampa i Lodz. Bean óg nuaphósta a bhí inti agus nuair a thosaigh sí ag cuardach a fir chéile, chuala sí  an scéal: ‘Tá Marek Grossman beo!’ Ach cén leagan den scéal a bhí ceart? Chonaic duine amháin a ainm ar liosta; chonaic duine eile é ag obair le páistí san Ungáir; chuala duine eile go raibh sé ag cur faoi in árasán, áit éigin. Agus ansin gan choinne, fuair sí teachtaireacht díreach uaidh féin. Bhí sé san Ungáir.

Thosaigh eagraíochtaí eile ag cabhrú leis an iarracht. Ar deireadh ba í eagraíocht na Croise Deirge a rinne an beart. Chabhraigh an nua-theicneolaíocht – an fhótachóipeáil, an raidió, meaisín nua sórtála IBM – go mór leis an obair. Agus ar deireadh bhí 4,000 duine páirteach ann.

Thosaigh Craoltóir Feidearálach na hEilvéise ag craoladh ainmneacha gach lá. 12 uair an chloig in aghaidh an lae. Faoi 1947 bhí leathmhilliún ainm léite amach acu.

Beidh aithne ag daoine ar an Dr Ruth ón teilifís. Tá cuimhne mhaith ag Dr Ruth ar na craoltaí raidió sin, a dúirt Debórah. Chuir a máthair ar kindertransport í go dtí an Eilvéis nuair a bhí sí deich mbliana d’aois. Cuireadh isteach i ndílleachtlann í. Litir amháin a fuair sí óna máthair ina dhiaidh sin. Chuala sí go raibh a muintir imithe ‘ar imirce’.

Agus an cogadh thart, b’éigean do na páistí sa dílleachtlann sin éisteacht gach seachtain leis na liostaí ar an raidió. Níor chuala oiread is duine amháin acu ainm a gcuid tuismitheoirí riamh.

Ach bhí duine amháin sa lucht féachana i gColáiste na Tríonóide an lá cheana a bhain an-tairbhe as ‘an liosta’.

Scaradh athair agus máthair Tomi Reichental óna chéile agus iad ar a dteitheadh ó na Naitsithe. Fuarthas greim ar an athair agus cuireadh ar thraein é. Agus é ar an traein sin ar a bhealach go Auschwitz agus é beagnach cinnte nach raibh i ndán dó ach an bás, casadh fear eile ar athair Tomi sa charráiste, a bhí plódaithe le príosúnaigh. Creachadóir taisceadán, nó ‘safe-cracker’ a bhí sa bhfear eile. D’éirigh leis an glas ar dhoras an charráiste a oscailt agus away leo sa sneachta. Chaith an t-athair an chuid eile den chogadh ag troid i dteannta na gceannairceach i sléibhte na Slóvaice.

Rinne sé a bhealach ar ais chuig a bhaile dúchais Merasice na Slóvaice, tar éis an chogaidh. Chuala an t-athair go raibh liosta i bPrág de na Giúdaigh as an tSlóvaic a bhí fós beo.  Ní raibh sé éasca aige a bhealach a dhéanamh go Prág agus oifig na Croise Deirge, a bhí 400 ciliméadar uaidh. Ach rinne sé an turas agus nuair a léigh sé an liosta, nach bhfaca sé ainmneacha a mhná céile agus na ngasúr, Micí agus Tomi ansin. Bhí siad beo.

Bhí Tomi, a mháthair, a chol ceathrar Chava, a aint Margot, agus a dheartháir Micí fós ag cur fúthu i gcampa Bergen Belsen tar éis an chogaidh. Ní raibh aon áit eile acu le dul. Bhíodar cinnte de go raibh an t-athair básaithe, agus eisean den bharúil chéanna fúthusan.

Fear mór liostaí é Tomi ó shin.

Fág freagra ar 'Lá amháin i 1945, scríobh fear a ainm ar bhalla bán…'

  • Stilla

    An-aiste go deo, a Mháiréad. Tá deora le mo shúile.