Tá áthas an tsaoil ar thuismitheoirí Aoife McManus, cainteoir líofa Gaeilge a bhí sáinnithe san Afganastáin, go bhfuil Islamabad na Pacastáine bainte amach aici ar eitilt ó Kabul.
Ag labhairt do le Tuairisc.ie, dúirt a hathair, Ray Mac Mánais, gur faoiseamh an domhain dóibh é go bhfuil an Afganastáin fágtha aici agus gur chúis cheiliúrtha dóibh an méid sin. “Chuaigh sí ar bord an eitleáin aréir agus d’fhág siad aerfort Kabul le héirí na gréine, tráth go raibh cuirfiú na hoíche thart,” a dúirt sé. Turas uair an chloig a bhí i gceist.
Dúirt Ray Mac Mánais go bhfuil sé féin agus a bhean chéile Jenny fíorshásta agus ag ceiliúradh ach go bhfuil a “gcroíthe briste” i gcónaí mar gheall orthu siúd atá sáinnithe fós ansin agus a muintir atá ag fanacht orthu.
Tá thart ar thrí bliana caite ag Aoife McManus in Kabul, áit a raibh sí ag obair i réimse an oideachais. Tugadh gach duine den 27 a bhí ag obair léi slán ón chathair sin ar an eitleán céanna.
Tá sí ar dhuine de thriúr Éireannach ar éirigh leo aslonnú ón Afganastáin ag an tráth seo, a thug an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, le fios. Dúirt sé freisin go raibh Rialtas na hÉireann ag obair le comhghuaillithe ón Aontas Eorpach, ón Bhreatain agus as Meiriceá le tuilleadh de shaoránaigh na tíre seo a thabhairt abhaile.
Dúirt Ray Mac Mánais níos luaithe an tseachtain go raibh “imní mhór” ar an teaghlach faoi Aoife a bheith sáinnithe in Kabul agus í ag feitheamh ar eitleán le bealach éalaithe a thabhairt di.
Dúirt sé go raibh siad i dteagmháil “i rith an ama” le hAoife ar Whatsapp agus ar ghlaonna.
“Ní haon iontas ar bith é nach bhfuil mé féin ná Jenny ábalta codladh na hoíche a fháil agus ní bhfaighidh go dtí go mbeidh sí ar ais in Éirinn i ndáiríre,” a dúirt sé an uair sin.
Antóin
Dea-scéal gan amhras.
Má tá saoránaigh de chuid na tíre seo ag iarraidh an Afganastáin a fhágáil tá dualgas ar rialtas na tíre seo gach uile dhuine acu a thabhairt abhaile slán.