Karen Bradley lag leithscéalach, na páirtithe ar buile agus an t-éadóchas forleathan

Sa mhullach ar na fadhbanna a bhí ann cheana faoi acht Gaeilge, pósadh comhghnéis, oidhreacht na dTrioblóidí agus mímhuinín na bpríomhpháirtithe as a chéile, tá tuilleadh fadhbanna curtha leis an liosta…

Karen Bradley lag leithscéalach, na páirtithe ar buile agus an t-éadóchas forleathan

‘Cur amú ama’. ‘Deargsheafóid’. ‘Is mór an náire di é’. ‘Ní raibh sa chruinniú ach cur i gcéill –ionas gurbh fhéidir a rá go ndearnadh iarracht’.

B’in cuid den bhreithiúnas ar a cuid oibre a bhí ina cluasa ag Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Karen Bradley is í ag triall ar Bhaile Átha Cliath Dé hAoine le haghaidh cruinniú den Chomhairle Idir-Rialtasach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Má bhí súil aici go mbeadh sí féin agus an t-aire David Lidington in ann a áitiú ar an Tánaiste Simon Coveney agus ar an Aire Dlí is Cirt, Charlie Flanagan go raibh obair fhiúntach déanta aici i dtaca le fuascailt na sáinne in Stormont, bhí sé fánach aici.

Ní léir agus an t-alt seo á scríobh an mbeidh toradh aon bhlas níos fiúntaí ar chomhdháil na hAoine i mBaile Átha Cliath ná mar a bhí ar an bplé in Stormont maidin Déardaoin, ach is beag údar dóchais atá ann.

Theastódh athrú míorúilteach i gceithre huaire is fiche. Ní raibh a leithéid á thuar ag aon duine ó chaith na Tóraithe bliain ag tarraingt na gcos sular ghéill siad go raibh gá leis an gcruinniú den Chomhairle Idir-Rialtasach a bhí ann ar an 25 Iúil seo caite.

Cuir san áireamh coimhthíos an DUP, a bhfuil ceangal na gcúig gcaol acu ar rialtas Theresa May, le ról ar bith a thabhairt do rialtas na hÉireann agus tá an t-éadóchas sin sothuigthe.

Níor dhúirt an DUP tada ar a mbealach amach ón gcruinniú in Stormont Déardaoin ach bhí fearg, mífhoighid agus easpa muiníne na bpáirtithe eile follasach. Bhí Sinn Féin, an SDLP, an UUP agus an páirtí Alliance ar fad aontaithe gur chruinniú in aisce ab ea é mar nach raibh tada á thairiscint ag an Státrúnaí Bradley chun tabhairt faoi fhuascailt na sáinne. Cháin ceannairí í mar nach raibh a ról á chomhlíonadh aici, í ag iarraidh ceannaireachta ó na páirtithe seachas an cheannaireacht sin a léiriú í féin. Nuair a labhair an DUP ar deireadh, dúirt ionadaí dá gcuid nárbh é dualgas éinne eile Sinn Féin a tharrtháil ón éigeandáil ina raibh siad mar gheall ar a neamhghéilliúlacht.

Chuir an Státrúnaí Bradley cáipéis faoi bhráid na bpáirtithe ag moladh go gcuirfí ceann le cainteanna arís go luath an bhliain seo chugainn.

Theastaigh comhaontú uilepháirtí uaithi faoi leagan amach agus struchtúr na gcainteanna sin. Cuireadh ina leith inter alia gur sheafóid a bhí ansin agus gur chonstaic a bhí ann a bheith ag iarraidh ar na páirtithe an struchtúr a dhearadh. Maíodh gur léiriú a bhí ann ar a héagumas féin agus gur náireach an mhaise di a bheith ag cur i gcéill go raibh sí ag tabhairt faoin obair a bhí riachtanach. Ag an nuacht-ócáid ba ghiorra a chonacthas le fada – 30 soicind a mhair sí – dúirt Sinn Féin go raibh drochmheas á léiriú ag rialtas na Breataine ar sciar mór den phobal abhus.

D’éiligh Sinn Féin, an SDLP agus Alliance go mbeadh cathaoirleach nó áisitheoir neamhspleách ar cibé cainteanna a bheadh ann amach anseo – má tharlaíonn a leithéid. Cé go raibh sé ráite ag Karen Bradley roimh ré nach ndiúltódh sí do chathaoirleach eachtrach, ní dhearna sí aon mholadh ina leith ag an gcruinniú. Bheadh doicheall ar an DUP agus ar an UUP roimh a leithéid, ach is é fírinne an scéil nach bhfuil muinín ar bith ag na páirtithe eile as Karen Bradley mar chathaoirleach.

Tá dhá chúis leis sin – smacht an DUP ar na Tóraithe agus laigí Bradley féin ó ceapadh ina Státrúnaí í.

D’ainneoin iarrachtaí an DUP an milleán ar fad a chur ar Shinn Féin, ní idir Sinn Féin agus an DUP amháin atá an caidreamh nimhiúil. Nuair a thit na cainteanna idir an DUP agus Sinn Féin as a chéile i mí Feabhra seo caite d’fhan Karen Bradley ina tost nuair ba chosúil gurbh iad an DUP a loic ar an bpróiseas. B’fhacthas do pháirtithe eile gur chruthúnas é sin nach bhféadfadh sí a bheith neamhspleách.

Díol suntais é chomh maith go ndeir sí ‘where appropriate’ gach uile uair a dhéanann sí tagairt d’aon chaint le rialtas na hÉireann – amhail is gur ghá leithscéal a dhéanamh faoi theagmháil a dhéanamh lena comhpháirtí i gconradh idirnáisiúnta. Cé leis a mbeadh an leithscéal sin á dhéanamh? Le Arlene Foster?

Sa tseachtain a raibh an DUP ag déanamh gaisce gurbh iadsan faoi ndear airgead breise do Thuaisceart Éireann a bheith geallta i mbuiséad Philip Hammond, is cosúil gur lú ná riamh an seans atá ann gur féidir Stormont a athnuachan sa ngearrthéarma, ná sa mheántéarma. Tá an DUP breá sásta lena n-údarás in Westminster – an tseachtain seo ar aon nós. I gcás Shinn Féin níl brú ar bith orthu ón gcosmhuintir a dhul ar ais go Stormont go dtí go bhfeicfidh siad cúpla gníomh eile den dráma. Tá impleachtaí tromchúiseacha ag an mBreatimeacht don pholaitíocht logánta, mar atá ag an toradh a bheidh ar an bhFiosrú Poiblí faoin RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite.

Sa mhullach ar na fadhbanna a bhí ann cheana faoi acht Gaeilge, pósadh comhghnéis, oidhreacht na dTrioblóidí agus mímhuinín na bpríomhpháirtithe as a chéile, tá tuilleadh fadhbanna curtha leis an liosta.

Tá na nósanna imeachta agus an córas riaracháin mífheidhmiúil in Stormont móide mímhuinín an phobail sa rialtas díláraithe le réiteach anois. Gan beart cinniúnach ón dá rialtas is deacair a shamhlú conas is féidir détente a chothú. Fiú má dhéantar an comhbheart sin beidh dúshláin mhóra fós le sárú.

Fág freagra ar 'Karen Bradley lag leithscéalach, na páirtithe ar buile agus an t-éadóchas forleathan'