Kevin Bakhurst ag fágáil RTÉ chun dul ag obair le Ofcom

Mheas cuid mhaith daoine i seomra nuachta TG4 agus in RTÉ Raidió na Gaeltachta gur cara sa chúirt in RTÉ a bhí sa Sasanach a bhí báúil le cás chraoltóireacht na Gaeilge

Kevin Bakhurst ag fágáil RTÉ chun dul ag obair le Ofcom

Tá Kevin Bakhurst, Ceannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha i RTÉ ag fágáil an stáisiúin chun dul ag obair le Ofcom, an rialtóir cumarsáide sa Ríocht Aontaithe.

Ceithre bliana a thug Bakhurst ag obair le RTÉ agus le linn na tréimhse sin tugadh suntas don tsuim a chuir sé i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Mheas cuid mhaith daoine i seomra nuachta TG4 agus in RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar shampla, gur cara sa chúirt in RTÉ a bhí sa Sasanach a bhí báúil le cás chraoltóireacht na Gaeilge.

I nóta a scaip Bakhurst ar fhoireann RTÉ ar maidin, dúirt sé gur le “croí trom” a bheadh sé ag fágáil an stáisiún agus gurbh ann a chaith sé “cuid de na blianta is fearr dá shaol”. Dúirt sé gur craoltóir “ar leith” a bhí in RTÉ agus mhol sé “cruthaitheacht” agus “díograis” na foirne.

Ghabh Ard-Stiúrthóir nua RTÉ, Dee Forbes, buíochas le Bakhurst as an méid a rinne sé le linn a thréimhse leis an stáisiún. Bhí Bakhurst ar dhuine de na daoine ba mhó a bhí á lua le post an Ard-Stiúrthóra ar éirigh le Forbes é a fháil sa deireadh.

Bhí caidreamh maith ag Bakhurst le roinnt mhaith d’iriseoirí agus de lucht bainistíochta Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta araon agus ba mhinic é ar cuairt ag an dá stáisiún. Chaith sé cuid mhaith ama ó dheas i gCorca Dhuibhne, go háirithe.

Ní i gcónaí a bhí Bakhurst sásta le hiriseoirí na Gaeilge, áfach.

Agus é ar cuairt ag ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara i Feabhra 2013, dúirt sé go raibh an t-atheagar a bhí beartaithe an uair sin ar sheirbhísí nuachta Gaeilge RTÉ  “cosúil leis an gcéad chogadh domhanda” agus gach duine “sáinnithe sna trinsí agus gan aon dul chun cinn á dhéanamh”.

Fág freagra ar 'Kevin Bakhurst ag fágáil RTÉ chun dul ag obair le Ofcom'