Kyne agus McHugh á lua le hardú céime i ndiaidh éirí as Naughten

Tá an t-iar-aire Stáit Gaeltachta Seán Kyne á lua go tréan mar chomharba ar Denis Naughten sa Roinn Cumarsáide agus tá Frances Fitzgerald agus Joe McHugh á lua chomh maith leis an bhfolúntas sa chomhaireacht

Kyne agus McHugh á lua le hardú céime i ndiaidh éirí as Naughten

Tá an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh á lua le hardú céime i ndiaidh éirí as Denis Naughten mar aire cumarsáide.

Ba é Kyne, an Teachta Dála as Gaillimh Thiar, ba thréine a bhí á lua mar chomharba ar Naughten i dTeach Laighean aréir.

Bhí Seán Kyne á lua go láidir le haireacht shinsearach nuair a toghadh Leo Varadkar ina Thaoiseach, ach b’amhlaidh gur aistríodh go dtí aireacht shóisearach eile é sa Roinn Pobail agus Tuaithe, údar díomá mór do Kyne féin ag an am.

Bheadh sé de bhuntáiste chomh maith ag Kyne gur thug sé seal cheana ina aire sóisearach sa Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Ina theannta sin, dá bhfaigheadh sé ardú céime, bheadh aireacht shóisearach le tairiscint ag an Taoiseach, rud a bhféadfaí leas a bhaint as chun tacaíocht don Rialtas a fháil ó Theachta Dála neamhspleách.

Cé nach bhfuil aireacht shinsearach ag Joe McHugh bíonn sé ag freastal ar chruinnithe Rialtais mar Phríomh-Aoire. Is minic cheana ardú céime faighte ag daoine san oifig sin, agus bronnadh aireacht shinsearach ar cheathrar de na príomh-aoirí deireanacha a bhí sa Dáil.

D’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar inné gur ar an Aire Oideachais Richard Bruton a bheadh cúram na haireachta cumarsáide nó go gceapfaí comharba Naughten, a d’éirigh as a chúram inné mar gheall ar an gconspóid faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Tá Denis Naughten i measc na dTeachtaí Dála neamhspleácha sa chomh-aireacht, níl aon Teachta Dála neamhspleách eile fágtha a thacaíonn go seasta leis an Rialtas agus a mbeadh súil acu le hardú céime dá réir. Níl ach 54 Teachta Dála anois ann gur féidir leis an Rialtas brath go hiomlán ar a dtacaíocht, rud a fhágann níos leochailí ná riamh rialtas mionlaigh Fhine Gael.

Dúirt an Taoiseach inné go bhfuil iniúchadh neamhspleách le déanamh ar an bpróiseas tairisceana don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda le dearbhú nach raibh an próiseas sin “truaillithe” ag na cruinnithe príobháideacha a bhí ag an iar-aire cumarsáide le duine de na daoine a bhí istigh ar an bpróiseas.

Dúirt Leo Varadkar gur údar díomá dó éirí as Naughten mar gur fear “ionraic” é agus gur ar leas na tíre a d’éirigh sé as.

D’fhógair Naughten níos túisce tráthnóna inné gurbh amhlaidh gur mhó a bhain scéal a éirí as le “pobalbhreitheanna ná le pollaí teileachumarsáide”. Tugadh tús áite do “opinion polls” seachas “telecom poles” agus do “optics” seachas “fibre optics”, a dúirt sé.

Shéan Naughten go láidir go ndearna sé aon chur isteach ar an bpróiseas tairisceana maidir leis an gconradh do sholáthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus cé gur ghlac an Taoiseach leis sin dúirt sé nár chóir go mbeadh fiú cuma na coimhlinte leasa ann ina leithéid de phróiseas.

Cé go bhfuil an bheirt Ghaeilgeoirí i measc na ndaoine atá á lua leis an bhfolúntas sa Roinn Cumarsáide, táthar ann a cheapann go bhféadfadh an fonn a bheadh ar an Taoiseach aireacht a thabhairt arís do Frances Fitzgerald teacht idir leithéidí Kyne nó McHugh agus áit i measc na n-airí sinsearacha.

Glanadh ainm Fitzgerald i dtuarascáil Bhinse Fiosrúcháin na Nochtuithe a foilsíodh inné. Tá go leor míshástachta fós i bhFine Gael  faoin mbrú a cuireadh ar an iar-thánaiste éirí as ag deireadh na bliana seo caite mar gheall ar chonspóid a bhain le cás an sceithire Maurice McCabe.

Agus é ráite anois i dtuarascáil Bhinse Fiosrúcháin Charleton nach ndearna Fitzgerald aon rud míchuí sa tslí ar dhéileáil sí leis an eolas a cuireadh ar fáil di i dtaobh na conspóide sin, meastar go mbeadh caithréim ar go leor i bhFine Gael a bris a chúiteamh léi agus, ag an am céanna, buille díoltais a bhualadh orthu siúd a fheictear dóibhsean a ruaig as oifig í.

Dúradh i dtuarascáil Charleton gur inis an t-iarChoimisinéir de chuid an Gharda Síochána Martin Callinan leis an Teachta Dála John McGuinness in 2014 gurbh amhlaidh gur bhain Maurice McCabe mí-úsáid ghnéis as a chlann féin. Dúradh i dtuarascáil an Bhreithimh Charleton chomh maith go raibh “feachtas clúmhillte” ar siúl ag Callinan agus a oifigeach preasa Dave Taylor i gcoinne Maurice McCabe ar mhaithe le líomhaintí faoi a scaipeadh, líomhaintí nach raibh bunús ar bith leo.

Fág freagra ar 'Kyne agus McHugh á lua le hardú céime i ndiaidh éirí as Naughten'