Tá Seán Kyne, an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, le ceapadh arís ina Aire Stáit don Ghaeltacht agus Joe McHugh le ceapadh mar Aire Oideachais.
Tá ardú céime i ndán don bheirt toisc Richard Bruton a bheith á bheith á bhogadh ón Roinn Oideachais go dtí an Roinn Cumarsáide i ndiaidh éirí as Denis Naughten.
Beidh Kyne ag freastal ar chruinnithe rialtais feasta agus é le teacht i gcomharbacht chomh maith ar McHugh mar Phríomh-Aoire
Rinne polaiteoirí an fhreasúra cáineadh géar ar chinneadh an Taoisigh anuraidh gan cúram na Gaeltachta a fhágáil ar Sheán Kyne agus an cúram sin a leagan ar an bPríomh-Aoire nua, Joe McHugh.
Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie an uair sin gur “chéim síos mhór don Ghaeilge agus don Ghaeltacht” é nár fágadh freagracht i dtaobh na Gaeltachta ar Kyne agus gur “údar náire” é gur roghnaigh Leo Varadkar an cúram sin a chur le cúraimí an Phríomh-Aoire.
Toghadh an polaiteoir as Maigh Cuilinn chun na Dála den chéad uair in 2011 nuair a fuair sé an cúigiú suíochán i nGaillimh Thiar agus gan le spáráil aige ach 17 vóta.
Toghadh an athuair Kyne, atá 43 bliain d’aois, in olltoghchán na bliana 2016 nuair a fuair sé an tríú suíochán sa dáilcheantar.
Iarchomhairleoir feirmeoireachta é atá pósta leis an iriseoir Avril Horan.
Cuirfear na hainmniúcháin faoi bhráid na Dála Dé Máirt.
Concubhar Ó Liatháin
Sa ráiteas ag fógairt na gceapúchán thug an Taoiseach Varadkar Aire na Gaeltachta is na nOileán ar Sheán Kyne agus Aire Stáit ar Sheán Canney.