‘Jóc, a bhí ann,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga, ‘ar chuala tú aon jóc cheana?’…

AG TOGÁIL CLAINNE: Léigh mé an lá cheana go mbíonn páistí ag gáire 300 uair sa ló is nach mbíonn daoine fásta ag gáire ach tuairim is 20 uair sa lá. Aoibhneas na hóige is cúis leis, is dócha. Nó pancóga, bromanna, leithris agus cac bó, seans

Pancake

‘Jokin!’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga liom agus phléasc sí amach ag gáire. Bhí a beirt comrádaithe lagaithe iad fhéin. ‘Ag ealaín a bhí mé, a Mhamaí, dháiríre.’

‘Ó!’ a dúirt mé.

‘Jóc, a bhí ann,’ a dúirt sí, ‘ar chuala tú aon jóc cheana?’

Bhí barúil agam go mb’fhéidir go raibh jóc nó dhó cloiste agam uair éicint, ach ní fhéadfainn a bheith cinnte. ‘Inseoidh mé ceann eile duit,’ a dúirt sí. ‘Ok,’ a dúirt mé agus mé faoi réir don chéad ionsaí eile.

‘Knock, knock,’ a dúirt sí. ‘Céard?’ a dúirt mé.

Lig sí osna mhór aisti. ‘Ní dheireann tú ‘céard,’ deireann tú ‘Who’s there?’

Chuimhnigh mé ar leabhar a cheannaigh m’athair dom, 101 Knock Knock Jokes. Cá ndeachaigh an leabhar sin? An raibh mo mháthair dáiríre nuair a dúirt sí go raibh sí ag gabháil á chaitheamh sa tine?

‘Knock, knock, a Mhamaí?’ a dúirt sí arís. ‘Ó sea,’ a dúirt mé agus mé ag díriú arís ar an ngnó a bhí romham. ‘Knock, knock,’ a dúirt mé.

‘Nach bhfuil mise théis an píosa sin a rá,’ a dúirt sí agus bhreathnaigh sí orm ar feadh píosa fada is níor dhúirt sí tada. D’airigh mé go raibh mé imithe isteach in aisling aisteach. Dála dreas grinn cáiliúil Abbott and Costello, Who’s On First? Ní raibh aon éalú uaithi ach imeacht timpeall agus timpeall i gciorcal go deo.

Who’s there?’ a dúirt mé sa deireadh thiar. Bhreathnaigh mé uirthi agus mé ag fanacht ar fhreagra. ‘Pancóg,’ a dúirt sí agus bís ina glór.

Léigh mé an lá cheana go mbíonn páistí ag gáire 300 uair sa ló is nach mbíonn daoine fásta ag gáire ach tuairim is 20 uair sa lá. Aoibhneas na hóige is cúis leis, is dócha. Nó pancóga, bromanna, leithris agus cac bó, seans.

‘Pancóg who?’ a dúirt mé. Tháinig an buille marfach. ‘Pancóg, cén fáth go bhfuil pancóg ar do chloigeann?  Ha hahaaaa!’ Bhí a beirt chomrádaithe tite ceart ag gáire nuair a chuala siad a chríoch.  Nílim baileach cinnte ar thuig mé an jóc i gceart.

‘Sin ceann maith!’ a dúirt an Cailín Mór Beag agus í lagaithe.

‘Mise, Mamaí, mise!’ a dúirt an Babaí. ‘Knock. Knock,’ a dúirt sé.

‘Who’s there?’ a dúirt mé.

Fág freagra ar '‘Jóc, a bhí ann,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga, ‘ar chuala tú aon jóc cheana?’…'