Kelly agus na Cláirínigh ag súil le cluiche oscailte chun na Cait a chloí

Feilfidh cluiche géar crua do Chill Chainnigh tráthnóna i mbabhta leathcheannais na hÉireann agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar fhoireann an Chláir

Kelly agus na Cláirínigh ag súil le cluiche oscailte chun na Cait a chloí

Cill Chainnigh v An Clár – Páirc an Chrócaigh, 5.30pm (Beo ar RTÉ)

Cé nach raibh na Cláirínigh an-mhaith in aghaidh Loch Garman sa bhabhta deireanach, ba cheart go ndéanfadh an cluiche sin maitheas dóibh. Bhain cluiche ceannais na Mumhan go leor astu, go háirithe nuair nár éirigh leo Luimneach a bhualadh, agus ní haon iontas nach rabhadar i mbarr a maitheasa in aghaidh na gCarmannach.

Thug siad an lá leo faoi dheireadh, áfach, agus ba cheart go gcuideodh sin leo leis an dúshlán atá rompu tráthnóna a shárú. Ba cheart go mbeadh an Clár níos fearr ná Cill Chainnigh ach botún é  gcónaí na Cait a chur as an áireamh. Ar ndóigh is maith an seans gur sa tóir ar a gcúigiú craobh as a chéile a bheadh Luimneach i mbliana murach gur chlis orthu in aghaidh Chill Chainnigh i mbabhtaí leathcheannais 2019.

Tá na Cait ag brath níos mó ar TJ Reid ná mar a bhí fiú trí bliana ó shin ach, mar is iondúil le foirne Brian Cody, ní scaoileann siad tada uathu go héasca. Bhí Gaillimh go dona i gcluiche ceannais Laighean agus ní raibh Cill Chainnigh mórán níos fearr ach, cé nach raibh mórán idir na foirne ar chlár na scór agus deich nóiméad fágtha, ní raibh an chuma aon am ar chúrsaí go sárófaí Cill Chainnigh.

Fágann cumas TJ ó na pocanna saora nach mbeidh siad riamh rófhada chun deiridh agus, chomh fada is nach bhfaigheann na Cláirínigh cúpla cúl luath sa chluiche, seans gurb amhlaidh a bheidh inniu. Is dócha nach bhfuil aon imreoir sa tír a bhfuil níos mó cluichí imeartha aige i bPáirc an Chrócaigh ná mar atá ag TJ agus bhí a thaithí agus a chumas le feiceáil i gcluiche ceannais Laighean, nuair a bhí sé ar fheabhas ar fad ó na buillí saora, in ainneoin go raibh gaoth láidir ag séideadh. Bíonn a chuid deacrachtaí ag Tony Kelly leis na pocanna saora don Chlár agus tugadh an cúram do Peter Duggan sa dá chluiche in aghaidh Luimnigh tar éis don Cheallach cúpla ceann a chur ar strae. Má tharlaíonn an rud céanna inniu, buntáiste mór a bheidh ann do Chill Chainnigh.

Beidh na deacrachtaí a bhí ag foireann an Chláir in aghaidh Loch Garman feicthe ag Brian Cody freisin. D’éirigh go maith le Lee Chin ar Rory Hayes nuair a cuireadh an liathróid isteach i mullach na beirte acu agus chuile sheans go bhfeicfear TJ nó Walter Walsh ar imeall na cearnóige ar feadh tamaillín tráthnóna agus an sliotar á lascadh isteach ina dtreo.

Cluiche géar crua a bheidh na Cait a iarraidh mar, má bhíonn an imirt scaoilte feilfidh sé don Chlár. Tá a réalt féin ag foireann Brian Lohan agus is breá le Tony Kelly cluichí oscailte a imrítear ar luas lasrach. D’fhéadfadh leithéidí Shane O’Donnell nó David Fitzgerald scrios a dhéanamh freisin, mar a rinne siad i gCraobh na Mumhan.

Óna bhfuil feicthe againn go dtí seo i mbliana, ba cheart go mbeadh na Cláirínigh breá ábalta dá gcéilí comhraic ach léiríonn an stair nach féidir Cill Chainnigh a chur as an áireamh riamh.

 

Fág freagra ar 'Kelly agus na Cláirínigh ag súil le cluiche oscailte chun na Cait a chloí'