LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Jon Stewart i suíochán an stiúrthóra den chéad uair agus is maith ann é

Saothar mothúchánach, tuisceanach, daonna ar fiú go mór féachaint air atá in Rosewater, an chéad scannán ag an bhfear grinn Jon Stewart

Rosewater

I mí an Mheithimh 2009 bhí comhrac an bhradáin idir Mahmoud Ahmadinejad agus Mir-Hossein Mousavi d’Uachtaránacht na hIaráine. An oíche roimh an vótáil, dhein Jason Jones, tuairisceoir leis an Daily Show, agallamh seoigh le Maziar Bahari, iriseoir de bhunadh na hIaráine a bhí ag obair do Newsweek. Agallamh neafaiseach ab ea é inar luadh spiaireacht. Bhí go maith agus ní raibh go holc.

Tar éis na vótála ar an 12 Meitheamh, fógraíodh go raibh an sealbhóir oifige Ahmadinejad tar éis an svae a thabhairt leis le móramh mór. Cuireadh an lasair sa bharrach agus lucht leanta Mousavi ag maíomh go raibh cúbláil agus caimléireacht ar bun. Thosaigh agóidí agus círéibeanna le Bahari ina lár lena cheamara. Gabhadh Bahari ar an 21 Meitheamh agus le hagallamh seoigh Jones mar fhianaise, cuireadh spiaireacht ina leith. Coimeádadh Bahari i ngéibheann ar feadh 118 lá agus deineadh diancheistiú agus ciapadh air. I ndeireadh thiar thall, agus fothragadh idirnáisiúnta ag tabhairt náire d’údaráis na hIaráine, scaoileadh Bahari saor.

De réir tuairiscí, luigh na heachtraí seo go trom ar Jon Stewart, láithreoir an Daily Show agus spreagadh é le dul i mbun pinn le cuimhní cinn Bahari ar na heachtraí, Then They Came for Me, a chóiriú don scáileán. Is é a bhí ar an stiúir chomh maith. Táirge tathagach é seo a deineadh le dea-rún agus dea-mhéin. Is léir ón gcúlra agus ó na línte filíochta ag an tús (ón bhfile agus easaontóir Iaránach Ahmad Shmalu) cén léamh a bheidh ag Stewart ar na heachtraí. Lena cheart a thabhairt dó, is deacair éalú ón léiriú dubh agus bán, maith agus olc nuair is scéal faoi dhuine atá i ngéibheann go héagórach atá idir chamáin agat.

Carachtar geanúil, neamhurchóideach agus saghas saonta é Bahari (Bernal) a bhfuil traidisiún easaontach sa teaghlach aige agus go rabhthas ag faire air, dá réir, is dócha. Chaith a athair agus a dheirfiúr sealanna i ngéibheann agus tá an bheirt acu anois ar shlí na fírinne.

I dtosach an scannáin, tughtar éachtaint dúinn ar pholaitíocht na hIaráine agus déantar na hagóidí agus círéibeanna a lean an toghchán a léiriú go paiteanta, le húsáid a bhaint as saothar Bahari féin.

Is é an comhrac beirte idir Bahari agus a thógálaí, Javaidi (Bodnia), croílár an scannáin, áfach. Baisteann sé Rosewater air mar gheall ar an gcumhrán atá uaidh agus léirítear é mar dhuine cúngaigeanta, truamhéalach, aineolach.

In ainneoin na brúidiúlachta, tá míreanna grinn anseo agus sinn ag gáirí faoi aineolas Javaidi. Is minic níos mó eagla ar an maidrín lathaí seo ná ar a phríosiúnach ardléannta.

Léiríonn Bernal agus Bodnia a gcarachtair go héifeachtach agus súitear isteach sa choimhlint sinn.

Seo an chéad uair ag Stewart i suíochán an stiúrthóra agus tá an-chreidiúint ag dul dó as saothar chomh snasta a chur i dtoll a chéile. Ní leasc leis culaith ghaisce a tharraingt chuige féin ach oiread: iardhearcaidh á dteilgean ar fhuinneoga agus ballaí siopaí, grafaicí de na meáin shóisialta ar scáileán, mar aon le hathair agus deirfiúr Bahari á thaibhreamh dó.

Láithreoir é Stewart gur mór aige an sleais shearbhasach, shoiniciúil. Anseo, áfach, soláthraíonn sé táirge mothúchánach, tuisceanach, daonna ar fiú go mór féachaint air.

Rosewater

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Jon Stewart

Cliar: Gael García Bernal, Kim Bodnia, Dimitri Leonidas, Haluk Biligner, Shohreh Aghdashloo