Kyne agus McHugh is mó atá á lua le haireacht na Gaeltachta

Meastar gur ag Joe McHugh, atá ina Aire Gaeltachta go fóill, agus ag an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Seán Kyne is mó atá seans ar aireacht na Gaeltachta, sa chás go n-éireodh leis an iarracht atá ar bun faoi láthair rialtas mionlaigh a chur ar bun

Joe-McHugh Sean Kyne

Is iad Joe McHugh agus Seán Kyne an bheirt is mó atá á lua le haireacht na Gaeltachta sa chéad rialtas eile, sa chás go n-éireodh leis na cainteanna atá ar bun faoi láthair idir Fine Gael agus Teachtaí Dála neamhspleácha.

Agus tacaíocht Fhianna Fáil ag Fine Gael cheana féin, tá páirtí Enda Kenny ag súil le rialtas mionlaigh a chur ar bun amárach.

Tharlódh, áfach, go gcuirfí moill an athuair ar bhunú an rialtais nua. Tá cuid de na Teachtaí Dála neamhspleácha, a bhfuil a dtacaíocht ag teastáil chomh maith ó Fhine Gael, fós i mbun a marana faoin scéal.

Idir an dá linn, meastar gur ag Joe McHugh, atá ina Aire Gaeltachta go fóill, agus ag an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Seán Kyne is mó atá seans ar aireacht na Gaeltachta.

Bhain conspóid le ceapachán McHugh ina Aire Stáit Gaeltachta in 2014 toisc nach raibh an Ghaeilge ar a thoil aige. D’fhógair Enda Kenny sa Dáil go raibh McHugh á chur ar ‘aistear foghlama teanga’ aige, cinneadh a chuir alltacht ar lucht na teanga.

Agus an chuma ar an scéal go dtabharfaidh an Taoiseach Enda Kenny na cosa leis mar cheannaire a pháirtí, meastar go bhféadfadh ardú céime a bheith i ndán do McHugh a thug faoina ‘aistear’ le fonn. 

Cé nár éirigh go maith le Fine Gael san olltoghchán i nDún na nGall, dáilcheantar McHugh, d’fhéadfadh go ndéanfaí a dhílseacht dá cheannaire a chúiteamh anois leis.

Más ardú céime atá i ndán do McHugh, áfach, ní gá gur mar Aire sinsearach Gaeltachta a gheobhadh sé a thoirtín aireachta.

Níor ghlac Fine Gael le héileamh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge go gceapfaí sa chéad rialtas eile aire sinsearach a mbeadh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta mar phríomhchúram air. Níor pléadh an t-éileamh áirithe sin ach an oiread agus ceist na teanga faoi chaibidil sna cainteanna idir Fianna Fáil agus Fine Gael maidir le bunú rialtais.

Bíodh an chéad aire Gaeltachta eile ina aire sóisearach nó sinsearach, áfach, is é is dóichí ná a mhalairt go gceapfaidh Kenny duine a bhfuil Gaeilge aige an turas seo.

Níl an oiread sin Gaeilgeoirí i measc na dTeachtaí Dála de chuid Fhine Gael a toghadh chun an 32ú Dáil, rud a fhágann go bhfuil seans an-mhaith gur Seán Kyne a thabharfadh an chreach leis.

Bhí Kyne, atá á lua chomh maith mar Aire Talmhaíochta, patuar go maith nuair a ceistíodh é faoi Enda Kenny i ndiaidh an toghcháin, ach ní raibh drandam as le tamall anuas.

Cé nach raibh an oiread gleo sna meáin faoina aistear teanga siúd, tá feabhas mór tagtha ar Ghaeilge Kyne ó chéadtoghadh ina Theachta Dála é in 2011.

Murab ionann is an uair sin, bíonn an Teachta Dála ó Mhaigh Cuilinn, ar éirigh leis an tríú suíochán a bhuachan i nGaillimh Thiar, go mór istigh leis féin anois agus é faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta agus TG4.

Seachas Kyne agus McHugh is beag duine eile atá á lua le haireacht na Gaeltachta.

Tá Gaeilge ag an Teachta Dála Fergus O’Dowd, ach ní haon rún é go bhfuil eascairdeas idir é féin agus Kenny le fada an lá. Tá líofacht áirithe Gaeilge chomh maith ag Brendan Griffin, an Teachta Dála ó Chiarraí.

Le linn an 31ú Dáil bhí Griffin luaite le ‘five-a-side club’ Fhine Gael, grúpa beag de Theachtaí Dála óga a raibh sé de theist orthu nach rabhadar róshásta le lucht ceannais a bpáirtí, ach meastar gur fearr go mór an seans ar ardú céime atá ag Seán Kyne, ball eile den ‘chlub’ céanna.

Níl aon Ghaeilgeoir i measc na dTeachtaí Dála neamhspleácha is mó atá á lua le bunú an chéad rialtais eile.

Fág freagra ar 'Kyne agus McHugh is mó atá á lua le haireacht na Gaeltachta'